Oifig na gClár Corparáideach
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2024
Cé sinne
Tógann an Roinn cur chuige uile-chórais trí straitéisí comhordaithe agus comhtháite thar an oideachas. Bunaíodh Oifig an Chláir Chorparáidigh d’fhonn é sin a bhainistiú, agus leathnaíodh a ról chun maoirseacht a dhéanamh ar raon leathan de ghníomhaíochtaí laistigh den roinn agus laistigh den earnáil.
Ár ról
- maoirseacht straitéiseach a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm agus soláthar chuspóirí na roinne, go príomha trí chláir bhliantúla oibre agus trí thuairisciú ráithiúil ar dhul chun cinn
- tionscnaimh a bhainistiú, lena n-áirítear Seirbhísí Poiblí Níos Fearr 2030 agus straitéis nuálaíochta don earnáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
- freagairt na roinne a chomhordú maidir le riachtanais oideachais na leanaí atá ag teacht ón Úcráin agus leanaí a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu
An méid a dhéanaimid
- spreagaimid, forbraímid agus tacaímid leis an gclár oibre ardleibhéil don roinn tríd an gclár bliantúil oibre chun cabhrú le comhordú gníomhartha tosaíochta don roinn
- déanaimid maoirseacht ar chreat gnó pleanála na roinne a leagann amach na príomhchuspóirí, príomhspriocanna agus príomhaidhmeanna do gach rannóg don bhliain
- déanaimid bainistíocht ar aighneacht na roinne don Mheasúnú ar an bhFreagairt ar Covid-19
- táimid i gceannas ar ionchur na roinne maidir le Comhaontú Imirce agus Tearmainn an AE a chur i bhfeidhm
- tacaímid le Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga maidir lena bhfreagairt ar theacht leanaí agus daoine óga ón Úcráin agus iad siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu
Teagmháil
Corporate Programme Office
- Seoladh:
- Corporate Programme Office, Department of Education, Marlborough Street, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(0)1 889 6503