Polasaí YouTube - An Roinn Oideachas
- Foilsithe: 26 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Soláthar Foirne agus bunús postálacha
Tá cainéal YouTube na Roinne Oideachais á bhainistiú ag foireann in an taonad cumarsáide.
Inneachar
Má thugann tú cuairt ar ár gcainéal YouTube is féidir leat a bheith ag súil le hinneachar inár gcuid físeán ar nós:
- eolas ar obair na Roinne
- ábhar acmhainne
- imeachtaí
- inneachar eile a mheastar a bheith cuí
Nótaí tráchta ar YouTube agus polasaí modhnóireachta
De ghnáth bíonn nótaí tráchta éagumasaithe ar chainéal YouTube na Roinne Oideachais. Coinnímid an ceart nótaí tráchta a cheadú uaireanta. Is iad tuairimí daoine aonair atá sna nótaí tráchta a phostáiltear faoi fhíseáin agus ní chuirtear tuairimí an Rialtais in iúl leo. Ní ghlacaimid freagracht as inneachar nóta tráchta ar bith agus coinnímid an ceart nótaí tráchta a bhaint:
- ina bhfuil teanga ionsaitheach gháirsiúil mhínáireach nó teanga mhaslach nó ina bhfuil nasc chuig ábhar gáirsiúil nó ionsaitheach
- nach bhfuil aon bhaint ar bith acu leis an bhfíseán a postáladh
- ina bhfuil teanga ionsaitheach i leith duine
- atá ina thurscar nó a chuireann táirgí chun cinn nó a dhéanann fógraíocht orthu
- atá ceaptha chun a bheith ina gcrá chroí do riarthóir an chainéil nó d’úsáideoirí eile.
Príobháideachas agus Fianáin
Déanaimid físeáin ónár gcainéal oifigiúil YouTube a leabú trí úsáid a bhaint as modh YouTube atá feabhsaithe i dtaobh príobháideachais de. Fágann sé seo nach mbailítear féachaint ar fhíseáin leabaithe chun an t-eispéireas féachana a phearsanú. Ina áit sin, tá moltaí físeáin comhthéacsúil agus baineann siad leis an bhfíseán atá á sheinm faoi láthair. Bíodh a fhios agat, nuair a chliceálann tú amach as físeán leabaithe chuig suíomh eile, YouTube san áireamh, go bhfuil tú faoi réir pholasaí príobháideachais an tsuímh sin, in ionad polasaí s’againne. B'fhéidir gur mhaith leat athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí príobháideachais do gach láithreán a dtugann tú cuairt air.
Féach ar Pholasaí Príobháideachais YouTube le tuilleadh faisnéise a fháil.