English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Rannóg Párolla

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2025

Cuireann an Rannóg Párolla seirbhísí párolla ar fáil d’fhoirne teagaisc agus d’fhoirne neamhtheagaisc ag bunscoileanna, ag meánscoileanna deonacha agus ag scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Íoctar le pearsanra scortha tríd an tseirbhís seo freisin.


An tEolas is déanaí

De bharr Chinneadh an Rialtais ar bhainistíocht na héigeandála sláinte sna suíomhanna oideachais, tá cianobair ón mbaile curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais d’fhoireann na roinne. Clúdaíonn sé seo feidhmiú phárollaí foirne na scoileanna ar bhonn cianda.

Leanfaidh an roinn ag íoc tuarastal agus pinsean le foireann na scoileanna mar is gnách gach coicís.

Arrangements for the payment of salary/pension to staff paid by the Department of Education
COVID-19 payroll arrangements
Amharc amharc
Payroll Division Information Note
September 2021 Update
Amharc amharc

Cad a dhéanaimid

Comhordú agus riarachán a dhéanamh ar réimse seirbhísí párolla do na daoine seo a leanas:

  • múinteoirí bunscoile, meánscoile deonaí agus scoile pobail agus cuimsithí
  • cúntóirí riachtanas speisialta i mbunscoileanna, i meánscoileanna deonacha agus i scoileanna pobail agus cuimsitheacha
  • oifigigh chléireachais faoin scéim 1978 i mbunscoileanna agus i meánscoileanna deonacha
  • airígh atá fostaithe faoin scéim 1978 i mbunscoileanna
  • oibrithe cúram leanaí i mbunscoileanna
  • múinteoirí bunscoile, meánscoile deonaí agus scoile pobail agus cuimsithí atá scortha, lena n-áirítear céilí agus leanaí ball foirne atá éagtha
  • cúntóirí riachtanas speisialta, airígh agus oifigigh chléireachais atá scortha atá fostaithe faoin scéim 1978 agus oibrithe cúram leanaí atá scortha, lena n-áirítear céilí agus leanaí ball foirne atá éagtha.
  • bainistiú a dhéanamh ar asbhaintí reachtúla agus neamhreachtúla,
  • tuar a dhéanamh ar mheastacháin airgeadais do mhaoiniú leithdháiltí ceadaithe do bhaill foirne atá ar seirbhís nó ar scor a n-íoctar leo ar phárolla na Roinne agus faireachán a dhéanamh ar chaiteachas ar bhonn leanúnach.
  • tacú le seachadadh seirbhísí párolla trí phleanáil agus trí cheapadh beartais atá ar ardchaighdeán.

Rochtain a fháil ar sheirbhísí párolla agus ar fhaisnéis

Is féidir le baill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc i mbunscoileanna, meánscoileanna deonacha agus scoileanna pobail cuimsitheacha agus pearsanra ar scor rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi sheirbhísí párolla anseo.


Eolas Párolla Ginearálta

Tá eolas párolla ginearálta do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc agus le pearsanra scortha ar fáil anseo.


Teagmháil

Le haghaidh ceisteanna/iarratas maidir le do thuarastal nó mura bhfuil d’uimhir rolla scoile ar eolas agat – aimsigh í ach úsáid a bhaint as ár bhfeidhm Aimsigh Scoil.

Payroll Division

Seoladh:
Payroll Division, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
Achoimre:
Please provide your school roll number when contacting the Payroll Division to help us direct your enquiry to the correct staff member. If you don't know your school roll number, you can find it using our Find a School application.