English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Saoráil Faisnéise



Réamhrá

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán 1998 amach:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh ranna rialtais nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe san Acht
  • an ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta atá á sealbhú fúthu a cheartú nó a athrú chun dáta i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • an ceart chun cúiseanna a fháil le breitheanna a thugann comhlachtaí poiblí, i gcás go dtéann na breitheanna sin i bhfeidhm orthu.

Déantar idirdhealú san Acht idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta. Féadfaidh tú d’fhaisnéis phearsanta a rochtain fad is ann di go fóill, is cuma cén uair a cruthaíodh í. Ní fhéadfaidh tú faisnéis neamhphearsanta a rochtain ach amháin i gcás gur cruthaíodh í tar éis an 21 Aibreán 1998 (dáta tosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise).


An Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise

D’ullmhaigh an Roinn Oideachais Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise, rud ina gcuirtear raon faisnéise ar fáil faoin Roinn agus faoina cuid oibre.


Oibriú an chórais Saorála Faisnéise

Ceanglaítear leis an Acht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarrataí a fhaightear ón bpobal ar fhaisnéis a shealbhaíonn siad. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí an bhreith uathu maidir le hiarraidh a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh a fháil.

De réir an Achta, is ionann seachtain agus 5 lá as a chéile den tseachtain, gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a chur ar áireamh.

Ní chuirtear an Domhnach ar áireamh ach oiread toisc nach lá den tseachtain é.


Na taifid a fhéadfaidh tú a rochtain

Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh na Roinne, is cuma cén uair a cruthaíodh iad
  • gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (an 21 Aibreán 1998)
  • aon taifid a theastaíonn chun tuiscint a ghnóthú ar thaifead reatha, fiú amháin i gcás gur cruthaíodh iad roimh an 21 Aibreán 1998
  • taifid phearsanra ar bhaill foirne reatha a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 agus na taifid sin a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás go bhfuil siad á n-úsáid, nó go mbeartaítear iad a úsáid, ar mhodh a dhéanann dochar, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh, do leasanna an duine lena mbaineann

Chun gur féidir gnó an Rialtais a sheoladh go cuí, beidh sé riachtanach ó am go chéile cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna n-eisiúint in imthosca áirithe. Tá na díolúintí sin leagtha amach san Acht.

I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • cruinnithe den Rialtas
  • forfheidhmiú an dlí agus slándáil
  • faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh aige/aici)