English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Scoileanna Speisialta Ardtacaíochta, Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ) agus Scoileanna Coinneála Leanaí



Ionaid Ardtacaíochta agus Sainchúraim

Cuirtear cúram cónaithe do pháistí ar a dtugtar “as smacht” de réir dlí in Ionaid Ardtacaíochta agus Sainchúraim. Leis an téarma, tagraítear do pháistí atá i mbaol, agus ar gá cúram agus cosaint dóibh, agus óna dteastaíonn soláthar seirbhíse oideachais i dtimpeallacht shlán theiripeach. Bíonn na páistí seo idir 12 agus 17 bliain d’aois.

Mar chuid de chomhaontú idir An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus An Roinn Sláinte agus Leanaí in 1995, comhaontaíodh go mbeadh na húdaráis sláinte freagrach as an gcatagóir sin leanaí feasta. Tá sé mar fhreagracht ar an Roinn Oideachais soláthar seribhísí oideachais a chur ar fáil do na daoine óga sin, lena chinntiú go bhfuil sé sásúil agus go bhfreastalaítear ar a riachtanais, agus go ndéantar é sin sna ‘Scoileanna Speisialta Ardtacaíochta’ atá mar dhlúthchuid de na hIonaid Ardtacaíochta agus Sainchúraim.


An Cúram Ardtacaíochta

Cuirtear an Cúram Ardtacaíochta ar fáil do pháistí a bhfuil fadhbanna diana mothúcháin agus iompraíochta acu, nach féidir na deacrachtaí a léirítear iontu a shásamh san oideachas príomhshrutha. Soláthraítear tríd an tseirbhís tacaícht bhreise do na daoine óga sin, trí chóimheas íseal múinteoirí is daltaí agus trí leibhéil arda ionchur teiripeach. Dá mheastar é a bheith cuí, ceadaítear freastal ar scoileanna príomhshrutha do pháistí a chónaíonn sna haonaid sin.


Ionaid Sainchúraim

Is ionann Ionaid Sainchúraim agus ionaid shlána mar a gcónaíonn páistí a bhfuil orduithe sainchúraim ag baint leo nó ar páistí iad atá faoi ordú cúraim speisialta bronnta ag na cúirteanna. Leis na horduithe sin, ceadaítear don Bhord Sláinte srianta a chur ar shaoirse daoine óga ar mhaithe lena sábháilteacht agus lena leas. Ní bhronntar a leithéid seo d’orduithe ach amháin i gcásanna a meastar go bhfuil an-bhaol ann do shláinte, do shábháilteacht, d’fhorbairt nó do leas an pháiste dar leis an gCúirt.


Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ)

Soláthraítear áiseanna oideachais neamhchónaithe trí na Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ) do pháistí atá tar éis dul leis an ógchiontacht nó atá i mbaol dul leis an ógchiontacht. Is féidir dalta a atreorú chuig aon cheann de na scoileanna sin ag réimse foras nó ag an gcóras cúirteanna. Trí na Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg, cuirtear cóimheas níos ísle múinteoirí is daltaí agus plean aonair oideachais ar fáil do na páistí sin.


Scoileanna Coinneála Leanaí

Is é an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige é atá freagrach as na trí Scoil Coinneála Leanaí i mBhaile an Oibricigh, Lusca, Co. Átha Cliath, áit a gcuirtear spásanna coinneála ar fáil do na cúirteanna do chailíní suas go 18 bliain d’aois agus do bhuachaillí suas go 17 bliain d’aois dar odraíodh iad a athchur nó a chimiú ar chúiseanna coiriúla. Is é an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige é atá freagrach as gnéithe cúram leanaí faoi Acht na Leanaí, 2001.

Tá dhá ionad oideachais ar champas Bhaile an Oibricigh atá ag freastal don uile pháiste atá á choinneáil. Tá an fhreagracht as an soláthar oideachais faoi réim Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

Teagmháil

Seoladh: An Rannóg Oideachais, Scoileanna Speisialta Ardtacaíochta, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí. N37 X659

Fón: (090) 648 4152 / 4096

Féach freisin

Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig (SECÓ)