English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Seirbhísí Comhroinnte Párolla Ardoideachais (SCPAO)

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Márta 2024


Maidir le SCPAO

Is aonad gnó é Seirbhísí Gnó Comhroinnte Oideachais (SGCO) i Rannán Mór-Oibríochtaí na Roinne Oideachais. Bunaíodh an Lárionad SGCO chun roinnt d’oibríochtaí na Seirbhíse Comhroinnte atá le soláthar go díreach ag an Roinn faoina Plean Seirbhísí Comhroinnte a óstáil. Tá Seirbhísí Comhroinnte Párolla Ardoideachais (SCPAO) mar chuid den SCGO.

Cad is Seirbhís Chomhroinnte ann?

Baineann seirbhísí comhroinnte i gcoitinne le comhdhlúthú feidhmeanna riaracháin ar nós Párolla, AD, Airgeadas agus TF. Áirítear le spriocanna samhail seachadta seirbhísí comhroinnte cuidiú le héifeachtacht próisis a éascú, coigilteas costais a ghiniúint agus gníomhaíocht chúl-oifige a chomhdhlúthú chun deis a thabhairt d’eagraíochtaí acmhainní teoranta a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn lena bpríomhspriocanna eagraíochtúla.

Cruthúnas ar Choincheap Seirbhísí Comhroinnte Párolla Ardoideachais (SCPAO)

I mí an Mheithimh 2019, d’fhaomhaigh Bord Cláir na Seirbhísí Comhroinnte Ardoideachais tuarascáil ar chás gnó do thionscadal SCPAO. Tugadh faomhadh don tuarascáil seo faoi réir tabhairt chun críche na céime Cruthúnas Coincheapa (CC) chun an réiteach molta a thástáil agus a bhailíochtú. Aontaíodh go roghnófaí trí institiúid ar a laghad (ollscoil amháin, Institiúid Teicneolaíochta amháin agus coláiste amháin) don Chruthúnas Coincheapa seo, ceann amháin mar ionadaí ar gach fo-earnáil den Earnáil Ardoideachais. Má oibríonn an réiteach atá beartaithe don Chruthúnas Coincheapa, déanfar an réiteach seo a rolladh amach chuig gach institiúid eile san earnáil.

Is iad na trí Institiúid Cruthúnas Coincheapa:

Chuaigh SETU Port Láirge beo i mí Dheireadh Fómhair 2020

Chuaigh MIE beo i mí na Samhna 2020

Chuaigh UL beo i mí na Bealtaine 2023

Mar aon leis an CC, tá trí HEP bhreise aistrithe ag an bhfoireann HEPSS go dtí seirbhísí comhroinnte párolla ó 2021 i leith.

Chuaigh Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) beo i mí na Samhna 2021

Chuaigh Ceol Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM) beo i mí Dheireadh Fómhair 2022

Chuaigh Coláiste Náisiúnta Ealaíne (NCAD) is Deartha beo i mí Feabhra 2023

Tá trí HEI breise in ainm is a bheith ag aistriú go dtí seirbhísí comhroinnte párolla in 2023 agus in 2024.

Tá an fhoireann HEPSS ag oibriú leis na hOllscoileanna Teicneolaíochta chun a gcórais HR agus Párolla a thabhairt le chéile agus iad ag aistriú go dtí seirbhísí comhroinnte párolla.


Deasc Chabhrach SCPAO

Tá SCPAO á fheidhmiú ag na Seirbhísí Gnó Comhroinnte Oideachais (SGCO) sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar chuid den tseirbhís a thairgeann SCPAO beidh Foireann Deasc Chabhrach ann a chuideoidh le do Fhiosruithe Párolla Ábhartha.

Is féidir aon cheisteanna a bhaineann le do dhuillín pá a dhíriú chuig an fhoireann SCPAO ag HEPSS_Helpdesk@esbs.gov.ie.

Leantar le fiosruithe bainteach le AD (tuarastal, conarthaí, saoire) a láimhseáil ag leibhéal AD áitiúil.

Is iad uaireanta oscailte gnó d’fhiosruithe ríomhphoist ná Luan go hAoine idir 9am agus 5pm.

Tabhair aird:Baileofar ríomhphoist a fhaightear lasmuigh d’uaireanta oibre, ach ní dhéanfar aon rud fúthu go dtí an chéad lá oibre eile.

Beidh línte Gutháin SCPAO ar oscailt gach Déardaoin idir 9am agus 5pm más mian leat teagmháil a dhéanamh go díreach le ball den Fhoireann Deasc Chabhrach.

Is é an uimhir fóin ná 01-8896628


Doiciméid Treorach SCPAO

Treoir maidir le Rochtain ar an Tairseach Core
July 2024
Download link for Íoslódáil
Duillín Pá Mínithe Seirbhísí Chomhroinnte Párolla Ardoideachais (SCPAO)
Eanáir 2025
Amharc amharc
Párolla SCPAO
Download link for Íoslódáil

Ábhair Faisnéise SCPAO