Seirbhísí Corparáideacha
- Foilsithe: 25 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2021
Is seirbhís tacaíochta inmheánach iad Seirbhísí Corparáideacha a bhainistíonn acmhainní chun straitéisí na roinne a bhaint amach, a chinntíonn comhlíonadh roinnt oibleagáidí rialachais agus chun polasaithe, gnáthaimh agus torthaí corparáideacha a fheabhsú. Tá ról comhordaithe acu fosta i maoirseacht rialachais agus cuntasachta a chaighdeánú ar fud earnáil an oideachais.
Cad a dhéanaimid
Rannóg Rialachas Corparáideach:
- comhordaíonn feidhmiú cúrsaí rialachas corparáideach chun oibleagaidí reachtúla agus polasaithe na roinne a chomhlíonadh go héifeachtach
- cuireann pointe teagmhála ar fáil don Ombudsman agus don Ombudsman do Leanaí agus don Choimisinéir Teanga.
Rannóg Rialachas Rannóige:
- comhordaíonn agus forbraíonn polasaithe agus gnáthaimh le cuir chuige caighdeánaithe a fhorbairt i leith rialachas agus cuntasacht forais oideachais laistigh d'earnáil an oideachais.
Cóiríocht & Seirbhísí / Sláinte & Sábháilteacht:
- cuireann cóiríocht oifige agus fosheirbhísí ar fail ar fud oifigí na roinne. Cuireann chun cinn feasacht ar cheisteanna sláinte agus sábháilteachta agus tacaíonn le comhlíonadh riachtanais reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta.
Polasaí Soláthair agus Caiteachas Corparáideach:
- bainistíonn fo-mhírchinn shainiúla riaracháin chun riachtanais soláthar bainistíocht airgeadais agus iniúchóireachta AE agus náisiúnta a chomhlíonadh
- orbraíonn agus cuireann chun cinn dea-chleachtas soláthair sa roinn.
Seirbhísí do Chustaiméirí:
- tacaíonn le forbairt inlíon nua. Forbraíonn gnáthaimh agus polasaithe le seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí seachtracha, leigh níos mo
Teagmháil
Corporate Services
- Seoladh:
- Department of Education, Corporate Services, Marlborough Street, Dublin, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6400