English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Seirbhís Chomhroinnte Airgeadais na mBord Oideachais

Tá Seirbhís Chomhroinnte Airgeadais na mBord Oideachais agus Oiliúna mar chuid de na Seirbhísí Comhroinnte Gnó Oideachais (SCGO), agus tá sí lonnaithe in Ionad na Saoirse, Baile Bhlainséir.

Bunaíodh Tionscadal Airgeadais na mBord Oideachais agus Oiliúna chun próiseáil airgeadais a bhunathrú chun feabhais ar fud earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna. Is iad na príomhchuspóirí atá aige comhsheasmhacht, cruinneas, trédhearcacht agus cáilíocht sonraí níos fearr a chur leis na leabhair agus na taifid airgeadais de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tá comhdhlúthú feidhmeanna airgeadais isteach in ionad seirbhísí comhroinnte ag teacht le mór-Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, agus tugann sé ardán daingean ar ar féidir athruithe a chur chun feidhme ar aon dul leis an gcuspóir atá ag an Rialtas tuairisciú poiblí a nuachóiriú ar aon dul le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí.

Mar thoradh ar an obair a críochnaíodh go dtí seo:

  • Tá na Boird Oideachais agus Oiliúna uile ag oibriú ar chóras coiteann bainistíochta airgeadais;
  • Tá córas agus próiseas coiteann ‘ó Sholáthar go hÍoc’ i bhfeidhm sna Boird Oideachais agus Oiliúna uile;
  • Tá Deasc Chabhrach agus Oiliúint Láraithe ar fáil do gach ball foirne Boird Oideachais agus Oiliúna chun tacaíocht córas airgeadas a fháil;
  • Tá tuairisciú caighdeánach airgeadais ar bun do gach ceann de na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna;
  • D’aistrigh ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna próiseáil idirbheart airgeadais chuig Seirbhísí Comhroinnte.

An Deasc Chabhrach Airgeadais do na Boird Oideachais agus Oiliúna

Is féidir le húsáideoirí córais airgeadais a bhfuil ceisteanna rochtana nó treorach acu teagmháil a dhéanamh le deasc chabhrach Airgeadais SCGO trí ríomhphost a sheoladh chuig helpdeskconsolidation@esbs.gov.ienó trí ghlao a chur ar 01 889 2156.