English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Sonraí atá i Seilbh na Roinne

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 10 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2023

Sonraí atá á gCoimeád ag an Roinn

De ghnáth, tuigtear go seasann sonraí oscailte do shonraí atá i bhformáid oscailte ar féidir iad a úsáid, a athúsáid agus a chomhroinnt le duine ar bith go neamhshrianta chun críche ar bith. Rinneadh Treoir an AE 2019 um Shonraí Oscailte & Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí (Treoir um Shonraí Oscailte) a thrasuí i nDlí na hÉireann i mí Iúil 2021. Is é atá i gceist le sonraí a tháirgeann comhlachtaí na hearnála poiblí ná stór ollmhór, éagsúil agus luachmhar d’acmhainní a d’fhéadfadh tairbhe a dhéanamh don tsochaí. Má chuirtear na sonraí sin ar fáil i bhformáid leictreonach oscailte a úsáidtear go minic, tá saoránaigh agus eintitis dhlíthiúla in ann bealaí nua a aimsiú chun iad a úsáid agus táirgí agus seirbhísí nuálacha a chruthú.

Go dtí seo, tá an Roinn Oideachais tar éis a bheith an-réamhghníomhach chun staitisticí agus faisnéis eile a chur ar fáil don phobal agus táimid ag obair lena chinntiú go gcomhlíonaimid na hoibleagáidí uile faoin Treoir um Shonraí Oscailte.

Tá Plean Fhoilseachán um Shonraí Oscailte 2023 ar fáil chun féachaint air anseo

Aimsigh eolas faoi na príomhthacair shonraí atá á gcoimeád ag an Roinn, cén fáth a bhfuil siad á gcoimeád agus cad a n-úsáidtear iad dóibh

Aimsigh faisnéis agus déan rochtain ar na Sonraí Oscailte atá á gcoimeád ag an Roinn

Aimsigh faisnéis agus déan rochtain ar na Sonraí Oscailte atá á gcoimeád ag an Roinn


Iarratas a Dhéanamh ar Shonraí Faoin Treoir um Shonraí Oscailte

Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh ar shonraí faoin Treoir um Shonraí Oscailte. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar shonraí faoin Treoir, cuir isteach d’iarratas ar ríomhphost le do thoil mar seo a leanas:

  • Má tá d’iarratas don Roinn Oideachais, cuir ríomhphost le do thoil chuig opendata@education.gov.ie
  • Má tá d’iarratas don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, cuir ríomhphost le do thoil chug opendata@dfheris.gov.ie

I gcomhréir le Rialachán 6 de IR 376/2021, déileálfar le d’iarratas laistigh de 20 lá. Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir síneadh ama a chur leis an am a chuirtear freagra go dtí 40 lá más iarratas an-mhór nó cuimsitheach atá ann.

Is féidir le duine a dhéanann iarratas achomharc a chur isteach chuig an gCoimisinéir Faisnéise má dhiúltaítear iarratas ar athúsáid, go bhfuil costais i bhfeidhm le hathúsáid thuas cad atá ceadaithe faoin Treoir nó go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm ar an athúsáid. Tá na cinntí a dhéanann an Coimisinéir Faisnéise faoi cheangal.

Is féidir aon fhiosruithe a bhaineann lena bhfuil thuas a chur ar aghaidh go dtí an tOifigeach Idirchaidrimh um Shonraí Oscailte, Stephen McGrath, trí ríomhphost a chur chuig opendata@education.gov.ie