Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí
- Foilsithe: 23 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Leagan an Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí 2024-2026 de chuid na Roinne ár ngealltanas amach don tseirbhís is éifeachtúla, is proifisiúnta agus is cúirtéisí a sholáthar dár gcustaiméirí ar fad.
Oibríonn muid leis an tseirbhís do chustaiméir a bhíonn á soláthar againn a fheabhsú i gcónaí. Déanann muid é seo trí na 12 Treoirphrionsabal do Chaighdeán na Seirbhíse do Chustaiméirí a chur i bhfeidhm don tseirbhís phoiblí, aleagtar amach inár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí. Déanann muid monatóireacht ar ár bhfeidhmiú faoin straitéis seo.
Lenár ngealltanais a bhaint amach, tá forbairt déanta againn ar ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí agus árgCairt Chustaiméirí.
Ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí agus ár gCairt Chustaiméirí:
- eolas faoi chaighdeáin na seirbhíse do chustaiméirí atá leagtha amach ag an Roinn di féin agus an t-eolas sin a roinnt leis na custaiméirí. Déanfar measúnú agus tuairisciú ar an dul chun cinn i dtuarascáil bhliantúil na Roinne.
- cabhraíonn sé le foireann na Roinne an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís do chustaiméirí a aithint trína gcuid oibre, agus an tairbhe a bhaineann le caighdeáin iontacha seirbhíse do chustaiméirí a chur chun cinn a thuiscint.
Déanann an Chairt Chustaiméirí cur síos ar an leibhéal seirbhíse ar cheart dár gcuid custaiméirí a bheith ag súil leis ón Roinn Oideachais. Míníonn ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí an chaoi a bhfuil sé i gceist againn ár seirbhísí a sheachadadh.
Níl sé i gceist ag Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí ná ag Cairt Chustaiméirí na Roinne aon cheart nua dlí a chruthú dár gcuid custaiméirí.