Ár n-iar-bhunscoileanna a athoscailt
- Foilsithe: 27 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Feabhra 2024
- Ag filleadh ar scoil
- Comhairle Shláinte Poiblí do Scoileanna
- Tacú le Folláine Pobail Scoile agus na Scoileanna ag Athoscailt Treoir do Scoileanna
- Oiliúint agus acmhainní
- Treoirlínte agus nósanna imeachta breise
- Topaicí a ardaítear go minic
- Tuarascálacha agus eolas breise
Eolas do dhaltaí scoile agus dá muintir
Tá físeáin agus eolais atá cruthaithe againn le comhairle a chur ar thuismitheoirí agus páistí bunscoile agus iar-bhunscoile faoi dhul ar ais ar scoil ar an leathnach: Eolas do dhaltaí scoile agus dá muintir
Ag filleadh ar scoil
Treoir don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú
Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2022
Plean Freagartha COVID-19 le haghaidh Athoscáilt Shábháilte Inbhuanaithe Iar-bhunscoileanna
Filleadh ar Obair
Ní mór do bhaill foirne scoile an Foirm um Fhilleadh ar Obair a chomhlánú sula bhfillfidh siad ar an áit oibre.
Comhairle Shláinte Poiblí do Scoileanna
Le haghaidh treorach nuashonraithe a bhaineann go sonrach le suíomhanna oideachais tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) anseo
Litir ó Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte
Seimineár gréasáin do phríomhoidí
Comhairle d’fhoireann na scoile atá i ndlúth-theagmháil le COVID-19
Comhairle do phríomhoidí
Eolas ón HSE féach: A Parents guide to close contacts
Treoir maidir le cúram riospráide sna scoileanna do leanaí a bhfuil traicéastóime orthu agus a gcaithfear iad a shúchánú agus iad ar scoil
Gheofar comhairle ar shuíomh gréasáin HPSC (An tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte).
Cosán Tástála COVID-19 do Phobail Scoile - Ceisteanna coitianta do scoileanna
Ba é FSS a rinne an bhileao seo a fhorbairt do phríomhoidí scoile nó do dhuine teahmhála ainmnithe i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna:
Tacú le Folláine Pobail Scoile agus na Scoileanna ag Athoscailt Treoir do Scoileanna
Is gné bhunúsach de phlean foriomlán na Roinne ná folláine ár bpobail scoile a chur chun cinn d’fhonn filleadh rathúil ar an scoil a chinntiú agus muid fós i mbun bainistithe ar thionchar phaindéim Covid-19.
Táimid ag maireachtáil trí amanna eisceachtúla agus bíonn tionchar aige sin ar fholláine gach duine ar bhealaí éagsúla, ag amanna éagsúla. Bhí ábhar imní intuigthe ar dhaoine faoin mbaol dá sláinte choirp agus do shláinte a ngaolta agus thug na bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn dúshlán do scaipeadh an víris a smachtú, bearta amhail fanacht sa bhaile agus dúnadh scoileanna.
Is féidir leat an treoir iomlán ar fholláine do scoileanna a fheiceáil anseo
Soláthraíonn an An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (SCF) comhairle d'fhostaithe maidir le réimse saincheisteanna lena n-áirítear caisteanna folláine, dlí, airgeadais, méala, coimhlinte, eadráine srl. Soláthraíonn an SCF comhairle agus tacaíocht do bhainisteoirí chomh maith agus cuireann idirghabháil ar fáíl le cabhrú leo déileáil le saincheisteanna sláinte agus folláine san ionad oibre.
Oiliúint agus acmhainní
Chruthaigh an roinn raon ábhar oiliúna agus acmhainní le húsáid i scoileanna.
Tá comharthaíocht chun scoileanna a athoscailt ar fail anseo.
Treoirlínte agus nósanna imeachta breise
Eisíodh treoirlínte agus na nósanna imeachta chuig iar-bhunscoileanna le linn paindéime COVID-19.