English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Éigeandálaí Náisiúnta



Éigeandálaí Náisiúnta

In Éirinn, tá ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla freagrach as feidhmeanna sonracha pleanála éigeandála. I gcás éigeandáil mhór, ainmnítear an roinn nó an ghníomhaireacht is iomchuí mar ghníomhaireacht cheannais chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagra ar an éigeandáil.

I gcás éigeandáil náisiúnta is é an ról atá ag an Roinn Oideachais Faisnéis ón ngníomhaireacht cheannais a scaipeadh ar an earnáil oideachais agus faisnéis chuí maidir leis an earnáil oideachais a chur ar fáil don ghníomhaireacht cheannais.


Scoil a dhúnadh i gcás éigeandála

Tá sé de dhualgas ar údarás bainistíochta na scoile cinneadh a dhéanamh maidir leis an scoil a dhúnadh. Déantar aon chinneadh ar scoil a dhúnadh ar mhaithe le sábháilteacht na leanaí, tar éis na rioscaí áitiúla a mheas agus dul i gcomhairle, mar is cuí, le hoibreoirí iompair scoile.


Sláinte Poiblí

COVID-19

Item was unpublished or removed

Eolas do scoileanna agus réamhscoileanna:

Clár Vacsaínithe Scoile 2019/2020

Thug Oifig Náisiúnta Imdhíonta FSS NIO cóipeanna de Vacsaíní chun do leanbh HPV, MenACWY agus Tdap a chosaint do thuismitheoirí leanaí ag tosú ar an meánscoil in 2019 do bhunscoileanna. Tabhair bileog do gach páiste atá ag tosú sa mheánscoil le do thoil. Má tá cóipeanna breise ag teastáil seol ríomhphost chuig immunisation@hse.ie nó íoslódáil cóipeanna ó láithreán gréasáin NIO www.immunisation.ie

An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte

Féach Freisin


Scoileanna agus Aimsir Chrua

Lean @Education_Ire le haghaidh an fhaisnéis is déanaí

Eachtraí de thairbhe na Drochaimsire

Má dhéantar dochar don scoil mar gheall ar dhrochaimsir, ní mór d’údaráis na scoile teagmháil a dhéanamh lena soláthraithe árachais lom láithreach. Má dhearbhaíonn do sholáthraí árachais nach gclúdaíonn siad an damáiste nó má tá do scoil clúdaithe ag Slánaíocht an Stáit, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le maoiniú na Scéime Oibreacha Éigeandála. Seo a leanas na sonraí teagmhála:

Fón: Deirdre Bane on (057) 9324442 / Evelyn Lynam on (057) 9324348

Ríomhphost: emergency_works@education.gov.ie

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfaomhfar maoiniú Oibreacha Éigeandála go cúlghabhálach seachas nuair atá fógra tugtha don Roinn roimh ré. Mura féidir leat dul i dteagmháil lenár bhfoireann ar an bhfón, déan cinnte de, le do thoil, go seolann tú na sonraí seo a leanas ach ríomhphost a chur chuig emergency_works@education.gov.ie:

  • ainm, Seoladh agus Uimhir Rolla na Scoile
  • cur síos gairid ar an dochar a rinneadh agus ar na hoibreacha cóirithe atá riachtanach
  • meastachán ar chostais na n-oibreacha (cuirtear i gcuimhne do scoileanna trí mheastachán a fháil maidir leis seo)

Gaolmhara


Teagmháil

Schools Financial and Database Section

Seoladh:
Department of Education, Schools Financial and Database Section, Cornamaddy, Athlone, Co Westmeath, N37 X659
Teileafón:
(090) 648 3990;
(090) 648 4286;
(090) 648 3668