Úsáid laghdaithe laethanta scoile
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2025
Is é cuspóir na dTreoirlínte seo soiléire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí maidir le húsáid laethanta laghdaithe i scoileanna, chun a chinntiú go bhfuil an cleachtas teoranta do na cúinsí sin amháin ina bhfuil sé géarghá leo agus, má tharlaíonn a leithéid d’úsáid, go leanann scoileanna an cleachtas is fearr agus leasanna an dalta mar thosaíocht. Leagtar amach sna treoirlínte freisin an próiseas do scoileanna chun úsáid laethanta scoile laghdaithe a chur in iúl do Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS)