English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

A bhfuil le hinsint ag cigireachtaí dúinn faoi chleachtais mheasúnaithe in iar-bhunscoileanna



Réamhra

Tá athruithe suntasacha tagtha ar thírdhreach an churaclaim agus an mheasúnaithe in iar-bhunscoileanna in Éirinn le blianta beaga anuas. Cothaíodh comhthéacs ina bhfuil plé níos forleithne á dhéanamh ar an measúnú le tabhairt isteach an Creat don tSraith Shóisearach ( 1) in 2015, leis na dúshláin a bhain le measúnú seachtrach le haghaidh deimhnithe a tharla le linn phaindéim Covid-19 agus, le déanaí, leis an gclár athfhorbartha don tsraith shinsearach.

Is minic a bhaineann an dioscúrsa leis an dá imeacht shuntasacha measúnaithe, an tSraith Shóisearach agus an Ardteistiméireacht, atá ag croí eispéireas oideachais na scoláirí iar-bhunscoile. Ag croílár na hArdteistiméireachta tá an creidiúnú ar ghnóthachtáil san fhoghlaim ag deireadh na scolaíochta foirmiúla. Is é is mó ar a tharraingítear aird, áfach, ná an úsáid a bhaineann soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais as mar mheán roghnúcháin. Sna hathruithe atá le teacht le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí, áirítear gealltanas Comhpháirteanna Measúnaithe Breise (CMBanna) a chur san áireamh do gach sonraíocht ábhair nua agus athfhorbartha. Tugtar deis leis seo leas a bhaint as an dea-chleachtas measúnaithe atá ann cheana féin agus cuir chuige mheasúnaithe a leathnú i gcleachtas ranga na múinteoirí.

Tá baint ag dearcthaí i leith na foghlama le hathrú ar thuairimí i leith an mheasúnaithe agus tá méadú ag teacht ar an tábhacht a leagtar ar mheasúnú a dhéanamh ar fhoghlaim an scoláire ar bhonn leanúnach sa seomra ranga. I ngnáthshaol scoileanna, agus múinteoirí ag breathnú agus ag idirghníomhú le scoláirí tríd an úsáid a bhaineann siad as cleachtais mheasúnaithe fhoirmitheacha agus shuimitheacha, is féidir leo bonn fianaise saibhir d'fhoghlaim an scoláire a bhailiú.

Tuigtear gur 'próiseas leanúnach é an measúnú chun fianaise a bhailiú a léireoidh a bhfuil ar eolas ag scoláirí, a dtuigeann siad agus ar féidir leo a dhéanamh' ( 2). Dá bhrí sin, ní mór le measúnú aghaidh a thabhairt ar an bpróiseas foghlama mar aon leis na torthaí ( 3). Molann Newton (2007) 'gurb í saintréith an mheasúnaithe shuimithigh ná go dtarlaíonn sé tar éis na foghlama, murab ionann agus measúnú foirmitheach a tharlaíonn le linn na foghlama chun í a fheabhsú'(4). Cé go léirítear leis an gcur chuige seo feidhmeanna sainiúla agus ar leithligh den mheasúnú foirmitheach agus suimitheach, maíonn daoine eile, lena n-áirítear Black (1998), gur ‘dhá cheann den speictream iad gan aon difríocht shuntasach eatarthu’ ( 5).

Leis an tábhacht a bhaineann le measúnú leanúnach chun tacú leis an teagasc, leis an bhfoghlaim, leis an measúnú agus leis an bpleanáil mar atá leagtha amach sa Creat don tSraith Shóisearach, leagtar béim ar chomhtháthú breise an mheasúnaithe fhoirmithigh mar ghnáthchuid den teagasc agus den fhoghlaim sna seomraí ranga.

Trí thuiscintí ar an measúnú a athrú, spreagtar cleachtais de chineál eile ag múinteoirí, agus eispéiris agus torthaí foghlaimeora éagsúla. I dtaobh chleachtas na múinteoirí, ciallaíonn sé seo go ndéantar an measúnú a réamhphleanáil mar chuid den ullmhúchán don teagasc agus don fhoghlaim. Nuair a dhéantar machnamh ar an gcaoi a mbeifear ag súil go léireoidh an scoláire a chuid foghlama, tacaítear le heispéiris foghlaimeora atá níos éifeachtaí agus níos fiúntaí a sholáthar. Eascaítear aithint agus roinnt intinní foghlama agus critéir ratha le scoláirí. Tugtar spreagadh agus cuspóir don aiseolas do scoláirí, lena dtacaítear leis an gcumas féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe. Go sunatasach, spreagtar mothú úinéireachta agus freagrachta na scoláirí leis an taithí mheasúnaithe seo maidir lena gcuid foghlama féin agus le forbairt gníomhúcháin scoláirí. Tugtar dreasacht d'úsáid raon cineálacha measúnaithe agus don difreáil sna cuir chuige teagaisc ar bhealaí lena bhfreastalaítear ar láidreachtaí agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí le úsáid an mheasúnaithe chun críocha múnlaitheacha.


An comhthéacs polsaí d’athruithe ar chleachtais mheasúnaithe

Cuirtear bonn ar fáil d'iar-bhunscoileanna leis an Creat don tSraith Shóisearach 2015, cláir oideachais ionchuimsitheacha, ábhartha ardchaighdeáin a phleanáil lena mbaineann eispéiris foghlama níos fearr do gach scoláire, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ba i réimse an mheasúnaithe a bhí an t-athrú ba shuntasaí a tugadh isteach leis an Creat don tSraith Shóisearach 2015. Ceadaítear leis bealaí nua foghlama agus réimse níos leithne scileanna le measúnú a dhéanamh orthu. Tá dhá chur chuige ann anois maidir le hábhair a mheas ( 6), an measúnú leanúnach rangbhunaithe agus an scrúdú deiridh, a ndéantar measúnú seachtrach air, agus é deimhnithe ag an stát.

Tá sé tábhachtach go bhféachfaí ar an obair a bhaineann leis na measúnuithe rangbhunaithe mar chuid lárnach den mheasúnú leanúnach agus den ghnáthchleachtas sa seomra ranga ( 7). Rianaítear cuspóir na n-athruithe ar ról an mheasúnaithe sa tsraith shóisearach i ráiteas an Chreata ‘gur chóir go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ag gach measúnú sa tsraith shóisearach, foirmitheach nó suimitheach, ag am faoi leith nó leanúnach, deartha ag an CSS ( 8), ag an CNCM, nó múinteoir deartha, tacaíocht a thabhairt d'fhoghlaim an scoláire’ ( 9).

Tá an fhealsúnacht atá mar bhunús leis na cuir chuige mheasúnaithe a chuirtear chun cinn sa Creat don tSraith Shóisearach ag croílár athfhorbairt leanúnach na sraithe sinsearaí freisin. Samhlaítear Comhpháirt Mheasúnaithe Bhreise (CMB) a chur san áireamh sna hábhair sa tsraith shinsearach mar fhreagra amháin ar ghlaonna leanúnacha ó scoláirí, ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí d’athrú ag an gcéim dheireanach seo den oideachas iar-bhunscoile. Tugtar aghaidh le CMB ar an ngá atá le níos mó éagsúlachta sna cuir chuige measúnaithe, dáileadh níos leithne den ualach oibre measúnaithe thar an dá bhliain, maolú ar an mbrú a thagann le haon mhórscrúdú amháin agus feabhas a chur ar naisc idir an tsraith shinsearach agus an Creat don tSraith Shóisearach ( 10).


Cinntí na meastóireachtaí

Léirítear san anailís ar thuairiscí ar chigireachtaí de chineálacha éagsúla a rinneadh in iar-bhunscoileanna idir an 1 Meán Fómhair 2022 agus an 31 Nollaig 2023 go bhfuil cleachtais mheasúnaithe ag athrú. Tagann fianaise ar na torthaí sna tuairiscí seo ó réimse foinsí, lena n-áirítear breathnóireachtaí ranga, agallaimh le múinteoirí agus ceannairí scoile, agus plé fócasghrúpaí le scoláirí.

A bhfuil le hinsint ag torthaí na meastóireachtaí dúinn faoi mheasúnuithe rang-bhunaithe (MRBanna)

Bhí tromlach na múinteoirí agus na scoláirí dearfach maidir lena dtaithí ar MRBanna. Aithníodh gur tugadh deis le MRBanna forbairt a dhearbhú in inniúlachtaí nach ndéantar measúnú orthu i scrúduithe ceann chúrsa traidisiúnta. Leag na scoláirí béim ar an tionchar dearfach a bhí ag MRBanna ar a gcuid scileanna taighde agus cur i láthair, agus ar an gcaoi ar thacaigh obair ar MRBanna lena bhforbairt mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha. Bhí an pointe deireanach seo ag teacht le tuairimí na múinteoirí gur cothaíodh deiseanna maithe i dtaca le machnamh scoláirí agus aiseolas piaraí le MRBanna. Tugann na torthaí seo le fios go bhfuil feasacht mhéadaitheach ann maidir le luach an mheasúnaithe fhoirmithigh i scoileanna ina n-úsáidtear MRBanna ar an mbealach is éifeachtaí.

Thug cigirí faoi deara sna cásanna inar baineadh an úsáid ab éifeachtaí as MRBanna, go ndearnadh iad a chomhtháthú mar chuid de ghnáthphróisis teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe. Rinneadh cur síos ar thionchar dearfach a leithéid de chur chuige ar fhoghlaim agus ar fhorbairt na scoláirí sa tráchtaireacht seo a leanas as tuairisc mheastóireachta scoile uile:

“Gné thar a bheith suntasach de chleachtas múinteoirí i réimse ceachtanna a breathnaíodh ná an bealach inar cuimsíodh guth an scoláire mar chuid de chleachtas foirmitheach measúnaithe. Áit ar oibrigh sé seo go han-mhaith, léirigh múinteoirí an obair, d'úsáid siad obair na scoláirí mar eiseamláirí, bhí ionchas acu go gcuirfeadh na scoláirí aiseolas cuiditheach, criticiúil ar fáil, agus thug siad aiseolas ó bhéal láithreach do scoláirí faoina gcuid oibre. Bhí na cleachtais seo éifeachtach d’fhonn tuiscint scoláirí a fhorbairt ar chaighdeán sna hábhair ábhartha, rud a thug deis dóibh a bheith freagrach as a gcuid foghlama féin agus athléimneach agus iad ag freagairt do léirmheastóireacht chuiditheach ar thorthaí na foghlama sin."

D’aithin cigirí réimsí le feabhsú maidir le MRBanna chomh maith. Bíonn dhá shaincheist le feiceáil go minic i dtuairiscí cigireachta. Baineann an chéad cheann acu seo le sceidealú MRBanna i bhféilire na scoile. Ba mhinic a thug cigirí faoi deara go raibh MRBanna in ábhair éagsúla sceidealta ar feadh tréimhse ghearr ama sa scoilbhliain. Sna cásanna seo, thuairiscigh múinteoirí agus scoláirí araon go raibh leibhéil mhéadaithe struis ann do scoláirí mar gheall ar líon na measúnuithe a bhí ag teacht le chéile. Ní raibh an treoir ón Roinn Oideachais i bhfeidhm ag an-chuid scoileanna, áit a mbítear ag súil MRBanna a úsáid in ionad scrúduithe eile, dála scrúduithe tí. Chuir na socruithe ( 11) sna scoileanna seo go mór leis na héilimh mheasúnaithe ar scoláirí agus ar mhúinteoirí.

Ba é an dara réimse a bhí le feiceáil go minic i dtuairiscí cigireachta ná an gá le hobair ar MRBanna a nascadh leis an teagasc agus an fhoghlaim laethúil san ábhar. I gcásanna áirithe, níorbh ionann in aon chor na hinniúlachtaí a bhí ag teastáil chun obair a dhéanamh ar an MRB agus iad siúd a mbítear ag súil leo de ghnáth, ná mar a bhí á bhforbairt ag scoláirí ina ngnáth-thaithí scoile. Thuairiscigh roinnt scoláirí gurb é an MRB an chéad taithí a bhí acu ar obair neamhspleách agus cinntí a dhéanamh faoina gcuid foghlama féin. I gcásanna áirithe, dúirt scoláirí nár cuireadh an tuairiscín a bronnadh don MRB in iúl dóibh. Bhí tionchar diúltach ag an easpa aiseolais ar rannpháirtíocht na scoláirí sa phróiseas. Cé go bhféadfadh roinnt fachtóirí éagsúla a bheith taobh thiar de seo, baintear ó phríomhchuspóir an phróisis MRB nuair a bhíonn an cás amhlaidh. Ba cheart le MRBanna 'aiseolas forbartha a éascú do scoláirí le linn a rannpháirtíochta leis an tasc measúnaithe agus ag deireadh an phróisis’ ( 12).

Léirítear an dúshlán a bhaineann le meascán éifeachtach de chleachtais mheasúnaithe fhoirmitheacha agus shuimitheacha a úsáid le tráchtaireacht na gcigirí ar an dá shaincheist seo. Cé go raibh sé i gceist go mbeadh MRBanna ina n-eiseamláirí de mheasúnú foirmitheach, ba mhinic iad á gcur i láthair agus á reáchtáil mar imeachtaí scoite, suimitheacha, agus gan baint acu leis an ngnáthphróiseas teagaisc agus foghlama. Tagann an tráchtaireacht i dtuairiscí cigireachta leis na torthaí go dtí seo ar an staidéar fadtréimhseach a choimisiúnaigh an CNCM ar thabhairt isteach an Creat don tSraith Shóisearach, inar tugadh faoi deara i dtaobh na MRBanna "gur cosúil nach bhfuarthas an taithí a samhlaíodh leo.” ( 13) Chun é sin a bhaint amach, ní mór cuir chuige an mheasúnaithe fhoirmithigh, atá mar ghné de MRBanna, a bheith mar chuid de ghnátheispéiris an fhoghlaimeora. Chiallódh sé sin go mbreathnófaí ar MRBanna mar dhlúthchuid den teagasc agus den fhoghlaim, seachas mar ghné scoite ó phatrúin aithnidiúla an teagaisc agus na foghlama.

Torthaí cigireachta maidir le húsáid intinní foghlama agus critéir ratha

Soláthraítear príomhphointí tagartha don mheasúnú leis na hintinní foghlama agus critéir ratha. Tuigtear intinn foghlama i gcoitinne mar:

“ráiteas, cruthaithe ag an múinteoir, ina ndéantar cur síos soiléir ar na rudaí ar mhaith leis an múinteoir a bheith ar eolas ag na scoláirí, go dtuigfidís, agus go mbeidís in ann a dhéanamh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc...Bíonn intinní foghlama nasctha i gcónaí le toradh foghlama amháin nó níos mó sa tsonraíocht.” ( 14)

Tá critéir ratha nasctha le hintinní foghlama. Is é an múinteoir agus an scoláire a fhorbraíonn iad agus déantar cur síos iontu ar an gcaoi a bhféadfaí gnóthachtáil rathúil na n-intinní foghlama a léiriú.

I réimse comhthéacsanna foghlama trasna na sraithe sóisearaí agus na sraithe sinsearaí, rinne cigirí trácht dearfach ar úsáid intinní foghlama agus ar chomhroinnt intinní foghlama leis an scoláire. Thug siad faoi deara gur thug comhroinnt intinní foghlama soiléireacht do mhúinteoirí agus do scoláirí maidir le cuspóir eispéireas an fhoghlaimeora. Nuair a roinntear intinní foghlama leis an scoláire, tacaítear le cumas machnaimh an scoláire maidir lena bhfoghlaim agus lena bhfeabhsú féin. Rinneadh cur síos ar úsáid éifeachtach intinní foghlama sa sliocht seo a leanas as tuairisc chigireachta.

“Cuireadh intinní foghlama an-éifeachtach i láthair ag tús na gceachtanna go léir... Tógadh an t-am chun na hintinní a phlé agus rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn. I ngach ceacht, leis na hintinní foghlama cuireadh ar chumas na scoláirí tuiscint a fháil ar na scileanna ar chóir iad a fhorbairt agus ar cad ba cheart dóibh a thuiscint nó a bheith in ann a dhéanamh faoi dheireadh an cheachta.”

Tarraingíodh aird go minic i dtuairiscí cigireachta sa chuid ba mhó de na hábhair, ar an scóip a bhí ann úsáid ní b’éifeachtaí a bhaint as critéir ratha. Tá dlúthbhaint ag úsáid na gcritéar ratha - ar cheart dóibh a leagan amach go soiléir do scoláirí a bhfuiltear ag súil leis sna tascanna foghlama agus measúnaithe - le haiseolas fiúntach a sholáthar agus le mothú freagrachta as an bhfoghlaim agus úinéireacht ar an bhfoghlaim a fhorbairt. Bhí an moladh seo a leanas tipiciúil de mholtaí a rinneadh i dtuairiscí cigireachta thar raon ábhar:

“Ag tógáil ar ... dea-chleachtas, ba cheart do gach múinteoir machnamh a dhéanamh ar chritéir ratha a úsáid chun aiseolas foirmitheach a chumadh agus chun tacú le scoláirí bearnaí san fhoghlaim a aithint.”

Aithníodh an tábhacht a bhaineann le critéir ratha le haghaidh measúnú foirmitheach éifeachtach sa sliocht seo a leanas as tuairisc chigireachta agus tugadh faoi deara ann an gá atá le critéir ratha a ailíniú níos mó le hintinní foghlama a cheap na múinteoirí chomh maith le torthaí foghlama shonraíocht an churaclaim:

“Ba cheart an phríomhfhoghlaim atá le baint amach i ngach aonad oibre a shainiú go soiléir agus a nascadh le sraith theoranta torthaí foghlama; Ba cheart tascanna sonracha measúnaithe a dhearadh do dheireadh gach aonaid, le critéir ratha chomhroinnte nasctha le measúnú múnlaitheach ar an bpríomhfhoghlaim don aonad.”

Is léir an scóip atá ann tuilleadh forbartha a dhéanamh sa réimse seo de mheasúnú na sraithe sóisearaí, i bhfianaise na dtorthaí sa tuarascáil is déanaí ón gClár um Measúnú Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA). In ainneoin roinnt torthaí agus feabhsuithe an-dearfach i seasamh coibhneasta na hÉireann go hidirnáisiúnta, fuarthas amach i PISA freisin go raibh fadhbanna ag céatadán ní b’airde de scoláirí na hÉireann iad féin a spreagadh chun obair scoile a dhéanamh ná a bpiaraí idirnáisiúnta le linn phaindéim Covid-19 ( 15). D'fhéadfadh tuiscint níos fearr ar úinéireacht a gcuid oibre trí thuiscint níos fearr a fháil ar conas an obair sin a fhorbairt agus a fheabhsú, ról a imirt i dtaca le feabhas a chur ar seo. Cé nach é an tsoiléireacht a chuirtear ar fáil trí úsáid éifeachtach a bhaint as critéir ratha an t-aon bhealach trína bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an réimse seo, is cinnte gur cuid thábhachtach den dea-chleachtas é.

A bhfuil le hinsint ag cigireachtaí dúinn maidir le haiseolas do scoláirí

Mar phríomhghné den mheasúnú foirmitheach, tacaítear le scoláirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den fhoghlaim a dteastaíonn tuilleadh airde orthu le haiseolas ardchaighdeáin ó mhúinteoirí. Trí aiseolas a thabhairt agus a fháil, déantar múinteoirí a chumasú chun machnamh a dhéanamh ar ghnéithe dá gcleachtas féin chun na hathruithe riachtanacha a dhéanamh chun bonn eolais a chur faoi threo na foghlama agus an teagaisc agus chun tacú leo.

Déantar cur síos sa sliocht seo a leanas as tuairisc chigireachta ar chleachtais a bhaineann le soláthar éifeachtach aiseolais mar a breathnaíodh é le linn cigireachta. Leanadh an sliocht le moladh go nglacfaí leis na cuir chuige seo ar bhonn ní ba fhorleithne sa scoil.

“Chuir measúnú rialta ar fhoghlaim na scoláirí le linn na gceachtanna ar chumas múinteoirí an fhoghlaim a chur in oiriúint lena chinntiú gurbh fhearr a d'oirfeadh sé do riachtanais an scoláire. Breathnaíodh ar úsáid an-éifeachtach á baint as piarmheasúnú d'fhonn aiseolas foirmitheach a sholáthar i líon beag ceachtanna. Sna ceachtanna seo, chuir na múinteoirí critéir shoiléire ratha ar fáil. D'úsáid na scoláirí iad sin ansin chun obair a bpiaraí a mheas agus aiseolas foirmitheach chun feabhais a thabhairt dá chéile. Léiríodh fianaise mhaith ar mhonatóireacht múinteoirí ar obair na scoláirí sa chuid ba mhó de na ceachtanna san athbhreithniú ar chóipleabhair na scoláirí. Bhí an fócas reatha ar mharcáil tráchta chun feabhais amháin le feiceáil in go leor ceachtanna, inar chuir múinteoirí tuairimí múnlaitheacha scríofa ar fáil chun cur ar chumas na scoláirí dul i bhfeabhas.”

I roinnt tuairiscí, tugadh faoi deara freisin scóip i dtaca le raon ní ba leithne modhanna aiseolais a bheith ann. I gcásanna áirithe, thuairiscigh cigirí go raibh uchtú na dteicneolaíochtaí digiteacha an-éifeachtach chun tacú le haiseolas. Tá sé seo le feiceáil sna sleachta seo a leanas as dhá thuairisc chigireachta ar leith.

“Breathnaíodh ar úsáid den scoth á baint as teicneolaíochtaí digiteacha in aon cheacht amháin go háirithe. Is éard a bhí i gceist leis seo ná fístaifeadadh a dhéanamh ar léirithe a chéile ag baint úsáid as gléas táibléid agus anailís a dhéanamh ar theicníc ráibrása agus athruithe bata le linn ceacht um ráibrás sealaíochta. Ba léir gur chabhraigh sé seo go mór lena gcuid tuisceana agus foghlama.”

“Bhí aiseolas cuiditheach, forbartha á chur ar fáil ... Mhúnlaigh múinteoirí an próiseas scríbhneoireachta trí úsáid a bhaint as obair an chláir bháin agus as an teicneolaíocht dhigiteach. Múineadh do scoláirí conas tascanna scríbhneoireachta leathnaithe a chur isteach ar ardán na scoile ar líne trí úsáid a bhaint as ríomhairí glúine sa seomra ranga nó sa bhaile. Fuair siad aiseolas ar a gcuid scríbhneoireachta go digiteach agus d'fhéadfaidís an t-aiseolas sin a fháil chun tacú le hathdhréachtú ag am níos déanaí. Deir an roinn go bhfuil an cleachtas seo á leathnú acu anois chuig scríbhneoireacht na sraithe sinsearaí agus go bhfuil tionchar an-tairbheach aige sin ar thorthaí.”

Sna scoileanna seo, is léir go raibh múinteoirí ag baint úsáid as cuir chuige nuálacha, an-éifeachtach chun an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid ar bhealach a chuir ní hamháin lena gcumas aiseolas a chur in iúl do scoláirí ar bhealaí cuí, ach a d'fhéadfadh tacú le bainistíocht níos fearr ar a n-ualach oibre measúnaithe.

A bhfuil le hinsint ag tuairiscí cigireachta dúinn faoin bpróiseas athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ)

Rinneadh dearbhú ar an gcleachtas seo i dtuairiscí cigireachta inar leagadh béim ar chomhoibriú múinteoirí agus tascanna measúnaithe á ndearadh acu agus de ghnáth moladh iontu go leathnófaí é ar fud na scoile. Fuarthas amach sna cigireachtaí go raibh dearadh comhoibríoch na dtascanna measúnaithe mar mhodh forbartha gairmiúla do mhúinteoirí maidir le litearthacht mheasúnaithe. Cabhraigh sé seo freisin chun cleachtas múinteoirí a bheachtú maidir le hoiriúnacht na dtascanna a mheas, ag déanamh cinnte de go raibh siad ailínithe go dlúth leis an bhfoghlaim a bhí ar siúl, agus a mhéid is a tugadh tacaíocht d’ionchuimsiú agus don phríomhaiseolas a bhí le roinnt leis na scoláirí leis na tascanna.

Samhail shonrach comhoibrithe amháin a n-éilítear leis an Creat don tSraith Shóisearach is ea an próiseas athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair (AFMÁ). Ní mór do mhúinteoirí a bhfuil a ranganna ag gabháil do MRBanna páirt a ghlacadh i gcruinnithe AFMÁ mar chuid den phróiseas. Tugann na cruinnithe seo deis do mhúinteoirí 'samplaí dá measúnuithe ar obair scoláirí a roinnt agus a phlé agus comhthuiscint a thógáil faoi chaighdeán foghlama an scoláire' ( 16). Tá sé i gceist ag cruinnithe AFMÁ:

• cultúr gairmiúil comhghleacúil a fhorbairt

• muinín a chothú i mbreithiúnais maidir le feidhmíocht scoláirí

• comhsheasmhacht agus cothroime a chinntiú laistigh de scoileanna agus trasna na scoileanna

• tacú le comhthuiscint ar chaighdeáin agus ionchais náisiúnta

• cur ar chumas múinteoirí machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas measúnaithe agus aiseolas úsáideach a thabhairt dá gcuid scoláirí ( 17).

Léirigh fianaise ó chigireachtaí go raibh an próiseas AFMÁ á chur i bhfeidhm go héifeachtach. Thuairiscigh scoileanna go dearfach faoi fhreastal múinteoirí ar chruinnithe AFMÁ agus ar an bhforbairt ghairmiúil a bhí ar siúl dá bharr. D'aithin go leor múinteoirí comhthuiscint na gcaighdeán mar an réimse ba mhó inar fhoghlaim siad ón bpróiseas AFMÁ. Bhí sé suimiúil gur dóichí go ndéanfadh múinteoirí na n-ábhar a tugadh isteach sna céimeanna forfheidhmithe ní ba luaithe den tsraith shóisearach a gcuid foghlama ó chruinnithe AFMÁ a nascadh le gníomhaíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe. D'fhéadfaí breathnú air seo mar threocht dhearfach, le taithí mhéadaitheach ar an bpróiseas AFMÁ ag teacht le claonadh níos láidre chun an próiseas a nascadh le teagasc, foghlaim agus measúnú.

Tá scóip shuntasach ann na cruinnithe AFMÁ a bheith mar dheis chun ciall a dhéanamh go comhpháirtíoch maidir le dearadh measúnaithe, oideolaíocht, caighdeáin agus aiseolas do scoláirí. D'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith acu i gcothú cultúir ina bhfuil meas ar ról múnlaitheach an mheasúnaithe mar ghné lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama.


Focal scoir

Tá dearadh mhúnla MRB na sraithe sóisearaí bunaithe ar ghairmiúlacht múinteoirí agus obair chomhghairmiúil laistigh de scoileanna. Is torthaí dearfacha den chur chuige measúnaithe iad forbairt litearthachta agus scileanna measúnaithe múinteoirí agus cultúr comhoibrithe gairmiúil. Mar sin féin, léiríonn an taithí le MRBanna i roinnt scoileanna nach n-athróidh cultúr measúnaithe bunaithe ar chiorcláin na Roinne amháin.

Eascraíonn eispéiris foghlama dhearfacha as cultúr seomraí ranga ar mór acu rannpháirtíocht leanúnach múinteoirí agus scoláirí i measúnú múnlaitheach. Leis na hathruithe a fógraíodh ar an measúnú ag an tsraith shinsearach, tá scóip ann an spleáchas ar scrúduithe aon uaire a laghdú. Is féidir leo an tuiscint ar mheasúnú a leathnú agus na modhanna a chur ar fáil chun an fhoghlaim a ghabháil ar fud na sraithe sinsearaí le tionchar dearfach ar theagasc agus ar fhoghlaim. Tá sé d'acmhainn bhunúsach ag leathnú raon agus éagsúlacht na gcleachtas measúnaithe, lena n-áirítear úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta digití, eispéiris foghlama agus inspreagadh na scoláirí a fheabhsú.

Ní gan dúshlán é sin, áfach. Teastaíonn litearthacht ardleibhéal mheasúnaithe ó mhúinteoirí agus ceannairí scoile chun cuir chuige measúnaithe a leathnú. Ina theannta sin, ní mór machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tsraith shóisearach agus cultúr a bhaineann leis an iomarca measúnaithe a sheachaint agus cuir chuige don mheasúnú foirmitheach agus suimitheach a chothromú. Beidh obair mheastóireachta agus chomhairleach na Cigireachta agus na heispéiris foghlama gairmiúla a chuireann Oide (18) ar fáil an-tábhachtach maidir leis seo.

I bhfianaise thábhacht an chultúir mheasúnaithe thar na ranna ábhair agus laistigh díobh in iar-bhunscoileanna, beidh tacaíocht do cheannairí scoile thar a bheith tábhachtach. Éascófar forbairt chultúir dá leithéid sin trí athfhorbairt leanúnach a dhéanamh ar shonraíochtaí curaclaim agus ar shocruithe measúnaithe sa tsraith shinsearach.

Chapter 7 Footnotes Irish
Download link for Íoslódáil