English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Achomhairc maidir le scoláire a ligean isteach toisc go bhfuil ró-éileamh ar an scoil

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Aibreán 2024


Conas achomharc a dhéanamh má diúltaíodh leanbh a ligean isteach toisc go bhfuil an scoil lán

Le halt 29 den Acht Oideachais, 1998, foráiltear d’achomharc i gcás go ndiúltóidh bord bainistíochta, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird bainistíochta (príomhoide na scoile de ghnáth), mac léinn a ligean isteach i scoil, i gcás go ndearnadh an cinneadh diúltú do ligean isteach toisc barraíocht iarratas a bheith déanta ar an scoil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór duit athbhreithniú ar an gcinneadh ón mbord bainistíochta a iarraidh i dtús sula ndéanfaidh tú achomharc.

A luaithe a bheidh an chéad chéim, arb é an t-athbhreithniú ón mbord bainistíochta é, críochnaithe agat, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig coiste achomhairc neamhspleách.

Is féidir achomharc alt 29 a dhéanamh ar líne agus is féidir an doiciméadacht tacaíochta ar fad a uaslódáil trí www.section29appeals.gov.ie/

De rogha air sin, is féidir leat foirm achomhairc alt 29 a íoslódáil agus í a sheoladh i dteannta na ndoiciméad tacaíochta ar fad tríd an bpost cláraithe chuig:

Foirm iarratais achomhairc Alt 29 ar achomharc i gcoinne diúltú a admháil mar gheall ar ró-éileamh a bheith ar an scoil
Download link for Íoslódáil

Section 29 Appeals Unit Administration Unit

Seoladh:
Section 29 Appeals Unit Administration Unit, Friar’s Mill Road, Mullingar, County Westmeath, N91 H30Y

Cathain a dhéanaim achomharc

I ngach cás inar diúltaíodh cead isteach i scoil toisc an scoil a bheith ró-shuibscríofa agus gur mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh na scoile caithfidh tú athbhreithniú a lorg ar dtús ó bhord bainistíochta na scoile. Caithfear an t-iarratas seo a dhéanamh i scríbhinn chuig bord bainistíochta na scoile laistigh de 21 lá féilire ó dháta an chinnidh cead isteach sa scoil a dhiúltú.

Tabhair aird: meastar le scoláire nár tugadh áit dó/di sa scoil agus atá ar liosta feithimh gur diúltaíodh áit scoile don scoláire sin.

Caithfidh an bord bainistíochta toradh d’iarratas ar athbhreithniú a chur in iúl duit laistigh de 42 lá féilire ó dháta an chinnidh cead isteach sa scoil a dhiúltú.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh nuair a bhíonn toradh an athbhreithnithe ón mbord faighte agat nó tar éis 42 lá féilire ó rinneadh an cinneadh cead isteach a dhiúltú (cibé acu is luaithe). Ní mór, áfach, d’achomharc a dhéanamh laistigh de 63 lá ó dháta an chinnidh cead isteach sa scoil a dhiúltú.


Conas mar a éilím Athbhreithniú ón mbord bainistíochta

Is féidir athbhreithniú a iarraidh i scríbhinn nó Foirm Athbhreithnithe Scoile (ar féidir í a íoslódáil thíos) a chomhlánú go hiomlán agus a chur isteach chun tús a chur leis an gcéim seo den phróiseas. Tabhair aird - caithfear an fhoirm seo a sheoladh chuig bord bainistíochta na scoile.

Foirm Iarratais Athbhreithnithe ag an mBord Bainistíochta
Amharc amharc

Caithfidh d’iarratas ar athbhreithniú chuig an mbord bainistíochta:

(i) a bheith bunaithe ar chur i bhfeidhm bheartas ligean isteach na scoile agus an t-ábhar atá i bhfógra ligean isteach bliantúil na scoile agus

(ii) na forais a bhaineann leis an éileamh ar athbhreithniú a bheith leagtha amach.


Cad a tharlaíonn ag Athbhreithniú an Bhoird Bhainistíochta

Déanfaidh an bord bainistíochta athbhreithniú ar d’iarratas ligean isteach agus, ar a dhéanaí laistigh den 42 lá féilire ó dháta an chinnidh ligean isteach chun na scoile a dhiúltú, eiseoidh an bord bainistíochta:

(a) Ráiteas ag deimhniú nach raibh aon earráid nó teip ina chinneadh rollú a dhiúltú nó

(b) Ráiteas ag deimhniú go raibh earráid nó teip ina chinneadh agus an raibh éifeacht ábhartha ag an mbotún sin ar thoradh d’iarratais

Má tharlaíonn go n-eisíonn an bord bainistíochta ráiteas ag (b) thuas, agus go raibh éifeacht ábhartha ag an teip nó an earráid atá i gceist ar thoradh an iarratais ligean isteach, caithfidh an bord a earráid nó a mhainneachtain a cheartú tríd an scoláire a ligean isteach sa scoil nó sa rang speisialta, más cuí, nó má bhain an earráid nó an mhainneachtain leis an rang-ord ar an liosta feithimh caithfear rang-ord an scoláire ar an liosta feithimh a choigeartú.


Cad a tharlóidh tar éis an toraidh ar an athbhreithniú ón mbord bainistíochta?

Ag teacht sna sála ar an athbhreithniú ón mbord bainistíochta, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig coiste achomhairc neamhspleách arna cheapadh ag an Aire Oideachais. Ní mór an t-achomharc sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 63 lá féilire ón dáta a rinneadh an cinneadh ligean isteach sa scoil a dhiúltú. Tabhair faoi deara – tagraíonn sé sin do dháta an chinnidh ligean isteach a dhiúltú agus ní thagraíonn sé do dháta eisiúint an toraidh ar an athbhreithniú.

Is féidir achomharc alt 29 a dhéanamh ar líne agus is féidir an doiciméadacht tacaíochta ar fad a uaslódáil trí www.section29appeals.gov.ie/

De rogha air sin, is féidir leat foirm achomhairc alt 29 a íoslódáil agus í a sheoladh i dteannta na ndoiciméad tacaíochta ar fad tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh atá ar an bhfoirm.

Foirm iarratais ar achomharc alt 29 le haghaidh achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú duine a ligean isteach de bharr ró-éileamh a bheith ar an scoil
Amharc amharc

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur isteach i dteannta Fhoirm Achomhairc Alt 29 uait:

(i) cóip de d’iarratas bunaidh ar ligean isteach sa scoil agus d’aon doiciméid a chuir tú isteach i dteannta d’iarratais,

(ii) cóip den chinneadh a fuair tú ón scoil ar dtús,

(iii) cóip d’aon fhreagra ón mbord bainistíochta ar d’iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh má roghnaigh tú athbhreithniú den sórt sin a iarraidh.


Conas a dhéantar athbhreithniú

Más í an chúis a bhain leis an diúltú ar chead isteach go raibh an scoil ró-shuibscríofa, is achomharc páipéar bhunaithe a bheidh i d’achomharc. Nuair a bhíonn an fhoirm iarratais ar achomharc comhlánaithe (mar aon leis an eolas atá leagtha amach in 5 thuas) faighte, cuirfidh an tAonad Riaracháin Achomhairc Alt 29 in iúl go bhfuil sé faighte, agus cuirfear in iúl don scoil atá i gceist freisin go bhfuarthas achomharc.

Féadfar iarraidh ar an iarratasóir agus ar an scoil freisin aon fhianaise agus ábhair a cuireadh ar fáil, agus a rabhthas ag brath orthu nuair a rinne an scoil an cinneadh ligean isteach a dhiúltú, a chur isteach faoi dháta ar leith.

De ghnáth, déanfar an t-achomharc a iniúchadh laistigh de 21 lá féilire ón dáta a bhíonn iarratas achomhairc lán-chomhlánaithe faighte ag Aonad Riaracháin Achomhairc alt 29.

Déanfaidh Coiste Achomhairc trí dhuine, arna cheapadh ag an Aire, an t-achomharc a bhreithniú, agus ceapfar duine de bhaill an choiste mar Chathaoirleach ar an gCoiste Achomhairc.


Cé a dhéanfaidh m’achomhairc ar alt 29 a athbhreithniú

Ceapann an tAire Oideachais & Scileanna baill an choiste achomhairc ach tá an coiste achomhairc neamhspleách ar an Roinn Oideachais & Scileanna.

Cuimsíonn painéal na gceapaithe daoine le taithí agus eolas ar earnáil an oideachais.


Cé na torthaí a d’fhéadfadh teacht ón achomharc

Déanfaidh an coiste achomhairc cinneadh

(a) an t-achomharc a cheadú nó

(b) gan an t-achomharc a cheadú.

Má cheadaíonn an coiste an t-achomharc, treoróidh siad don bhord bainistíochta an scoláire a ligean isteach nó rangú an scoláire ar an liosta feithimh a choigeartú, cibé acu is cuí.

Cuirfear toradh an achomhairc, lena n-áirítear na cúiseanna a bhaineann le cinneadh an choiste achomhairc, in iúl do dhá pháirtí an achomhairc, a luaithe is féidir tar éis na héisteachta achomhairc.


Cad a tharlaíonn muna gceadaítear m’achomharc

Is é Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) an comhlacht dlí a chabhraíonn le tuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu áit scoile a fháil dá leanbh. Is féidir teagmháil a dhéanamh le TESS ag:

Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla, Gníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh, Urlár na Talún, Foirgneamh Brunel, Ceathrú Theas Heuston, Baile Átha Cliath 8. Ar an bhfón 01-7718815, nó ar ríomhphost chuig tessinfo@tusla.ie Mar mhalairt, is féidir sonraí faoi d’oifig réigiúnach áitiúil a fháil ag https://www.tusla.ie/tess/get-in-touch/


Conas mar is féidir liom eolas a fháil faoi bheartas agus faoi phróisis iontrála na scoile

In Alt 63 den Acht Oideachais 1998, ceanglaítear ar gach bord bainistíochta Fógra Ligean Isteach a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain. Caithfear an fógra seo a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na scoile ar a laghad seachtain sula dtosaíonn an scoil a próiseas iontrála bliantúil.

Caithfidh an fógra mionsonraí a sholáthar faoin tslí inar féidir cóip de bheartas iontrála na scoile agus an fhoirm iarratais ar ligean isteach a fháil.

Caithfidh an fógra an t-eolas seo a leanas a sholáthar maidir leis an bpróiseas ligean isteach do ghrúpa iontrála na scoile don scoilbhliain atá i gceist:

  • An dáta ina dtosóidh agus ina gcríochnóidh an scoil ag glacadh le hiarratais ar ligean isteach sa scoil don scoilbhliain atá i gceist (caithfear tréimhse 3 seachtaine ar a laghad a bheith ann)
  • An dáta a chuirfear in iúl don iarratasóir faoin gcinneadh maidir leis an iarratas (caithfidh sé seo a bheith laistigh de 3 seachtaine ón spriocdháta, nó laistigh de 3 sheachtain ó dháta an iarratais, d’iarratais dhéanacha)
  • An dáta/tréimhse faoina ndeimhneoidh an t-iarratasóir glacadh leis an tairiscint ar ligean isteach
  • Féadfar an tairiscint sin a tharraingt siar mura nglacann an t-iarratasóir leis an tairiscint ar ligean isteach laistigh den tréimhse ama atá leagtha amach
  • Maidir leis an scoilbhliain atá i gceist-

-An lion áiteanna scoile atá ar fáil sa ghrúpa iontrála,

-I gcás scoil chónaithe, an lion áiteanna cónaithe agus an lion áiteanna neamhchónaithe atá ar fáil

-I gcás scoile le rang speisialta, an lion áiteanna scoile atá ar fáil sa rang speisialta atá i gceist

  • I gás scoile ina raibh an grúpa iontrála nó an rang speisialta ró-shuibscriofa sa bhliain roimh ré, caithfidh an fógra ar ligean isteach ráiteas a bheith san áireamh a thugann le fios lion na n-iarratas a fuarthas agus lion agus ord na dtairiscinti a rinneadh sa scoilbhliain sin maidir le gach ceann de chritéir roghnúcháin na scoile
  • I gcás scoile ina bhfuil tairiscinti déanta agus glactha don scoilbhliain atá i gceist, sula dtugtar tús feidhme d’alt 62 (is é sin, roimh 1 Feabhra 2020), is cóir don scoil an lion áiteanna dá leithéid a tairgeadh agus a glacadh a chur in iúl.

Tá Ceisteanna Coitianta breise maidir leis an Acht um Oideachas (Ligean isteach i Scoileanna) 2018 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas anseo


An féidir liom m’achomharc a tharraingt siar

Sea, is féidir leat d’achomharc a tharraingt siar am ar bith le linn an phróisis tri riomhphost a chur chuig section29@education.gov.ie

Achomhairc in aghaidh ligean isteach a dhiúltú de bharr ró-éileamh a bheith ar an scoil
Amharc amharc
Foirm iarratais achomhairc Alt 29 ar achomharc i gcoinne diúltú a admháil mar gheall ar ró-éileamh a bheith ar an scoil
Download link for Íoslódáil