English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Acmhainní do Thuismitheoirí



Folláine

Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

Seisiún oiliúna frithbhulaíochta do thuismitheoirí

Cuirfidh an seisiún ar do chumas tacú le do leanbh maidir le saincheisteanna bulaíochta agus tabharfaidh sé eolas duit maidir leis na Nósanna imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna.

Tabhair faoi deara gur forbraíodh na seisiúin seo go sonrach do lucht éisteacha tuismitheoirí agus dá bhrí sin nach bhfuil siad oiriúnach do leanaí.

Seisiún traenála Frithbhulaíochta do thuismitheoirí

Tacú le tuismitheoirí chun tacú le meabhairshláinte agus folláine a leanaí

Clár oiliúna de chuid NPC i gcomhar le seirbhísí Meabhairshláinte Naomh Pádraig ar féidir é a reáchtáil i do scoil áitiúil.

Tacaíonn an clár seo le tuismitheoirí chun meabhairshláinte agus folláine dearfach a spreagadh ina leanaí. Fiosraítear sa chlár freisin an chaoi a gcuidíonn athléimneacht i leanaí le strus laethúil an tsaoil a bhainistiú agus déileáil leis.

Tacú le tuismitheoirí chun tacú le meabhairshláinte agus folláine a leanaí

Tuismitheoireacht: Tacú le do leanbh cairdeas agus caidreamh sláintiúil a fhorbairt

Céard is brí le hOideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) duitse mar thuismitheoir. Féachann sé ar aidhm an Chláir OCG agus tugann sé breac-chuntas ar churaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus ar an gcaoi a múintear do leanbh ar scoil.

Tuismitheoireacht: Ag tacú le do leanbh cairdeas agus caidrimh shláintiúla a chothú

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Oibríonn síceolaithe SNSO le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus baineann siad le forbairt foghlama, iompraíocht, forbhairt shóisialta agus mhothúchánach. Oibríonn síceolaithe SNSO i gcomhar le múinteoirí, tuismitheoirí agus leanaí chun riachtanais oideachais a shainaithint

Oibriú le chéile chun difríocht a dhéanamh do leanaí Faisnéis do Thuismitheoirí.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Tacklebullying.ie

Suíomh gréasáin náisiúnta is ea Tackle Bullying chun dul i ngleic le bulaíocht agus cibearbhulaíocht do dhaoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí. Tugtar faisnéis ar an suíomh gréasáin dóibh siúd dá

ndéantar difear nó a bhfuil imní orthu maidir le heachtraí a bhaineann le Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht. Tá faisnéis ar an suíomh gréasáin do dhaoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí chun tuilleadh a fhoghlaim maidir le bulaíocht agus cibearbhulaíocht: céard iad féin; na cineálacha éagsúla den dá rud; agus conas bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi.

Féadfaidh tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine óga leathanach Mol Acmhainní agus Faisnéise a úsáid freisin chun faisnéis úsáideach a fháil le cuidiú leo agus tuilleadh a fhoghlaim faoi dhul i ngleic le bulaíocht.

Téigh i nGleic leis an mBulaíocht

Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS) FSS

Seirbhís speisialtóra is ea Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS) FSS do dhaoine faoi 18 mbliana a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu. Deacrachtaí iad sin a bhaineann le do smaointe, mothúcháin agus iompraíochtaí gach lá.

Áirítear ar roinnt riocht a gcuireann CAMHS cóirieáil ar fáil ina leith: dúlagar meánach go dian, imní, neamhoird itheacháin agus féindochar.

Tá tuilleadh sonraí maidir le seirbhís CAMHS ar fáil anseo:

Maidir le CAMHS

Jigsaw

Cuireann Jigsaw tacaíochtaí saor in aisce rúnda, achomair meabhairshláinte ar fáil do dhaoine óga 12-25 i bpobail ar fud na hÉireann.

Tá sonraí maidir leis na tacaíochtaí a sholáthraíonn Jigsaw ar fáil anseo:

Tacaíocht ar Líne Jigsaw


Cibearbhulaíocht agus Sábháilteacht ar Líne

Oiliúint um Shábháilteacht Idirlín do Thuismitheoirí Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

Tá sé mar aidhm leis an seisiún seo arna sholáthar ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí faisnéis agus scileanna a thabhairt do thuismitheoirí le bheith in ann bheith páirteach i saol ar líne leanaí. Cumhdaíonn sé tairbhí agus rioscaí an idirlín agus soláthraíonn sé leideanna do thuismitheoirí, ag cabhrú le leanaí chun a bheith ina n-úsáideoirí idirlín éifeachtacha, freagracha agus sábháilte. Fiosraítear sa seisiún freisin cibearbhulaíocht agus an chaoi ar féidir le tuismitheoirí cabhrú le leanaí foghlaim le déileáil le cásanna cibearbhulaíochta.

Oiliúint - Sábháilteacht Idirlín

Mol Tuismitheoirí Webwise

Tugtar treoir agus faisnéis phraiticiúil i Mol Tuismitheoirí Webwise do thuismitheoirí maidir le príomh-shaincheisteanna cosúil le húsáid na teicneolaíochta sa bhaile, smacht tuismitheora, am scáileáin, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cumarsáid mheasúil ar líne, cibearbhulaíocht, gnéastéacsáil agus comhroinnt íomhánna agus conas dul i ngleic go dearfach le saol ar líne a leanaí.

Trí fhíseáin, tugann saineolaithe comhairle maidir le gach rud ó labhairt le do leanbh maidir le gnéastéacsáil go dea-iompar a shamhaltú. Tá faisnéis maidir le cúnamh breise a fháil agus tacaíocht ag déileáil le hábhar mídhleathach nó úsáid dhíobhálach idirlín ar fáil go héasca ar an Mol.

Mol Tuismitheoirí Webwise

An Óige a Choinneáil Saor ón bhFón Cliste

Treoir do Thuismitheoirí agus do Chumainn Tuismitheoirí ar mian leo dul i ngleic lena bpobal scoile maidir le sábháilteacht idirlín agus rochtain ar fhóin chliste do leanaí bunscoile.

An Óige a Choinneáil Saor ón bhFón Cliste

Mol Tuismitheoirí FUSE

D’fhorbair Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC, ionad taighde in ollscoil náisiúnta atá suite in Institiúid Oideachais OCBÁC Clár Frithbhulaíochta agus Sábháilteachta ar Líne FUSE. Tá cáil dhomhanda ar an Ionad as a shármhaitheas taighde maidir le bulaíocht agus sábháilteacht ar líne. Cuireann mol tuismitheoirí FUSE faisnéis as a bhfuil muinín agus bunaithe ar fhianaise ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí tacú le leanaí agus daoine óga dul i ngleic le bulaíocht, a mbealach a dhéanamh ar an idirlíon go sábháilte agus tacú leo le haon saincheisteanna sábháilteachta nó dúshláin a bhíonn rompu ar líne.

Mol Tuismitheoirí FUSE

Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht a Thuiscint

Treoir Tuismitheoirí bunaithe ar fhianaise ó Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC maidir le tacú le do leanbh má bhíonn bulaíocht nó cibearbhulaíocht ag cur as dó/di.

Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht a Thuiscint

Mol um Ullmhacht Dhigiteach ISPCC

Cuireann sé eolas ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí tacú le leanaí agus daoine óga eispéiris dhearfacha ar líne a bheith acu. Áirítear ar thopaicí Athléimneacht agus Comhbhá Digiteach, Rioscaí ar Líne agus Cibearbhulaíocht, Slándáil agus Príobháideachas, “Céard a dhéanfaidh mé má théann rud mícheart” agus Sábháilteacht Dhigiteach.

Mol um Ullmhacht Dhigiteach ISPCC


An tOmbudsman do Leanaí

Fiosraíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) gearáin maidir leis na seirbhísí a chuireann eagraíochtaí poiblí ar fáil do leanaí. Tá an tseirbhís saor in aisce agus neamhspleách. Institiúid um chearta daonna is ea an OCO a chuireann cearta agus leas daoine óga faoi 18 mbliana a chónaíonn in Éirinn chun cinn.

Má chreideann tú nár dhéileáil do scoil le cás bulaíochta i gcomhréir le gnásanna Frithbhulaíochta Bí Cineálta ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an scoil, ag leanúint nósanna imeachta gearáin na scoile.

Mura bhfuil tú sásta go fóill tar éis an nós imeachta gearáin a dhéanamh, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí cliceáil anseo

Nósanna Imeachta maidir le Gearáin


Acmhainní Eile

Ionad Frithbhulaíochta

Ionad taighde sainithe in ollscoil náisiúnta atá suite in Institiúid Oideachais OCBÁC atá in Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC (ABC). Tá aithne ar fud an domhain ar an Ionad as a shármhaitheas taighde maidir le bulaíocht agus sábháilteacht ar líne. Tugann sé le chéile os cionn 50 taighdeoir agus mac léinn PhD as Éirinn agus thar lear chun tairseach chriticiúil a chruthú de dhaoine ag a bhfuil saineolas chun dul i ngleic le bulaíocht, sábháilteacht ar líne, cluichíocht agus réimse eile lena mbaineann.

Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht a Thuiscint