Acmhainní FMS Iar-bhunscoileanna
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
- An tSraith Ag Breathnú ar… (iar-bhunscoil)
- SSE seimineár gréasáin
- Féin-mheastóireacht scoile acmhainní 2022 – 2026
- Liosta Tagairtí
- Céim Suas (An tStraith Shóisearach) - Tionscadal Ciste Barr Feabhais Scoileanna
- Físeanna
An tSraith Ag Breathnú ar… (iar-bhunscoil)
Is féidir leat d’aiseolas a sheoladh chuig sse@education.gov.ie
SSE seimineár gréasáin
Léiríonn an seimineár gréasáin seo torthaí na suirbhéanna ar fhéinmheastóireacht scoile a riaradh i mí an Mhárta 2022 agus déantar plé ar roinnt de na príomhréimsí ó na torthaí sin a chuidigh le treoir a sholáthar don chéad chéim eile de FMS ó 2022 go 2026
Féin-mheastóireacht scoile acmhainní 2022 – 2026
Liosta Tagairtí
Céim Suas (An tStraith Shóisearach) - Tionscadal Ciste Barr Feabhais Scoileanna
Físeanna
Guth an Mhic Léinn agus Foghlaim
Is scoil chomhoideachasúil í Méanscoil Sheosaimh, An Ros, Contae Bhaile Átha Cliath, atá páirteach sa phlean gnímh DEIS. Ag tarraingt ar bhun-eilimintí fhéinmheastóireacht scoile, tá forbairt déanta ag an scoil ar thionscadal Ghuth an Mhic Léinn chun cur i bhfeidhm phleanáil ghníomhach d’fheabhsúcháin a chur in iúl, a threorú agus a thacú. Cuireann na ceithre ghearrthóg físe thíos tuairimí phríomhoide, oide agus mhic léinn ar an dtionscadal ar fáil. Pléann siad le forbairt fíor-Ghuth an Mhic Léinn, tuairimí mhic léinn ar theagasc agus measúnú agus an bealach a thacaíonn an próiseas FMS le foghlaim mhic léinn agus oide.
Guth an Mhic Léinn agus FMS – Conas a rinneamar an Ceangal
San fhíseán seo tugann príomhoide Mheánscoil Sheosaimh achoimre ar chomhthéacs na scoile. Pléann sí freisin an bhaint atá ag mic léinn sa phróiseas FMS.
Fíor-Ghuth an Mhic Léinn, measúnú agus oibriú le daoine eile
San fhíseán seo pléann an t-oide atá ag éascú tionscadal Ghuth an Mhic Léinn, agus na mic léinn atá páirteach, an taithí atá acu ar fhíor-Ghuth an Mhic Léinn. Pléann na mic léinn freisin na mothúcháin atá acu ar mheasúnú sa mheánscoil agus na mothúcháin atá acu ar oibriú le daoine eile sa rang.
Guth an Mhic Léinn, ag bailiú fianaise… agus foghlaim
Anseo, pléann an t-oide atá ag éascú an tionscadal Ghuth an Mhic Léinn an próiseas bhailiúcháin fianaise. Dírítear freisin aird ar fhiúntas bhailiú fianaise mar chuid d’fhoghlaim mhic léinn agus oidí.
Guth an Mhic Léinn, gníomhartha… agus foghlaim
San fhíseán seo cuirtear meonta oidí agus mic léinn ar ghníomhartha tógtha mar chuid den phróiseas i láthair. Chomh maith le sin, pléitear meonta mhic léinn agus oidí ar mhonatóireacht agus meastóireacht Ghuth an Mhic Léinn. Faoi dheireadh, pléann na mic léinn agus a n-oide na céad chéimeanna eile don tionscadail Ghuth an Mhic Léinn.
Tionscnamh chomhpháirteach
Labhraíonn oidí as Meánscoil an Teaghlaigh Naofa sa Droichead Nua faoin gcaoi gur tháinig tionscnamh comhpháirteach as an mbaint a bhí acu le Droichead. Déanann siad cur síos ar an mbealach a thosaigh agus a d’fhorbair sé, agus labhraíonn siad faoin bhfoghlaim proifisiúnta a tháinig as. Táimid an-bhuíoch do na rannpháirtithe ar fad atá ar an bhfíseán, go háirithe Sarah Allen a bhí ina ceannródaí ar an dtionscnamh, agus do phríomhoide Angela Ryan agus do phríomhoide tánaisteach Catherine Rochford as an scannánaíocht a réiteach.
Pleanáil ghníomhach d’fheabhsúcháin
Míníonn príomhoide Choláiste Phort Laoise, Noel Daly, an chaoi gur thosaigh pleanáil ghníomhach d’fheabhsucháin sa scoil, conas a úsáideadh sonraí chun chur faoin bpleanáil ghníomhach, agus conas a chabhraigh sí leo díriú ar ionchais a ardú. Déanann Josephine Moore agus Shane Kelly cur síos ar an gcaoi a d’oibrigh pleanáil chomhoibríoch le torthaí níos fearr a bhaint amach do scoláirí. Táimid an-bhuíoch do na rannpháirtithe uile as a gcuid taithí a roinnt.
Foghlaim an Mhic Léinn
Is é comhrá le mic léinn ceann de na príomhghnéithe FMS, chun a dtuairimí a fháil ar fhoghlaim, cén bealach is fearr a fhoghlaimíonn siad agus cén chaoi gur féidir le scoileanna freastail don fhoghlaim sin. Labhair muid le mic léinn sa sraith shóiseareach agus sinsearach i ndá scoil, Coláiste Chanel, An Chúlóg, Baile Átha Cliath, agus Pobalscoil Íosa, Mullach Íde, Baile Átha Cliath, chun a dtuairimí a fháil ar fhoghlaim. Táimid fíor-bhuíoch do na mic léinn féin a roinn a gcuid tuairimí agus do na príomhoidí agus baill den fhoireann a d’éascaigh an scannánaíocht
Foghlaim sa Sraith Shóisearach
Oidí ag labhairt faoi FMS ina scoileanna
St. Colmcilles Community School Knocklyon shares the outcomes of its work on SSE.