English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag Dul ó Neart go Neart

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 31 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2023

Forbraíodh an Plean Gníomhaíochta don Oideachas de réir an cheanglais i ‘Item was unpublished or removed - Comhaontú Nua Seirbhíse Poiblí 2021 – 2022’ d’fhonn pleananna gníomhaíochta earnála a fhorbairt atá nasctha leis an gclár oibre athchóirithe sa Chomhaontú (alt 1.6 de Ag Dul ó Neart go Neart). De réir an Chomhaontaithe leagtar amach sa phlean seo cuspóirí, táirgí insoláthartha agus amlínte, agus tá sé sínithe ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais tar éis dul i gcomhairle leis na ceardchumainn.

Tá an Plean Gníomhaíochta leagtha amach mar shraith gníomhartha a bhaineann le hearnálacha bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais faoi cheithre réimse tosaíochta atá nasctha ar ais leis an gclár oibre athchóirithe a bhfuil cur síos air in Ag Dul ó Neart go Neart.

Mar a dúradh sa chomhaontú, le linn ghéarchéim COVID-19 i 2020 léiríodh tiomantas, solúbthacht, obair chrua agus aclaíocht gan fasach i soláthar seirbhíse thar raon seirbhísí sibhialta agus poiblí. Léiríonn an comhaontú tiomantas ó na páirtithe in earnáil an oideachais leas a bhaint as an bhfuinneamh seo chun freastal ar na dúshláin láithreacha a thagann le linn shaolré an chomhaontaithe agus chun ullmhú do dhúshláin amach as seo.

Comhlíonadh an Phlean maidir le rochtain ar na buntáistí a bhaineann le Ag Dul ó Neart go Neart

Tá dhá ardú pá ginearálta de 1% mar chuid den chomhaontú atá le híoc an 1 Deireadh Fómhair 2021 agus an 1 Deireadh Fómhair 2022.

Tá íoc an dá ardú pá ag brath ar (a) dul chun cinn ar Phleananna Gníomhaíochta comhaontaithe agus (b) comhlíonadh ghnáth gnáis caidrimh thionsclaíochta.

Tabharfaidh an roinn tuairisc go poiblí ar sheachadadh an phlean gníomhaíochta agus ar chomhlíonadh na síochána tionsclaíche don Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe mí ar a laghad sula mbeidh íocaíochtaí dlite.

Is féidir Tuarascáil an Phlean Gníomhaíochta i Meán Fómhair 2021 a fheiceáil anseo.

Is féidir Tuarascáil an Phlean Gníomhaíochta i Eanáir 2022 a fheiceáil anseo.

Is féidir Tuarascáil an Phlean Gníomhaíochta i Máirseáil 2022 a fheiceáil anseo.

Is féidir Tuarascáil an Phlean Gníomhaíochta i deireadh Fómhair 2023 a fheiceáil anseo

Ag Dul ó Neart go Neart – Tuairisciú ar an bPlean Gníomhaíochta (Máirseáil 2023)
Amharc amharc