English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag obair mar ionadaí le linn duit pinsean múinteora a fháil


Faoi na rialacha reatha in 2024, beidh múinteoirí atá ar scor agus nár ghlac le post a mbeidh breis agus 50 lá i gceist leis incháilithe don tarscaoileadh. Ní bhaineann an tarscaoileadh leo siúd a bhfuil conarthaí acu a théann thar 50 lá. Féadfaidh gach múinteoir atá ar scor oibriú mar mhúinteoir ar feadh suas le 50 lá i mbliain féilire ar bith, gan feidhm a bheith le rialacha ‘laghdaithe’ pinsin. I ndiaidh an ama sin, d'fhéadfaí cur as do do phinsean. Chun a fháil amach conas a d'fhéadfaí cur as dó téigh i dteagmháil le abatementqueries@education.gov.ie


Ról mar mhúinteoir ionaid a aimsiú

Fógraítear poist ionaid ar subseeker.ie — is féidir leat clárú anseo.

Conas a idirghníomhaíonn obair mar ionadaí le do phinsean

Féadfaidh formhór na múinteoirí atá ar scor agus atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta [email An Chomhairle Mhúinteoireachta ] filleadh ar an múinteoireacht, tríd an ionadaíocht nó sin trí iarratas a dhéanamh chun conradh ar théarma seasta a líonadh.

Ar aon dul le hoibrithe eile san earnáil phoiblí, d'fhéadfadh sé, nuair a fhilleann tú mar mhúinteoir ar scor chun oibriú san earnáil phoiblí, go ndéanfaí do phinsean a laghdú má shaothraíonn tú thar mhéid áirithe. Tugtar laghdú air sin.

Tá múinteoirí atá ar scor agus a fhilleann ar an múinteoireacht san earnáil phoiblí agus nár ghlac le post a sheasfaidh níos faide ná 50 lá (e.g. Post lánaimseartha/páirtaimseartha, CID, etc) incháilithe don tarscaoileadh 50 lá, i.e. Is féidir leo oibriú ar feadh suas le 50 lá sa bhliain féilire agus ní bheidh feidhm ag laghdú.

Ní dhéanfar do phinsean a laghdú ach amháin i gcás go bhfuil an méid a shaothraíonn tú nuair a fhilleann tú ar an bhfostaíocht móide d’íocaíocht phinsin níos mó ná an pá inphinsin a bhí agat nuair a chuaigh tú ar scor (uasrátaithe chun athruithe pá ó chuaigh tú ar scor a léiriú).

Déantar laghdú a ríomh ar bhonn laethúil.

Má oibríonn tú ar feadh breis agus 50 lá nó mura bhfuil tú incháilithe don tarscaoileadh, cuirfidh an laghdú as do do phinsean. Féach thíos na samplaí atá oibrithe amach.

Ní dhéanfar do phinsean a laghdú ach amháin go dtí an pointe nach bhfuil do phinsean móide an méid a shaothraíonn tú mar mhúinteoir ionaid, níos mó ná do thuarastal nuair a chuaigh tú ar scor a thuilleadh. Stopfaidh aon laghdú a luaithe agus a stopfaidh tú ag obair.

Déantar laghdú a ríomh bunaithe ar ollphinsean, olltuarastal agus pá inphinsin an phinsinéara nuair a chuaigh sé/sí ar scor.

Bainfidh tionchar an laghdaithe go sonrach le gach duine ar leith. Má tá ceisteanna ar bith agat, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann pinsean ag abatementqueries@education.gov.ie

Má tá pinsean forlíontach á fháil ag múinteoir atá ar scor –

Stopfaidh do phinsean forlíontach le linn do thréimhse fostaíochta agus tosóidh sé arís a luaithe agus a stopann tú ag obair. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuirfear do phinsean forlíontach san áireamh in aon ríomh ar laghdú a laghdaíonn an fhéidearthacht go mbeidh do phinsean faoi réir laghdaithe.

Ní bhaineann an Tarscaoileadh le Pinsean Forlíontach


Laghdú a Ríomh

Déantar laghdú a ríomh agus a fheidhmiú ar bhonn laethúil.

Déanfar do phá ar fhilleadh duit, do phinsean agus do phá inphinsin nuair a chuaigh tú ar scor a roinnt ar an líon laethanta oibre i mbliain chun teacht ar an ráta laethúil.

Tá 182 lá oibre i mbliain bhunscoile

Tá 166 lá i mbliain iar-bhunscoile.

Má tá (an Pá ar Fhilleadh) + (Pinsean) > (an Pá Inphinsin Roimhe Seo) déanfar do phinsean a laghdú.

Sainmhínithe

1 “Pá Inphinsin Roimhe Seo”: Is é sin an luach reatha atá ar an bPá Inphinsin (is é sin an tuarastal agus na liúntais inphinsin) a úsáideadh chun do phinsean a ríomh.

2 “Pinsean”: An t-ollphinsean seirbhíse poiblí atá iníoctha leat agus atá faoi réir laghdaithe. Tá do phinsean forlíontach san áireamh ann (má tá ceann á fháil agat).

3“Pá ar Fhilleadh Duit”: Móriomlán an tuarastail, an luacha saothair agus na liúntas go léir (cé acu an tuilleamh inphinsin é nó nach ea) a fhaigheann tú i do phost(phoist) nua/reatha. (I gcás go bhfuil múinteoir atá ar scor fostaithe in dhá phost seirbhíse poiblí nó níos mó, ansin is é comhiomlán an tuillimh go léir atá i gceist).

4“Laghdú”: Sin laghdú ar do phinsean(phinsin) seirbhíse poiblí i gcúinsí ina bhfuil do phinsean(phinsin) á íoc (n-íoc) agus go bhfuil tú athfhostaithe sa tseirbhís phoiblí.


Tarscaoileadh an Laghdaithe – an chéad 50 lá oibre i ngach bliain féilire, ar choinníollacha áirithe

Mar atá léirithe ig Ciorcláin 0003/2021 agus 0004/2024 ón Roinn Oideachais, tá tarscaoileadh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta suas go dtí 2025 do mhúinteoirí cuícháilithe:

  • atá fostaithe sa réimse ina bhfuil siad cáilithe;
  • atá oiriúnach don fhostaíocht ar gach bealach.
  • nár ghlac le post a rachaidh thar thréimhse 50 lá ( e.g. post lánaimseartha/páirtaimseartha, CID, etc.) agus
  • i gcásanna nuair nach bhfuil sé indéanta na riachtanais teagaisc a shásamh ar aon bhealach eile seachas múinteoir atá ar scor a fhostú.

Féadfar tarscaoileadh an laghdaithe a fheidhmiú i dtaca leis an gcéad 50 lá a oibríodh i mbliain féilire ar bith (chun críche an chiorcláin seo, meastar go bhfuil lá iomlán curtha isteach ag an obair agat, beag beann ar líon na n-uaireanta/nóiméad a d’oibrigh tú ar an lá áirithe sin).


Dóchúlacht an laghdaithe

De bhrí go mbogtar pinsinéirí go dtí an chéad phointe ar an scála pá nuair a fhilleann siad ar an bhfostaíocht, ní bheidh formhór na múinteoirí atá ar scor faoi réir laghdú ar bith mar thoradh ar obair ionadaíochta ó am go ham.

Beidh sé níos dóchúla go mbeidh laghdú i gceist i gcás pinsinéirí a d'fhill ar an obair ar bhonn lánaimseartha agus/nó atá imithe cúpla pointe suas an scála pá. Ach, fiú sna cásanna sin, ní bheidh formhór mór na bpinsinéirí faoi réir laghdú ar bith.

Ag deireadh 2023, bhí 1,388 múinteoir a bhí ar scor, lena n-áirítear múinteoirí buana agus múinteoirí ar conradh ar théarma seasta fillte ar an obair in earnáil na mbunscoileanna agus ní raibh ach 2.88% díobh faoi réir laghdaithe (i ndiaidh don tarscaoileadh a bheith curtha i bhfeidhm). In earnáil na n-iar-bhunscolaíochta bhí 359 múinteoir a bhí ar scor, lena n-áirítear múinteoirí buana agus múinteoirí ar conradh ar théarma seasta fillte ar an obair agus ní raibh ach 2.5% de na múinteoirí sin faoi réir laghdaithe (i ndiaidh don tarscaoileadh a bheith curtha i bhfeidhm).


Tuilleadh Fiosruithe

Má tá aon cheist eile agat maidir le lacáiste, déan teagmháil leis an Roinn Oideachais ag abatementqueries@education.gov.ie


Samplaí d’obair ionadaíochta

Sampla 1: Fostaíocht ionadaíochta ar feadh níos lú ná 50 lá – Níl Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir iar-bhunscoile atá ar scor é Pól agus tá sé tar éis filleadh chun roinnt obair ionadaíochta a dhéanamh i scoileanna éagsúla ar feadh 49 lá san iomlán sa bhliain féilire. De bhrí nach dtéann Pól thar an 50 lá a cheadaítear leis an tarscaoileadh, níl feidhm ag an laghdú.

Sampla 2: Fostaíocht ionadaíochta – Níl Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir bunscoile atá ar scor é Bob agus tá sé tar éis filleadh chun roinnt obair ionadaíochta a dhéanamh. D’oibrigh sé ar feadh breis agus 50 lá agus dá bhrí sin rinne RO athbhreithniú ar a chás i gcomhair laghdú féideartha. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Bob roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sé ar scor.

Is é an ráta reatha atá ag Bob don ionadaíocht ná €41,385 in aghaidh na bliana. (An chéad phointe ar an Scála Pá do Mhúinteoirí Bunscoile)

De bhrí go bhfuil 182 lá sa bhliain bhunscoile, íocfar olltuarastal de €227.39 (€41,385/182) le Bob as gach lá iomlán oibre a dhéanann sé.

Déanfar pinsean Bob a laghdú má tá (a Phá ar Fhilleadh dó) + (Pinsean) níos mó ná (a Phá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí bliantúla Bob:

Pá comhlán bliantúil ar fhilleadh dó €41,385
Ollphinsean bliantúil €40,079
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €83,160

Chun laghdú Bob a ríomh ar bhonn laethúil úsáidtear na rátaí seo a leanas:

An líon laethanta sa bhliain scoile: 182
Pro rata do 1 lá a oibríodh: 1/ 182= 0.005495
Pá ar Fhilleadh do 1 lá a oibríodh €41,385 * 0.005495 = €227.39
Pinsean do 1 lá a oibríodh: €40,079 * 0.005495 = €220.21
Pá Inphinsin Roimhe Seo do 1 lá: €83,160 * 0.005495 = €456.92

Dá bhrí sin, i gcás Bob ar bhonn bliantúil, (Pá ar Fhilleadh Dó) + (Pinsean) = €41,385 + €40,079 = €81,464.

**Ó tharla go bhfuil €81,464 níos lú ná a phá bliantúil inphinsin roimhe seo de €83,160, ní bheidh pinsean Bob faoi réir laghdú ar bith má choinníonn sé an tuarastal bliantúil sin.*

Sampla 3: Fostaíocht ionadaíochta – Tá Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir bunscoile atá ar scor í Áine atá tar éis filleadh chun roinnt obair ionadaíochta a dhéanamh agus tá sí tar éis dul ar aghaidh cúpla pointe ar an scála pá. Tá an 50 lá sáraithe aici faoi tharscaoileadh an laghdaithe. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Áine roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sí ar scor.

Déanfar pinsean Áine a laghdú má tá (a Pá ar Fhilleadh di) + (Pinsean) níos mó ná (a Pá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí Áine:

Pá comhlán bliantúil ar fhilleadh di €45,701
Ollphinsean bliantúil €36,118
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €74,882

Dá bhrí sin, i gcás Áine, (Pá ar Fhilleadh Di) + (Pinsean) = €45,701 + €36,118 = €81,819.

De bhrí go bhfuil sé sin €6,937 níos mó ná pá inphinsin Áine roimhe seo, tá a pinsean faoi réir laghdú bliantúil atá comhionann leis an méid sin.

D'fhill Áine ar feadh 60 lá san iomlán. Ní raibh an chéad 50 faoi réir laghdaithe faoin tarscaoileadh agus déantar athbhreithniú ar na 10 gcinn eile chun a fháil amach an bhfuil siad faoi réir laghdaithe.

Chun méid an laghdaithe do gach lá a oibríodh a ríomh, lean an modh thíos, le do thoil:

An Líon Laethanta sa bhliain scoile: 182
Pro rata do 10 lá a oibríodh: 10/182= 0.054945
Pá ar Fhilleadh do 10 lá a oibríodh €45,701 * 0.054945 = €2,511.04
VPinsean do 10 lá a oibríodh: €36,118 * 0.054945 = €1,984.50
Pá Inphinsin Roimhe Seo do 10 lá: €74,882 * 0.054945 = €4,114.39
10 lá tuarastail móide 10 lá pinsin €4,495.54 comhlán
10 lá de laghdú €381.15 comhlán
Laghdú Laethúil €38.12 comhlán

Sampla 4: Conradh Páirtaimseartha Rialta (RPT) Tá Feidhm ag Laghdú

Tabhair do d'aire: Chun laghdú a ríomh do Chonradh RPT:

1. Ríomh leibhéal an Laghdaithe do Choibhéis Lánaimseartha (FTE)

2. Cuir an ráta reatha pro-rata i bhfeidhm ar thoradh an laghdaithe FTE sin

Is múinteoir iar-bhunscoile atá ar scor í Lisa. Tairgeadh conradh RPT di ag an scoil ina raibh sí roimhe seo, áit nach mbeidh ach leath-laethanta á n-oibriú aici. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Lisa roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sí ar scor.

Déanfar pinsean Lisa a laghdú má tá (a Pá ar Fhilleadh di) + (Pinsean) níos mó ná (a Pá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí Lisa:

Pá comhlán bliantúil ar fhilleadh di €45,701 (FTE) €45,701/365.26 = €125.12 (Ráta Laethúil)
Ollphinsean bliantúil €36,118 €36,118/365.26 = €98.88 (Ráta Laethúil)
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €74,882 €74,882/365.26 = €205.01 (Ráta Laethúil)

Dá bhrí sin, i gcás Lisa, (Pá ar Fhilleadh Di) + (Pinsean) = €45,701 + €36,118 = €81,819.

Tuarastal Laethúil móide Pinsean Laethúil €224 comhlán
Laghdú Laethúil €18.99 comhlán
Laghdú Laethúil pro rata (0.5) €9.50 comhlán

Sampla 5: Fostaíocht Pháirtaimseartha ócáideach ar feadh breis agus 50 lá, tá Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir iar-bhunscoile atá ar scor í Laura agus tá sí tar éis filleadh ar an obair ar bhonn ionadaíochta, faoin gconradh seo oibríonn sé 3 rang 40 nóiméad in aghaidh na seachtaine. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Laura roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sí ar scor.

Déanfar pinsean Laura a laghdú má tá – (a Pá ar fhilleadh di) + (Pinsean) níos mó ná (a Pá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí Laura:

Pá comhlán bliantúil ar fhilleadh di €37,499
Ollphinsean bliantúil €36,750
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €73,500

Dá bhrí sin, sa chás seo, (Pá ar Fhilleadh Di) + (Pinsean) = €74,249.

De bhrí go bhfuil sé sin níos mó ná a Pá Inphinsin Roimhe Seo de €73,500, beidh a pinsean faoi réir laghdaithe do na huaireanta a oibríonn sí.

Chun méid an laghdaithe do gach rang a oibríodh a ríomh, lean an modh thíos, le do thoil:

An Líon laethanta sa bhliain scoile: 166
Pro rata do 1 lá: 1/166 = 0.6024%
Pro rata do rang 40 nóiméad: 0.0913% (á ríomh ar 4.4 uair an chloig in aghaidh an lae)
Pá ar Fhilleadh do 1 x rang 40 nóiméad: €34.23
Pinsean do 1 x rang 40 nóiméad: €33.54
Pá Inphinsin Roimhe Seo do 1 x rang 40 nóiméad: €67.09

Mar sin, is ionann costas an laghdaithe do 1 x rang 40 nóiméad agus €34.23 + €33.54 = €67.77. De bhrí go bhfuil €67.77 níos airde ná an Pá Inphinsin Roimhe Seo de €67.09, déantar an Pinsean a laghdú do €0.68 do gach rang 40 nóiméad a oibrítear agus mar thoradh air sin déantar laghdú seachtainiúil de €2.04 maidir le trí rang a mhúineadh.

Sampla 6: Fostaíocht Pháirtaimseartha ócáideach ar feadh breis agus 50 lá, tá Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir iar-bhunscoile atá ar scor í Karen agus tá sí tar éis filleadh ar an obair ar bhonn ionadaíochta, faoin gconradh seo oibríonn sé 10 rang 40 nóiméad in aghaidh na seachtaine. Níl sí i dteideal an tarscaoileadh 50 lá a fháil mar gur ghlac sí le post a mhairfidh níos faide ná 50 lá. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Karen roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sí ar scor.

Déanfar pinsean Karen a laghdú má tá – (a Pá ar Fhilleadh di) + (Pinsean) níos mó ná (a Pá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí Karen:

Pá Comhlán bliantúil ar Fhilleadh di €37,499
Ollphinsean bliantúil €36,750
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €73,500

Dá bhrí sin, sa chás seo, (Pá ar Fhilleadh Di) + (Pinsean) = €74,249.

De bhrí go bhfuil sé sin níos mó ná a Pá Inphinsin Roimhe Seo de €73,500, beidh a pinsean faoi réir laghdaithe do na huaireanta a oibríonn sí.

Chun méid an laghdaithe do gach rang a oibríodh a ríomh, lean an modh thíos, le do thoil:

An Líon laethanta sa bhliain scoile: 166
Pro rata do rang 40 nóiméad: 0.0913% (á ríomh ar 4.4 uair an chloig in aghaidh an lae)
Pá ar Fhilleadh do 1 x rang 40 nóiméad: €33.54
Pá Inphinsin Roimhe Seo do 1 x rang 40 nóiméad: €67.09

Mar sin, is ionann costas an laghdaithe do 1 x rang 40 nóiméad agus €34.23 + €33.54 = €67.77. De bhrí go bhfuil €67.77 níos airde ná an Pá Inphinsin Roimhe Seo de €67.09, déantar an Pinsean a laghdú do €0.68 do gach rang 40 nóiméad a oibrítear agus mar thoradh air sin déantar laghdú seachtainiúil de €6.80 maidir le 10 rang a mhúineadh.

Sa tábla thíos leagtar amach an Pá Comhlán ar fhilleadh lúide an laghdú do sheachtain amháin:

Pá Comhlán ar Fhilleadh €34.23 * 10 = €342.30
Laghdú €0.68 * 10 = €6.80
Ollphinsean lúide Laghdú €704.29 - €6.80 = €697.49
Ollioncam Iomlán don tseachtain (Pá ar fhilleadh móide Pinsean lúide Laghdú) €342.30 + €697.49 = €1,039.79

Dá bhrí sin, nuair a ríomhtar an laghdú is ionann an tuilleamh comhlán in aghaidh na seachtaine agus €1,039.79 v €1,046.59

Sampla 7: Fostaíocht ionadaíochta – Tá Feidhm ag Laghdú

Is múinteoir iar-bhunscoile atá ar scor í Amanda agus tá sí tar éis filleadh chun roinnt obair ionadaíochta a dhéanamh ag clúdach conartha do shaoire mháithreachais ar feadh 24 seachtain do 30 rang sa tseachtain (20 uair an chloig sa tseachtain). Níl sí i dteideal an tarscaoileadh 50 lá a fháil mar gur ghlac sí le post a mhairfidh níos faide ná 50 lá i.e. conradh do shaoire mháithreachais. Déantar an pá inphinsin a bhí ag Amanda roimhe seo a uasdátú chun léiriú a dhéanamh ar arduithe pá ar bith ó chuaigh sí ar scor.

Déanfar pinsean Amanda a laghdú má tá (a Pá ar Fhilleadh di) + (Pinsean) níos mó ná (a Pá Inphinsin Roimhe Seo)

Is iad seo a leanas rátaí Amanda:

Pá Comhlán bliantúil ar Fhilleadh Di €45,701
Ollphinsean bliantúil €36,118
Pá Comhlán Bliantúil Inphinsin roimhe seo €74,882

Dá bhrí sin, i gcás Amanda, (Pá ar Fhilleadh Di) + (Pinsean) = €45,701 + €36,118 = €81,819.

De bhrí go bhfuil sé sin €6,937 níos mó ná pá inphinsin Amanda roimhe seo, tá a pinsean faoi réir laghdú bliantúil atá comhionann leis an méid sin.

D'fhill Amanda ar feadh 120 lá san iomlán. Tá gach lá den 120 lá faoi réir Laghdaithe.

Chun méid an laghdaithe do gach rang a oibríodh a ríomh, lean an modh thíos, le do thoil:

An Líon laethanta sa bhliain scoile: 166
Pro rata do rang 40 nóiméad: 0.0913% (á ríomh ar 4.4 uair an chloig in aghaidh an lae)
Pá ar Fhilleadh do 1 x rang 40 nóiméad: €32.98
Pá Inphinsin Roimhe Seo do 1 x rang 40 nóiméad: €68.37

Mar sin, is ionann 1 x rang 40 nóiméad agus €41.73 + €32.98 = €74.71. De bhrí go bhfuil €74.71 níos airde ná an Pá Inphinsin Roimhe Seo de €68.37, déantar an Pinsean a laghdú do €6.34 do gach rang 40 nóiméad a oibrítear agus mar thoradh air sin déantar laghdú seachtainiúil de €190.20 maidir le tríocha rang a mhúineadh. Is é an laghdú iomlán do 24 seachtain ná €4,564.80.

Sa tábla thíos leagtar amach an Pá Comhlán ar fhilleadh lúide an laghdú do sheachtain amháin:

Pá Comhlán ar Fhilleadh €41.73 * 30 = €1,251.90
Laghdú €6.34 * 30 = €190.20
Ollphinsean lúide Laghdú €692.18 - €190.20 = €501.98
Ollioncam Iomlán don tseachtain (Pá ar fhilleadh móide Pinsean lúide Laghdú) €1,251.90 + €501.98 = €1,753.88

Dá bhrí sin, nuair a ríomhtar an laghdú is ionann an tuilleamh comhlán in aghaidh na seachtaine agus €1,753.88 v €1,944.08


Tuilleadh Eolais

Ciorclán 24/2022 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – Treoir maidir le Laghdú a chur i bhfeidhm ar Phinsin Cheirde na Seirbhíse Poiblí faoi Alt 52 (1) go (5) den Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012.

Ciorclán 24 2022 Treoir maidir le Laghdú a chur i bhfeidhm ar Phinsin Cheirde na Seirbhíse Poiblí

Tá tuilleadh sonraí sa Chiorclán seo maidir le lacáiste agus tuilleadh samplaí a chur i bhfeidhm.

Rinneadh gach iarracht cruinneas na faisnéise seo a chinntiú. I gcás earráide nó easnaimh, rialóidh forálacha na Scéime/na Scéimeanna.