An Ardteistiméireacht 2020
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Torthaí Scrúdú Scríofa na hArdteistiméireachta 2020
- Achomhairc na nGrád Ríofa
- Uasghrádaithe ar Ghráid Ríofa áirithe
- Torthaí na nAchomharc
- Teachtaireacht ón Aire Foley chuig mic léinn Ardteistiméireachta
- Freagraí ar do Cheisteanna
- Míniú ar na Gráid Ríofa
- Tacaí agus folláine – Faisnéis agus Acmhainní Folláine
- Lár-Oifig Iontrála
- Na scrúduithe Ardteistiméireachta a dhéanamh i mí na Samhna
- Gráid Ríofa - Leabharlann Doiciméad
An Ardteistiméireacht 2021
Torthaí Scrúdú Scríofa na hArdteistiméireachta 2020
Féadfaidh scoláirí na hArdteistiméireachta rochtain a fháil ar thorthaí na scrúduithe scríofa ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóiríatá ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS)
Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Eiseofar a gcuid torthaí do scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí go díreach ar ríomhphost.
Torthaí Scrúdaithe
Gheobhaidh scoláirí na hArdteistiméireachta na torthaí do na scrúduithe scríofa agus dóibh sin amháin, ach i gcás cúig cinn d’ábhair, ar ábhair iad ina ndearnadh an obair chúrsa a bhí i gceist a mharcáil mar go raibh sí críochnaithe roimh dhúnadh na scoileanna agus go bhfuil na marcanna sin curtha san áireamh i ngráid na n-ábhar sin. Is iad na hábhair atá i gceist ná:
- Dialanna na hEacnamaíochta Baile (atá marcáilte cheana féin ag CSS)
- Punann GCAT
- Obair chúrsa a bhaineann le Grafaic Dhearaidh & Chumarsáide
- An Tionscadal Gníomhaíochta Coirp don Chorpoideachas (PE)
- Obair chúrsa a bhaineann leis an innealtóireacht.
Próiseas Achomharc
Beidh fáil ag scoláirí nach bhfuil sásta lena gcuid torthaí ar phróiseas achomharc. Beidh sonraí maidir leis an bpróiseas sin ar fáil ag an am a n-eiseofar na torthaí.
Teastais Deiridh
Eiseofar na teastais deiridh d’iarrthóirí na hArdteistiméireachta go léir níos déanaí sa bhliain. I gcás scoláirí a fuair Gráid Ríofa agus a roghnaigh na scrúduithe a dhéanamh, beidh an grád is fearr a bronnadh orthu ar taispeáint ar a gcuid teastas. Féadfaidh scoláirí rochtain a fháil go fóill ar a nGráid Ríofa tríd an Tairseach Féinfhreastail.
Lár-Oifig Iontrála (CAO)
Soláthróidh CSS an t-eolas seo a leanas don Lár-Oifig Iontrála (CAO):
- Torthaí scrúduithe scríofa na hArdteistiméireachta i gcás scoláirí nach bhfuair Gráid Ríofa agus,
- i gcás scoláirí a fuair Grád Ríofa agus a rinne na scrúduithe scríofa a cuireadh siar, torthaí na scrúduithe scríofa i gcásanna inar baineadh amach grád níos airde.
Gheobhaidh iarrthóirí atá i dteideal tairiscint CAO níos airde a fháil de bharr na dtorthaí sin, tairiscint iarchurtha ar áit i gcoláiste chun tús a chur lena gcúrsa sa bhliain acadúil 2021/22. Beidh na hinstitiúidí ardoideachais a bheidh ag tabhairt tairiscintí níos fearr do scoláirí i dteagmháil leo le linn na seachtaine dar tús an 8 Feabhra. Chun glacadh le tairiscint iarchurtha, ní mór do scoláirí iarratas do 2021 a chur chuig an CAO mura bhfuil sin déanta cheana féin acu. Eiseofar tairiscintí foirmiúla an CAO i dtaca le háiteanna iarchurtha i mí Iúil.
Má tharlaíonn sé go mbeidh scoláire a bhfuil an chéad bhliain de chúrsa tosaithe aige nó aici i dteideal tairiscint CAO níos airde i ndiaidh na scrúduithe scríofa agus má roghnaíonn sé nó sí glacadh leis an tairiscint sin i mbliain acadúil 2021/22, beidh an freastal ar an gcéad bhliain den chúrsa nua incháilithe go fóill i gcomhair táillí in aisce agus maoiniú SUSI de réir mar is cuí.
Líne cabhrach
Beidh líne chabhrach á soláthar ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Iar-Bhunscoil (NPC-PP) le tacaíocht ó Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC) le treoir a cur ar fáil do scoláirí atá ag fáil a gcuid torthaí Dé Máirt seo chugainn, an 2 Feabhra 2021. Is treoirchomhairleoirí cáilithe a bheidh i mbun na líne agus tabharfaidh siad comhairle do scoláirí agus dá dtuismitheoirí maidir leis na torthaí scrúdaithe. Tá an líne ar fáil ar 1800 265 165 go dtí oíche Dé hAoine, an 5 Feabhra.
Torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí
Eiseofar torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i dtaca le foghlaimeoirí lánfhásta agus luathfhágálaithe scoile do na hionaid a ndearna siad na scrúduithe iontu.
Achomhairc na nGrád Ríofa
Cuirfidh na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomharc toradh Achomhairc na nGrád Ríofa ar fáil do scoláirí ar an Máirt an 2 Feabhra. Gheobhaidh scoláirí an toradh ar ríomhphost agus gheobhaidh siad teachtaireacht téacs chun a n-aird a dhíriú air sin.
Uasghrádaithe ar Ghráid Ríofa áirithe
Fógra is déanaí ar Uasghrádaithe ar Ghráid Ríofa áirithe, 30 Meán Fómhair 2020:
Freagraí ar do chuid ceisteanna
Ráiteas ón Aire Oideachais agus Scileanna Norma Foley 03 Deireadh Fómhair 2020
Ráiteas ón Aire Oideachais agus Scileanna Norma Foley 30 Meán Fómhair 2020
Torthaí na nAchomharc
Athosclaíodh Tairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí ar an Aoine an 16 Deireadh Fómhair chun torthaí a chur ar fáil do scoláirí a rinne achomharc i gcoinne na nGrád Ríofa a fuair siad san Ardteistiméireacht
Féadfaidh tú teacht ar Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí anseo.
Cuireadh isteach iarratais ar achomhairc idir 9am ar an 14 Meán Fómhair 2020 agus 5pm ar an 16 Meán Fómhair 2020.
Tá freagraí ar chuid de na ceisteanna is coitianta maidir leis an bpróiseas achomharc ar fáil anseo.
Is é an dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha comhlánaithe lena n-athbhreithniú ag Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc ná 5pm ar an Aoine an 23 Deireadh Fómhair 2020.
Teachtaireacht ón Aire Foley chuig mic léinn Ardteistiméireachta
Freagraí ar do Cheisteanna
Tugtar freagraí anseo ar roinnt de na ceisteanna is coitianta atá ag daltaí agus ag tuismitheoirí maidir le Gráid Ríofa, maidir leis an bpróiseas lena mbaineann agus maidir le hArdteistiméireacht na bliana 2020.
Míniú ar na Gráid Ríofa
Tá Treoir Eolais do Scoláirí ar Ardteistiméireacht 2020, Torthaí na nGrád Ríofa, ar fáil anseo.
Freagraítear roinnt ceisteanna comónta a bhíonn ag scoláirí agus a dtuismitheoirí mar gheall ar na Gráid Ríofa, an próiseas atá i gceist agus Ardteistiméireacht 2020, anseo.
Tá níos mó eolais mar gheall ar chóras na nGrád Ríofa, caighdeán agus dearbhú cáilíochta ar fáil anseo.
Is bailiúchán ábhair é seo, a foilsíodh roimh Mheáb Fómhair 2020, a bhaineann le próiseas na nGrád Ríofa de chuid Ardteistiméireacht 2020. San áireamh ann tá treoirdhoiciméid le haghaidh scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna.
Tacaí agus folláine – Faisnéis agus Acmhainní Folláine
Iarradh ar gach scoil socruithe a chur i bhfeidhm chun tacú le daltaí ag am torthaí. Déan teagmháil le do scoil chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tá tuilleadh faisnéise faoin líne chabhrach ar fáil ón gComhairle.
Féach an rannán seo a leanas chun teacht ar na bearta is féidir leat a dhéanamh chun tacú le d’fholláine ag an am seo.
Lár-Oifig Iontrála
Eiseofar tairiscintí chéad bhabhta Lár-Oifig Iontrála chuig iarratasóirí Dé hAoine an 11 Meán Fómhair.
Na scrúduithe Ardteistiméireachta a dhéanamh i mí na Samhna
Líne Cabhrach do na Scrúduithe
Tá fáil ar eolas faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaigh agus na hArdteistiméireachta, ar a n-áirítear uasdátuithe go rialta le linn tréimhse na scrúduithe, ar láithreán gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit www.examinations.ie. Is í an uimhir ghutháin do na fiosruithe go léir ná1800 111 135 and 1800 111 136.
Le linn tréimhse na scrúduithe scríofa (16 Samhain go 11 Nollaig 2020), beidh fáil ar bhaill foirne chun plé le fiosruithe ó 8.30am go 9.00pm ar laethanta scrúduithe agus ó 9.30am go 5.00pm ag an deireadh seachtaine. Lasmuigh de na huaireanta seo, is féidir teagmháil a dhéanamh ar an bpríomhuimhir 090 6442700 agus teachtaireacht ghairid a fhágáil leis an bhfoireann slándála.
Fiú amháin i gcás gur roghnaigh tú Gráid Ríofa a fháil, beidh deis agat go fóill na scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta a dhéanamh in ábhar amháin nó níos mó. Seolfar na scrúduithe sin i mí na Samhna 2020.
Féach anseo chun tuilleadh mionsonraí a fháil. Déanfar an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a chuirtear tuilleadh faisnéise ar fáil.
I gcás go ndéanfaidh tú an scrúdú Ardteistiméireachta, léireofar i do theastas deiridh Ardteistiméireachta na torthaí is fearr a bronnadh ort.
Mar shampla:
- i gcás go ndéanfaidh tú na scrúduithe i mí na Samhna agus gurb ísle an grád a gheobhaidh tú ná an Grád Ríofa a fuair tú san ábhar, is é an Grád Ríofa an grád a léireofar ar do theastas toisc gurb é sin an ceann is airde
- i gcás gurb airde an grád a gheobhaidh tú sa scrúdú i mí na Samhna ná an Grád Ríofa, is é an grád a fuair tú sa scrúdú an grád a léireofar ar do theastas
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach mbeidh gráid ó na scrúduithe i mí na Samhna ar fáil don Lár-Oifig Iontrála ná do UCAS don bhliain acadúil 2020/2021.
Gráid Ríofa - Leabharlann Doiciméad
Is bailiúchán ábhair é seo, a foilsíodh roimh Mheáb Fómhair 2020, a bhaineann le próiseas na nGrád Ríofa de chuid Ardteistiméireacht 2020. San áireamh ann tá treoirdhoiciméid le haghaidh scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna.