An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil
- Foilsithe: 2 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 27 Meán Fómhair 2022
Léirítear leis an Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) agus um Fhorbairt Ghairmiúil tuairim na Roinne maidir le hOiliúint Múinteoirí mar chontanam ó oiliúint tosaigh múinteoirí go hionduchtú agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL).
Cuirteann TES caighdeán an teagaisc agus na foghlama chun cinn trí chláir oiliúna ar ardchaighdeán a sholáthar d’oidí, mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach agus tacaíocht do phríomhoidí agus do mhúinteoirí. Déantar é sin trí na cláir oiliúna do mhúinteoirí, trí lárionaid oideachais agus seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí ar leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile.
Tacaítear le bainistíocht an phróisis sin trí choistí stiúrtha agus trí thacaíocht beartais a sholáthar, chomh maith le hoibriú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, leis an gCigireacht agus le rannóga eile den Roinn ar raon saincheisteanna.
An méid a dhéanaimid
- maoiniú a sholáthar le haghaidh oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí ar leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile agus bainistiú na hoiliúna sin
- tacaíocht d’athchóiriú an churaclaim agus do chláir nua, trí lárionaid oideachais, coláistí agus institiúidí tríú leibhéal eile agus trí sholáthraithe eile clár
- tacaíocht agus soláthar maoinithe do lárionaid oideachais
- comhaontú maidir le leibhéil ghlactha maidir le soláthar múinteoirí do bhunscoileanna, agus, i ndisciplíní áirithe, d’iarbhunscoileanna
- cláir inseirbhíse a sholáthar do mhúinteoirí tacaíochta foghlama agus do lucht pearsanra a oibríonn le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Déan teagmháil linn
Seoladh na Rannóige um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil:
An Roinn Oideachais, An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
Ríomhphost: TES@education.gov.ie
Uimhir theileafóin: (090) 648 3786