An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn
- Foilsithe: 27 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
- Straitéis Náisiúnta
- Comhchomhairliúchán Poiblí
- OFI go 2030: Glao ar Chistiú
- Comórtas Ealaíne OFI do Scoileanna 2024
- An Chéad Straitéis Náisiúnta OFI 2014-2020
- Nuachtlitir OFI
- Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna
- Cúrsaí FGL do Mhúinteoirí
- Sonraí Teagmhála
Straitéis Náisiúnta
An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI)
An Dara Straitéis Náisiúnta– OFI go 2030
Tá OFI go 2030 comhurraithe ag An Roinn Oideachas, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Comhchomhairliúchán Poiblí
Lá Domhanda na Cruinne, 22 Aibreán 2021, sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD agus an tAire Oideachais Norma Foley TD i gcomhar lena chéile comhairliúchán poiblí maidir leis an bhforbairt ar an dara Straitéis Náisiúnta ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030, ag an dá Roinn. Féach:
OFI go 2030: Glao ar Chistiú
Tá Glao Mhaoiniúcháin Bealtaine 2024 le haghaidh Eagraíochtaí dúnta anois
Comórtas Ealaíne OFI do Scoileanna 2024
Tá Comórtas OFI do Scoileanna dúnta anois. Míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt.
An Chéad Straitéis Náisiúnta OFI 2014-2020
Nuachtlitir OFI
Tá an Roinn tar éis nuachtlitir mar gheall ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) a fhoilsiú agus tá sí ar fáil thíos. Seol r-phost chuig ESD@education.gov.ie chun síntiús a ghlacadh.
Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna
Sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 (CAP21) samhlaítear go dtabharfadh an earnáil phoiblí ceannaireacht le dea-shampla i dtaca le gníomhú ar son na haeráide chun go mbainfí amach an sprioc atá ann laghdú 51% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de tráth nach déanaí ná 2050. Déanfaidh gach comhlacht de chuid na hearnála poiblí a mbaineann an Sainordú leis Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt ina leagtar amach an bealach a mbainfidh sé amach a chuid spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú astuithe.
Mar aitheantas don difríocht idir comhlachtaí móra poiblí agus earnáil na scoileanna agus an ról sainiúil atá ag scoileanna i réimsí an Oideachais don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na hAeráide foilsíodh Sainordú na hEarnála Scoileanna um Ghníomhú ar son na hAeráide, ar sainordú tiomnaithe é, i mí an Mhárta 2023. I Sainordú na hEarnála Scoileanna um Ghníomhú ar son na hAeráide, leagtar amach na spriocanna foriomlána maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar úsáid fuinnimh agus conas is féidir le scoileanna a gcion a dhéanamh sa chlár um ghníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear glacadh le Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta.
Tá Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna forbartha ag an Roinn chun tacú leo maidir le glacadh le Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta. San áireamh san fhoireann uirlisí tá:
Uirlis féinmheasúnaithe don inbhuanaitheacht
Doiciméad treoirlínte inbhuanaitheachta
Teimpléad do Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta
Féadfaidh do scoil an fhoireann uirlisí inbhuanaitheachta a úsáid chun tacú le forbairt a dhéanamh ar Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta do scoile. Déan an obair atá á déanamh ag do scoilse chun ceannaireacht a léiriú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide a cheiliúradh agus a roinnt.
Cúrsaí FGL do Mhúinteoirí
Tá an liosta seo de dheiseanna Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) a bhaineann le ESD do mhúinteoirí curtha le chéile ag an Roinn. Déanfar an liosta a nuashonrú de réir mar is gá.
Sonraí Teagmhála
OFI ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile: ESD@education.gov.ie
OFI ag leibhéal breisoideachais agus ardoideachais: ESD@dfheris.gov.ie
OFI ag leibhéal na luathfhoghlama agus an chúraim: ESD@equality.gov.ie