English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An tSraith Shóisearach



Curaclam

Freastalaíonn an tSraith Shóisearach ar scoláirí sna chéad trí bliana den oideachas iar-bhunscoile.

Tugadh isteach an tsraith shóisearach ar bhonn céimnithe idir Meán Fómhair 2014 agus Meán Fómhair 2021. Tá ábhair agus gearrchúrsaí leasaithe le fáil ann, agus fócas ar phríomhscileanna, agus ar chuir chuige nua maidir le measúnú agus tuairisciú. Tá níos mó saoirse ag scoileanna chun cláir a dhearadh don tsraith shóisearach, cláir a chomhlíonann riachtanais foghlama gach scoláire. Maidir leis an tsraith shóisearach do scoláirí, is meascán d’ábhair agus gearrchúrsaí, chomh maith le taithí foghlama eile, atá mar chuid den churaclam sna scoileanna. Anuas ar mheasúnuithe rangbhunaithe, déanann scoláirí scrúduithe stáit ag deireadh thrí bliana na sraithe sóisearaí agus faigheann Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Ó 2022 ar aghaidh, beidh leasú déanta ar gach ábhar agus gearrchúrsa sa tsraith shóisearach agus beidh deireadh curtha leis an Teastas Sóisearach ina chéimeanna. Is féidir gach nasc chuig cáipéisí curaclaim d’iarchlár an teastais shóisearaigh a fháil i gcartlann na n-ábhar ar www.ncca.ie.

Nóta Eolais maidir leis an tSraithShóisearach do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí
Amharc amharc

Measúnuithe rangbhunaithe

I rith an dara agus an tríú bliain, cuireann scoláirí roinnt Measúnuithe Rangbhunaithe i gcrích. Anuas ar mheasúnuithe rangbhunaithe, déanann scoláirí scrúduithe stáit ag deireadh thrí bliana na sraithe sóisearaí agus faigheann Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Cuirtear aonaid tosaíocht foghlama (ATFanna) ar fáil do ghrúpaí beaga scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar gheall ar na gnéithe seo bíonn na ráitis foghlama agus príomhscileanna mar dhlúthchuid de shaol an scoláire le linn thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Comhairle maidir le measúnuithe rangbhunaithe a sceidealú sa tSraith Shóisearach
Amharc amharc

Creat-don-tSraith-Shoisearach-2015


An tStraith Shóisearach


Maidir le Folláine na Sraithe SóisearaíEolas do Thuismitheoirí/Caomhnóirí

Maidir le Folláine na Sraithe SóisearaíEolas do Thuismitheoirí/Caomhnóirí
Amharc amharc