An tStraith Shóisearach 2023
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2024
- An tStraith Shóisearach 2023
- Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2023
- Na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí in 2022/2023
- Scrúdíú Na Sraithe Sóisearaí Tráthchlár 2023
An tStraith Shóisearach 2023
Ar an 2 Meán Fómhair 2022, d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, go ndéanfar coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do scoláirí atá leis na scrúduithe Stáit a dhéanamh in 2023, lena chur san áireamh an cur isteach ar a gcuid foghlama i rith phaindéim COVID-19: léigh an preasráiteas iomlán Item was unpublished or removed .
Eisíodh chuig na scoileanna doiciméad ina bhfuil mioneolas faoi na socruithe measúnaithe coigeartaithe do chláir na hArdteistiméireachta Seanbhunaithe, na hArdteistiméireachta Feidhmí, Ghairmchlár na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí, agus is féidir teacht air anseo freisin, iarrfar ar scoileanna a chinntiú go bhfuil na scoláirí uile ar an eolas faoi na hathruithe seo.
Beidh an leibhéal coigeartaithe mar an gcéanna agus a bhí sé i mí Lúnasa 2021, ach tabharfar é suas chun dáta de réir mar is cuí. Mar thoradh ar na coigeartuithe seo, tabharfar tús áite do láidreachtaí na scoláirí, trí ghnáthstruchtúr foriomlán na scrúduithe a fhágáil slán, agus ag an am céanna rogha bhreise a chur san áireamh le haghaidh na scoláirí sna scrúduithe. I roinnt cásanna, mar thoradh ar na bearta coigeartaithe, cuirfear níos mó ama ar fáil don teagasc, mar shampla, tríd an obair ullmhúcháin a laghdú le haghaidh na scrúduithe praiticiúla.
Cuireann siad soiléireacht, cinnteacht agus athdhearbhú ar fáil do na scoláirí, dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, múinteoirí agus scoileanna ag tús scoilbhliain 2022/2023.
Thángthas ar na coigeartuithe seo trí phlé idir an Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, agus na príomhpháirtithe leasmhara.
Déanfar na hathruithe seo ag tabhairt aird mar is cuí do phrionsabail na córa, na cothroime agus an ardchaighdeáin, i dtaca le comparáidí scoláire le scoláire, ábhar go hábhar agus ó bhliain go bliain.
Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2023
Na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí in 2022/2023
I mí Mheán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta na socruithe athbhreithnithe le haghaidh Measúnuithe Rangbhunaithe do scoláirí a bhí ag teacht isteach sa tríú bliain sa bhliain 2022. Tá na socruithe sin ar fáil anseo
Foilseofar tuilleadh mionsonraí faoi scrúduithe Sraithe Sóisearaí na bliana 2023 anseo de réir mar a chuirtear ar fáil iad.