English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ardteistiméireacht 2020: Eolas agus Acmhainní



Réamhrá

Is é aidhm an leathanaigh seo ná an méid soiléire agus is féidir a chur ar fáil maidir leis na cinntí a rinneadh faoi scrúduithe Ardteistiméireachta (AT), Ardteistiméireachta Feidhmí (ATF) agus Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) 2020.


Rochtain ar Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí

Tá Tairseach na nDaltaí: Gráid Ríofa oscailte anois le clárú.

Cliceáil anseo le rochtain a fháil ar Thairseach na nDaltaí: Gráid Ríofa

Torthaí na nGrád Ríofa

Eiseofar na Gráid Ríofa chuig scoláirí ar an 7 Meán Fómhair

Fágfaidh sé sin dóthain ama ag scoláirí a rinne iarratas ar áit i gcoláiste tríd an CAO nó trí UCAS sa Ríocht Aontaithe don bhliain acadúil 2020/2021, mar go bhfuil an CAO agus UCAS araon toilteanach síneadh a chur lena n-amlíne chun freastal ar an bpróiseas nua seo.

Ceadóidh sé freisin do scoláirí dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus oiliúint chomh gar agus is féidir don am a mbeidís á dhéanamh sin dá mba rud é go ndéanfaí scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil mar is gnách.

Cé go bhfuil sé beagán níos déanaí ná mar a bheadh sé dá mbeadh scoláirí tar éis na scrúduithe a dhéanamh, is é seo an tráth is luaithe a fhéadfar na torthaí a chur ar fáil, ó tharla go mbaineann próiseas dian agus daingean le próiseas na nGrád Ríofa.

Cuimsíonn an próiseas sin próiseas caighdeánaithe náisiúnta, bailíochtú na samhla staitistiúla agus mórán seiceálacha maidir le dearbhú cáilíochta lena chinntiú go mbeidh na gráid cruinn, iontaofa agus cóir do gach scoláire. Tá treoir níos mionsonraithe do phróiseas na nGrád Ríofa ar fáil anseo:

Treoir Ghairid do na Próisis a bhaineann le Bailiú Sonraí, Caighdeánú Náisiúnta agus Dearbhú Cáilíochta na nGrád Ríofa.

Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus atá ag Scrúdú na hArdteistiméireachta

Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus a bhí ag na torthaí Ardteistiméireachta a tugadh do scoláirí sna blianta roimhe seo agus a thabharfar dóibh sna blianta amach anseo.

Ní bheidh rang na hArdteistiméireachta in 2020 faoi mhíbhuntáiste ar bhealach ar bith de bharr Gráid Ríofa a fháil, i gcomparáid le scoláirí Ardteistiméireachta roimhe seo nó amach anseo.

Tá sé soiléirithe ag an Rialtas do sholáthraithe ardoideachais agus breisoideachais, d'fhostóirí, agus d’institiúidí ardoideachais thar lear go bhfuil an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus atá ag an Ardteistiméireacht.

Tuilleadh mionsonraí faoi sin:

Mar thoradh ar na próisis dhaingne agus dhiana a cuireadh i bhfeidhm chun teacht ar na Gráid Ríofa, beidh an seasamh céanna ag na gráid sin agus glacfar lena luach ar aon dul le gráid na hArdteistiméireachta roimhe seo agus amach anseo. Ciallaíonn sé sin go bhféadfar iad a úsáid chun cead a thabhairt duit dul ar aghaidh ón dara leibhéal agus cibé conair a roghnóidh tú a leanúint chuig staidéar breise nó chuig saol na hoibre.

Más rud é go roghnóidh tú ag an am seo dul ar aghaidh chuig saol na hoibre agus má chinneann tú am éigin amach anseo filleadh ar an oideachas, beidh an seasamh céanna ag Gráid Ríofa 2020 agus atá ag aon ghráid scrúduithe de chuid na hArdteistiméireachta maidir le háit a bhaint amach i gcomhair staidéar breise ag an am sin. Beidh an teastas a gheobhaidh tú ar aon dul leis an gceann a bheadh le fáil agat dá mba rud é go rachadh na scrúduithe ar aghaidh mar is gnách.

Má roghnaíonn tú ceann amháin nó níos mó de na scrúduithe a reáchtálfar amach anseo a dhéanamh, déanfar do Ghráid Ríofa agus torthaí do scrúdaithe a chomhtháthú san Ardteistiméireacht deiridh a gheobhaidh tú ar an mbealach is fabhraí duitse.

Na Scrúduithe Ardteistiméireachta a reáchtálfar Amach Anseo a dhéanamh

Fiú má roghnaíonn tú Gráid Ríofa a fháil beidh deis agat fós an Ardteistiméireacht a reáchtálfar amach anseo a dhéanamh in ábhar amháin nó níos mó.

Má dhéanann tú é sin, léireoidh an Ardteistiméireacht deiridh a gheobhaidh tú na torthaí is fearr duitse. Mar shampla:

  • Má dhéanann tú na scrúduithe a bheidh ar siúl amach anseo agus má fhaigheann tú grád atá níos ísle ná an Grád Ríofa a fuair tú san ábhar sin, taispeánfaidh do theastas an Grád Ríofa, mar gurb é sin an grád is airde.
  • Má fhaigheann tú grád níos airde sa scrúdú a reáchtálfar amach anseo, is é sin an grád a bheidh ar do theastas.

Ainneoin sin, tá sé tábhachtach go dtabharfá do d’aire nach mbeidh gráid ó na scrúduithe a reáchtálfar amach anseo ar fáil in am don CAO agus do UCAS don bhliain acadúil 2020/2021.

An chúis nach bhfaighidh roinnt daoine Gráid Ríofa in ábhar nó in ábhair:

Cruthaíodh córas na ngrád ríofa chun go bhféadfadh an líon is mó is féidir den 61,000 scoláire i rang na hArdteistiméireachta in 2020 dul ar aghaidh chuig fostaíocht, breisoideachas agus oiliúint, nó chuig an ardoideachas ar bhealach atá cóir agus cothrom do gach scoláire.

Cuireann na príomhphrionsabail a bhaineann le hoibiachtúlacht, cothromas agus cothroime buntaca faoin gcóras. Ionas go ndéanfar córas na nGrád Ríofa a fheidhmiú go hionraic, agus lena chinntiú go gcaithfear go cothrom le gach scoláire, ní fhéadfar glacadh le marc céatadáin measta, bunaithe ar fhianaise atá iontaofa agus sásúil, ach amháin ó fhoinse chuí.

Tá dhá ghrúpa scoláirí faoi leith ann a bhféadfadh sé nach mbeadh ar a gcumas Gráid Ríofa a fháil:

  • scoláirí atá rollaithe san oideachas lánaimseartha ach a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhar/ábhair bhreise taobh amuigh den scoil
  • scoláirí seachtracha nach bhfuil rollaithe san oideachas lánaimseartha agus a bhféachtar orthu mar fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil.

Scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh dá scoil

I gcásanna ina bhfuil scoláire ag freastal ar scoil, ach go bhfuil staidéar á dhéanamh ag an scoláire sin ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil, iarradh ar phríomhoidí gach iarracht a dhéanamh marc measta a chur ar fáil don ábhar/do na hábhair sin ar an gcoinníoll go raibh dóthain fianaise iontaofa ar fáil ó fhoinse chuí.

Mura raibh an príomhoide ábalta marc measta a chur ar fáil do scoláire ar bith, iarradh air/uirthi é sin a chur in iúl d’Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa (OFGR) sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag OFGR faoi láthair ar na tuairiscí sin leis na scoileanna ábhartha, lena chinntiú gur leanadh na nósanna imeachta cearta.

Foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil

Bhí ar fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil, is é sin le rá scoláirí Ardteistiméireachta nach raibh ag freastal ar scoil ar bith ar bhonn lánaimseartha, iarratas a dhéanamh go díreach chuig OFGR chun Gráid Ríofa a fháil agus tá na hiarratais sin á bpróiseáil i láthair na huaire. Rachaidh OFGR i dteagmháil le scoláire ar bith sa ghrúpa sin nach bhfuil iarratas déanta aige/aici go fóill le go gcuirfí san áireamh é/í do Ghráid Ríofa lena dheimhniú an mian nó nach mian leis/léi é sin a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas sin, déanfar teagmháil leis na múinteoirí, na teagascóirí nó na hionaid foghlama, a d'ainmnigh an scoláire chun marc measta a sholáthar ar a s(h)on.

Nuair a mheastar nach bhféadfar Grád Ríofa a chur ar fáil in ábhar/ábhair, d’fhoghlaimeoir taobh amuigh den scoil nó do scoláire a bhfuil staidéar á dhéanamh aige/aici ar ábhar taobh amuigh den scoil, rachaidh OFGR i dteagmháil leis an scoláire chun an cinneadh sin a chur in iúl dó/di. Tabharfar deis don scoláire achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Má tá an scoláire míshásta fós féin, féadfaidh sé/sí dul i muinín próiseas neamhspleách um achomhairc a iniúchadh más mian leis/léi sin a dhéanamh. Ní mór an próiseas sin a chur i gcrích ionas go mbeidh an t-eolas sin ar fáil don phróiseas caighdeánaithe náisiúnta a mbeidh na gráid ríofa á nginiúint aige. Déanfaidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta na sonraí scoilfhoinsithe a chomhcheangal leis na sonraí stairiúla lena chinntiú go léireoidh na Gráid Ríofa caighdeáin atá ailínithe i gceart ar fud scoileanna agus le caighdeán náisiúnta.

Ainneoin na n-iarrachtaí go léir atá déanta ag scoileanna agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun Gráid Ríofa a chur ar fáil don líon is mó scoláirí is féidir, beidh roinnt bheag cásanna ann nach bhfuil aon fhianaise iontaofa ar fáil ina leith ó fhoinse chuí chun tacú le Grád Ríofa in ábhar faoi leith. Ní bheadh cothrom na féinne á thabhairt do na scoláirí eile go léir dá ndéanfaí iarracht Grád Ríofa a thabhairt i gcásanna den sórt sin.

I gcás nach bhféadfar Grád Ríofa a chur ar fáil, beidh deis ag scoláirí scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 a dhéanamh tráth níos déanaí in ábhar amháin nó níos mó, nuair a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh.

An tArd-Oideachas – Riachtanais Mháithreánaigh

In 2020, i gcás scoláirí a rinne iarratas ar Ghrád Ríofa in ábhar nó in ábhair san Ardteistiméireacht in 2020, ar mhaithe le máithreánach/bunriachtanais iontrála a shásamh agus ar scoláirí iad nárbh fhéidir le hOifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa Grád Ríofa a bhronnadh orthu in ábhar (ábhair), tabharfar díolúine do na scoláirí sin san ábhar (sna hábhair) chun críocha máithreánaigh/bunriachtanais iontrála agus chun na críocha sin amháin.

Tabharfar na díolúintí sin sa ghnáthchúrsa agus ní gá do scoláirí iarratas aonair a dhéanamh.

Déanfar an t-ábhar (na hábhair) a chur san áireamh mar ábha(i)r i gcomhair máithreánaigh ach ní bheidh aon phointí ag gabháil leo.

Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an díolúine (na díolúintí) chun riachtanais bhreise a bhaineann le cláir a shásamh le cois na riachtanas maidir le máithreánach/bunriachtanais iontrála.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó oifigí iontrála na n-institiúidí ardoideachais ar leith.

Má chinneann OFGR nach bhféadfar Grád Ríofa a bhronnadh ort, ní gá duit aon ghníomh eile a dhéanamh chun an díolúine a fháil.

Iarrfaidh OFGR ar gach foghlaimeoir taobh amuigh den scoil, fiú iad siúd nach bhfuil incháilithe, teagmháil a dhéanamh leo ionas go mbeidh na taifid atá aici maidir leo siúd nach bhféadfar grád ríofa a chur ar fáil dóibh chomh cruinn agus is féidir chun an t-eolas sin a chur ar fáil don CAO.

Na modhanna a úsáidtear go hidirnáisiúnta chun dul ar aghaidh ón scolaíocht dara leibhéal a éascú:

Ó tharla go bhfuil an phaindéim ar fud an domhain, ní in Éirinn amháin atá modhanna malartacha á n-úsáid ar mhaithe le gnóthachtáil a theistiú, chun an dul aghaidh ón scolaíocht dara leibhéal a éascú. Tá próiseas meastacháin á fheidhmiú chun gnóthachtáil a theistiú sa Ríocht Aontaithe i gcás scrúduithe GCSE agus A-leibhéal. Tá cur chuige cosúil leis sin á úsáid sa Fhrainc i gcás an Baccalaureate agus i ndlínsí eile.

Cé nach bhfuil próisis chomhionanna á n-úsáid i ngach ceann de na dlínsí sin, de bharr éagsúlachtaí sna sonraí agus san eolas atá ar fáil agus na cineálacha éagsúla measúnuithe atá i gceist, tá siad bunaithe ar shonraí den chineál céanna, lena n-áirítear gnóthachtáil na scoláirí roimhe seo agus torthaí a baineadh amach sna scrúduithe roimhe seo.

Dá bharr sin, agus i bhfianaise na bpróiseas daingean agus dian a bhaineann leis an bpróiseas caighdeánaithe náisiúnta, beidh an stádas céanna ag torthaí chóras na nGrád Ríofa agus a bhí ag an Ardteistiméireacht sna blianta roimhe seo. Féadfar é a úsáid chun rochtain a fháil ar staidéar breise taobh amuigh d’Éirinn, lena n-áirítear, mar shampla trí chóras UCAS sa Ríocht Aontaithe.

Mo Ghráid Ríofa a Fháil – Treoir do Scoláirí
Conas glacadh leis an rogha Gráid Ríofa a fháil don Ardteistiméireacht in 2020
Amharc amharc

Príomhchinntí

Rinneadh an cinneadh Ardteistiméireacht 2020 a chur ar athlá agus córas Grád Ríofa a thairiscint do na scoláirí.

Beidh gráid ríofa á dtairiscint do scoláirí a bhfuil an Ardteistiméireacht sheanbhunaithe, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) nó Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) á gcur i gcrích acu in 2020. Beidh an próiseas grád ríofa i bhfeidhm do na Nascmhodúil den GCAT. Cuirfear gráid ríofa ar fáil do scoláirí ATF le haghaidh ábhar, tascanna agus speisialachais ghairmiúla a bhí le bheith curtha i gcrích in 2020.

Is féidir leat an treoir iomlán maidir leis na gráid ríofa do scoláirí Ardteistiméireacht 2020 a léamh anseo:

Treoir maidir le Gráid Ríofa do scoláirí Ardteistiméireacht 2020

Tá tuilleadh comhairle agus eolais maidir le conas a glacadh leis na cinntí seo ar fáil ar: www.education.ie/covid19


Oibiachtúlacht agus cothroime an chuir chuige

I gcroílár na gcéimeanna caighdeánaithe scoilbhunaithe agus náisiúnta den chóras grád ríofa tá an tiomantas don oibiachtúlacht agus cothroime do na scoláirí aonair agus do na scoláirí eile ar fad araon. Chun é seo a chinntiú, ní féidir an próiseas scoilbhunaithe a chur i mbaol.

Dá bhrí sin, ní féidir leis an bpríomhoide, leas-phríomhoide/ leas-phríomhoidí, múinteoirí nó baill eile d’fhoireann na scoile, i gcás ar bith, na marcanna measta agus ranguithe atá á gcur isteach ag an scoil a phlé ná a nochtadh le haon scoláire ná le haon tuismitheoir nó caomhnóir d’aon scoláire. Tá dhá chúis leis seo:

  • Ní gá gurb é an marc a shannann an scoil an marc deiridh a gheobhaidh an scoláire agus dá bhrí sin chuirfí an scoláire amú dá bhfaigheadh sé/ sí an marc sin sula gcuirfí na próisis ghrád ríofa i gcrích agus sula mbeadh na cinntí tugtha chun críche.
  • Dá gceadófaí rochtain agus plé ar ghráid mheasta sula gcríochnófaí an próiseas grád ríofa, chuirfí isteach ar chur i gcrích ceart cothrom an phróisis. Dá bpléifeadh múinteoirí na marcanna le scoláirí áirithe agus gan iad a phlé le scoláirí eile, nó dá ndéanfadh roinnt múinteoirí é seo ach mura ndéanfadh múinteoirí eile é, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bplé seo (go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach) ar an marc a chuireann an múinteoir faoi bhráid an ghrúpa um ailíniú ábhair.

Ar an gcaoi chéanna, ní féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoláirí, i gcás ar bith, teagmháil nó iarracht a dhéanamh teagmháil, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, go díreach nó go hindíreach, a dhéanamh le múinteoir ná le ball eile den fhoireann ag pointe ar bith leis na marcanna measta nó ranguithe a phlé atá le tabhairt do scoláire in ábhar ar bith. Ní mór do mhúinteoirí agus scoileanna gan bheith faoi thionchar, faoi bhreabadh (bronntanais san áireamh), faoi bhrú ná faoi iallach ag tuismitheoir/caomhnóir, scoláire ná aon duine eile i dtaca le marc nó rangú scoláire sula dtugtar é nó tar éis é a thabhairt.

D’fhéachfaí ar a leithéid de theagmháil mar rud atá go hiomlán míchuí agus mar iarracht thromchúiseach le cur isteach ar an gcothroime agus oibiachtúlacht a éilítear ar mhúinteoirí agus ar scoileanna nuair atá na marcanna agus ranguithe á dtabhairt don scoláire ar leith lena mbaineann agus do na scoláirí sa scoil ina hiomláine.


Eolas do Scoláirí na hArdteistiméireachta

Chuala tú faoi chinneadh an Rialtais maidir le hArdteistiméireacht 2020 agus maidir leis an gcóras nua Grád Ríofa.

Chun cuidiú le freagraí a thabhairt ar roinnt de na ceisteanna tá an treoir seo curtha ar fáil againn chun cabhrú le míniú a thabhairt ar an gcúis ar thángamar ar an gcinneadh seo, cad a chiallaíonn sé do scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí agus conas a tharlóidh sé.

Déantar an chuid seo a nuashonrú go rialta. Tar éis an fhógra ar an 21ú Bealtaine 2020 rinneadh na freagraí a nuashonrú le heolas a chur san áireamh maidir le conas a oibreoidh an córas Grád Ríofa i scoileanna.

Is féidir le scoileanna teacht ar mhioneolas faoin bpróiseas anseo: Cuir i ngníomh Samhail na nGrád Ríofa don Ardteistiméireacht 2020

Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil


Freagraí ar do cheisteanna