Ardteistiméireacht 2020: Freagraí ar do chuid Ceisteanna – Bealtaine 2020
- Foilsithe: 17 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2020
Ceisteanna agus freagraí Bealtaine 2020
Cuireadh na ceisteanna agus na freagraí thíos le chéile tar éis an fhógra ar an 8ú Bealtaine go mbeidh scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020, a bhí le reachtáil ar an 29 Iúil, curtha ar athló, agus go mbeidh gráid ríofa á dtairiscint mar rogha do scoláirí do na hábhair a bhí á staidéar acu agus go mbeidh an deis acu dul faoi ghnáthscrúdú scríofa Ardteistiméireachta 2020 nuair a bheidh sé sábháilte lena ndéanamh. Cuireadh na freagraí is déanaí do na ceisteanna thíos ar an suíomh seo ar 25 Meitheamh agus ní bheidh aon eolas nua amach anseo. Mar sin, tá seans ann nach bhfuil an t-eolas ar fad atá anseo cruinn a huile. Leis an eolas is cruinne maidir le Gráid Ríofa a fháil, cliceáil anseo Ardteistiméireacht 2020
Cinntí maidir le hArdteistiméireacht 2020
1. Cad a fógraíodh agus cén fáth?
Tá scrúduithe scríofa Ardteistiméireacht 2020 a bhí athsceidealta roimhe seo le tosú ar an 29 Iúil curtha ar athlá. Anois déanfar Gráid Ríofa a thairiscint do na Scoláirí. Beidh an deis acu freisin na scrúduithe a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
Tar éis mionphlé a dhéanamh, is é breithmheas docht na Roinne go mbeadh an iomarca riosca ag baint leis na scrúduithe do na scoláirí, a dteaghlaigh agus na daoine a bhfuil baint acu lena reáchtáil.
Mar thoradh ar an lóistíocht leis na scrúduithe a reáchtáil, agus mar gheall ar na réamhchúraimí nach mór a bheith curtha i bhfeidhm le cosc a chur ar an mbaol go mbeadh ionfhabhtú sa bhreis ann, chiallódh sé nach mbeidís á reáchtáil faoi na gnáthdhálaí.
2. An mbeidh Ardteistiméireacht 2020 ann?
Beidh. Tabharfar an rogha do na scoláirí uile Teastas Stáit de Ghráid Ríofa a fháil i ngach ábhar. Beidh an stádas céanna aige agus atá ag na hArdteistiméireachtaí a bronnadh ar scoláirí sna blianta roimhe seo.
Tabharfar an deis do scoláirí freisin scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh más mian leo nuair a bheidh sé sábháilte agus indéanta é a dhéanamh.
3. Cén fáth nár cuireadh na scrúduithe ar líne nó nár athraíodh iad chun ligean do dhaoine páipéir níos giorra a dhéanamh?
Rinneadh cuid mhór cásanna éagsúla a mheas i gcaitheamh roinnt seachtainí, agus ar na fabhtanna agus lochtanna a bhí ag gach ceann díobh.
Níl aon réiteach foirfe ar an dúshlán seo nach bhfacthas riamh roimhe seo.
Scrúduithe ar líne; páipéir níos giorra; níos lú scrúduithe – ní bheadh aon cheann de na roghanna seo chomh cothrom mar mheasúnú agus a bheadh an tsamhail Grád Ríofa. Chomh maith leis sin, bheidís éagsúil go sonrach/go suntasach le scrúduithe na Ardteisméireachta roimhe seo agus lena bhfuil na scoláirí agus a múinteoirí ar an eolas fúthu agus lena raibh siad ag ullmhú dóibh ó thaobh struchtúir, formáide agus ábhair, le dhá bhliain anuas.
Dá mbeadh athruithe mar sin ann bheadh ceist ann faoi bhailíocht na scrúduithe stáit i mbliana.
4. Cad a tharlaíonn má dhéanaim iarratas ar na scrúduithe a dhéanamh, ach ansin mura mbím in ann iad a dhéanamh, an bhfaighidh mé an dara deis chun iad a dhéanamh?
Ní bheidh ach Scrúdú Ardteistiméireacht 2020 amháin á reáchtáil le haghaidh scrúduithe 2020.
5. Cad iad na mionsocruithe atá ann do scrúduithe na hArdteistiméireachta atá le reáchtáil níos déanaí i mbliana?
Beidh an CSS ag obair ar na mionsocruithe le haghaidh na scrúduithe seo, faoi threoir comhairle sláinte, ar ndóigh.
6. Cad faoi tháille na hArdteistiméireachta?
Má roghnaíonn scoláirí scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh, ní iarrfar aon táille. Gheobhaidh aon duine a d’íoc cheana féin aisíocaíocht.
7. Cathain a thagann deireadh leis an teagasc do scoláirí sa bhliain deiridh den Ardteistiméireacht, ag cur san áireamh go bhfuil na gráid ríofa á gcur i bhfeidhm anois?
Ó bhí an 11 Bealtaine 2020 ann, tháinig deireadh leis an teagasc (cé acu a raibh sé ar líne nó ar bhealaí eile) do scoláirí ardteistiméireachta sa séú bliain. Baineann sé seo leis an Ardteistiméireacht sheanbhunaithe, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT).
Níl aon obair bhreise á glacadh ó na scoláirí ón dáta seo. Ní féidir le múinteoirí agus scoláirí plé a dhéanamh ar ghnóthachtáil an scoláire san ábhar le dhá bhliain anuas. Agus ní féidir leo plé a dhéanamh ar rangú an scoláire i rang, ná ar a m(h)arc measta ná ar an leibhéal ag a gcuirfear marc measta ar fáil in ábhar.
Mar sin féin, tá na scoláirí fós mar scoláirí na scoile go dtí deireadh an téarma scoile ar an 29ú Bealtaine. Ó thaobh ról na scoile chun tacú le folláine scoláirí na hArdteistiméireachta, ba chóir go mbeadh ról na Foirne Tacaíochta do Scoláirí mar atá leagtha amach sa treoir a eisíodh chuig scoileanna le déanaí, ar fáil go dtí deireadh an téarma scoile. Is féidir leat teacht ar naisc chuig na tacaíochtaí atá curtha ar fáil ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) anseo.
8. An féidir le Treoirchomhairleoirí leanúint ar aghaidh ag obair le scoláirí tar éis an 11 Bealtaine 2020 nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an teagasc?
Prótacal do Threoirchomhairleoirí agus do bhaill na Foirne Tacaíochta do Scoláirí
Tá ról tábhachtach fós ag scoileanna chun tacú le folláine scoláirí na hArdteistiméireachta.
Tá siad fós mar scoláirí na scoile go dtí deireadh an téarma scoile ar an 29 Bealtaine 2020, agus ba chóir go mbeadh ról na Foirne Tacaíochta do Scoláirí mar atá leagtha amach sa treoir a eisíodh chuig scoileanna le déanaí, ar fáil go dtí an pointe sin.
Tá cead ag Treoirchomhairleoirí leanúint ar aghaidh agus tacaíocht treoirchomhairleoireachta a chur ar fáil do scoláirí sa 6ú bliain (1:1 agus obair i ngrúpaí beaga). Is féidir é seo a chur ar fáil do scoláirí ar mian leo a n-ábhair imní shóisialta, phearsanta, oideachais agus ghairme a phlé.
Mar sin féin, sula ndéantar aon idirghabháil phleanáilte leis na scoláirí ní mór ráiteas soiléir a chur in iúl do na scoláirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí nach mbeidh an treoirchomhairleoir ag dul i mbun aon phlé maidir leis an bpróiseas grádaithe ríofa ná na marcanna a bhronnfadh na múinteoirí. Ní féidir le Treoirchomhairleoirí, múinteoirí agus scoláirí plé a dhéanamh ar ghnóthachtáil an scoláire le dhá bhliain anuas. Agus ní féidir leo plé a dhéanamh ar rangú an scoláire i rang, ná ar a m(h)arc measta ná ar an leibhéal ag a gcuirfear marc measta ar fáil in ábhar.
Sula mbíonn aon chomhrá idir scoláirí na hArdteistiméireachta agus baill na Foirne Tacaíochta do Scoláirí de chuid na Scoile, le linn na tréimhse seo, ní mór ráiteas ar nós an ceann seo a leanas a chur ar fáil:
"Mar chuid dár gcomhrá inniu tá cosc orainn aon phlé a dhéanamh maidir le gnóthachtáil an scoláire le 2 bhliain anuas, rangú scoláire i rang, marc measta scoláire nó an leibhéal ag a gcuirfear marc measta ar fáil in ábhar. Má imíonn ár gcomhrá i dtreo aon cheann de na hábhair seo, beidh gá le deireadh a chur lenár gcruinniú láithreach”.
An Próiseas Grád Ríofa
9. Conas a oibreoidh córas na nGrád Ríofa?
Déanfar Gráid Ríofa a ghiniúint ag baint úsáid as samhail staitistiúil chórasach. Cuirfear le chéile meastacháin d’fheidhmíocht a bhfuiltear ag súil leis ó scoláire in ábhar agus leibhéal, le heolas maidir le conas ar éirigh le scoláirí sa scoil seo san ábhar seo le blianta beaga anuas i gcomhréir le caighdeáin feidhmíochta náisiúnta thar thréimhse ama.
Sa phróiseas staitistiúil cuirfear san áireamh go bhféadfadh an grúpa scoláirí ar leith sa scoil in 2020 bheith níos láidre nó níos laige ná scoláirí a bhí sa scoil sna blianta roimhe seo, agus cuirfear san áireamh freisin go bhféadfadh leibhéil de ghnóthachtáil daoine ar leith sna grúpaí sin bheith an-éagsúil leis an méid a chonacthas sa scoil roimhe seo.
Is é an múinteoir ábhair a chuirfidh an chéad fhoinse sonraí ar fáil. Ansin déanfar í a ailíniú sa scoil, agus déanfaidh múinteoirí machnamh uirthi agus déanfaidh siad na marcanna a mheas le bheith cinnte go gcuirtear an próiseas i bhfeidhm i gceart. Ansin déanann an príomhoide athbhreithniú uirthi le bheith dearfa gur cuireadh an próiseas i bhfeidhm i gceart agus gur caitheadh go cothrom leis na scoláirí uile. Ansin, cuireann an scoil na sonraí go dtí an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Ní féidir leis an tsamhail grád ríofa a d’fhorbair an Roinn cothroime a chinntiú má bhaintear úsáid as samhlacha staitistiúla nó algartamacha – ar nós na cinn atá á dtairiscint ag cuideachtaí tráchtála – nuair a dhéantar na sonraí a ghiniúint ag leibhéal na scoile. Iarradh ar scoileanna gan iad seo a úsáid.
Tugann doiciméad ar leith míniú sa bhreis ar conas a oibreoidh an córas.
Cuireadh Gráid Ríofa don Ardteistiméireacht 2020 Treoir do Scoileanna maidir le Marcanna Céatadáin Measta agus Rang-orduithe Ranga a sholáthar ina bhfuil mioneolas, ar fáil freisin.
Beidh maoirseacht agus smacht láidir ann agus beidh líon beartas um dhearbhú cáilíochta ann atá ann cheana féin lena chinntiú go bhfaigheann na scoláirí toradh cothrom.
10. Conas a oibreoidh cur chuige na ngrád ríofa don Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)?
Tá cuid mhór dá measúnuithe curtha i gcrích ag scoláirí ATF. Tá na torthaí seo ag na scoláirí cheana féin. Bainfear úsáid as gráid ríofa do mheasúnuithe atá fós le déanamh, lena n-áirítear ábhair, speisialachais ghairmiúla agus tascanna atá le cur i gcrích sa seisiún reatha de chuid ATF.
Cuirfear grád ríofa ar fáil do scoláirí do Nascmhodúil GCAT.
11. Cén t-eolas a iarrfar ar scoileanna a chur ar fáil le haghaidh gach scoláire?
Iarrfar ar mhúinteoirí marc céatadáin measta a chur ar fáil le haghaidh gach scoláire do gach ábhar. Cuirfear na scoláirí in ordú rangaithe ina rang freisin.
Iarrtar ar mhúinteoirí leas a bhaint as taifid atá ann cheana féin agus as fianaise atá ar fáil, chun breithiúnas cothrom, réasúnta atá tomhaiste go cúramach a chur ar fáil den mharc céatadáin is é is dóichí a bheadh bainte amach ag gach scoláire dá ndéanfaidís na scrúduithe agus dá mbeadh an obair chúrsa curtha i gcrích acu faoi na gnáthdhálaí.
NÍ bheidh na múinteoirí díreach ag cur na dtorthaí ó na bréagscrúduithe ná ó thrialacha eile ar aghaidh.
Déanfaidh na scoileanna na sonraí seo a ailíniú sula ndéantar iad a shéalú agus a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais agus Scileanna.
12. Cén fhianaise a úsáidfidh na múinteoirí chun tacú lena mbreithiúnais?
Bainfidh múinteoirí úsáid as taifid éagsúla d’fheidhmíocht agus dul chun cinn scoláire; mar shampla, obair ranga agus obair bhaile; measúnuithe ranga; scrúduithe ar scoil, um Nollaig nó sa samhradh, bréagscrúduithe agus obair chúrsa freisin.
13. An mbeidh torthaí na Sraithe Sóisearaí in úsáid ag múinteoirí?
Ní bheidh. Níl torthaí na Sraithe Sóisearaí in úsáid ag leibhéal an scoláire aonair. Níl siad in úsáid ach amháin mar leibhéal grúpa mar chuid den phróiseas caighdeánaithe ar fud na scoileanna.
14. Cad a tharlaíonn má bhíonn coimhlint leasa ann, m.sh. múinteoir a mhúineann gaol leis/léi?
Má bhíonn fíorchoimhlint leasa nó má cheaptar go mbeidh coimhlint leasa ag múinteoir le scoláire ina rang ní mór dó/di é seo a nochtadh le príomhoide na scoile.
Ina leithéid cásanna beidh maoirseacht bhreise á déanamh ag múinteoir ainmnithe agus ag leas-phríomhoide.
15. Nach bhfuil an tsamhail grád ríofa éagothrom ó nádúr?
Níl. Is é an bealach is cothroime le tabhairt faoi na héifeachtaí a fheabhsú do na hiarrthóirí UILE maidir le heaspa scolaíochta agus ag fadhbanna eile a tharla de bharr Covid-19.
Bhí taithí scolaíochta an-bhriste ag scoláirí – bhí teacht ag roinnt díobh ar an scolaíocht tríd an bhfoghlaim ar líne, ach ní raibh ag daoine eile.
Dá mbeadh scrúdú á reáchtáil faoi na srianta sláinte reatha bheadh sé i bhfad níos difriúla ná an scrúdú a raibh na scoláirí ag súil leis agus chuir CSS in iúl nach mbeifí in ann brath air agus nach mbeadh sé cothrom do na scoláirí.
Baineann an tsamhail úsáid as an eolas is fearr atá againn faoi ghnóthachtáil na scoláirí trí iarraidh ar mhúinteoirí athbhreithniú a dhéanamh ar phíosaí áirithe eolais maidir lena gcuid oibre le dhá bhliain anuas. Caithfidh na múinteoirí taifead a choinneáil den fhianaise a d’úsáid siad le teacht ar an marc measta agus rangú.
Tá seiceálacha áirithe a chuirtear san áireamh ag leibhéal na scoile:
- Ní mór do mhúinteoirí a ranguithe agus marcanna measta de chuid na scoláirí a chomhroinnt lena gcomh-mhúinteoirí sula gcuirtear iad ar fáil don phríomhoide
- Déanann an príomhoide maoirseacht ar an bpróiseas agus cuireann sé/ sí na ranguithe agus na marcanna isteach go dtí an Roinn AGUS is féidir leo aon mharcanna nó ranguithe a tharchur ar ais chuig an ngrúpa múinteoirí iomchuí chun iad a athmheas, más gá
- Mar thoradh ar an gcaighdeánú náisiúnta cinntítear go gcaitear go cothrom le scoláirí ar fud na tíre
- Tá próiseas achomharc ar fáil ina bhfuil seiceálacha éagsúla i gceist agus ar ndóigh, más fearr leo, beidh na hiarrthóirí in ann an scrúdú a dhéanamh nuair a bheidh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
16. Is gá do scoláirí an leibhéal iontrála do gach ábhar a dheimhniú. Conas agus cathain a tharlóidh sé seo?
Beidh scoláirí in ann teacht ar chóras ar líne ar shuíomh gréasáin gov.ie ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh agus iarrfar orthu leibhéil na n-ábhar a dheimhniú ag a raibh siad nuair a chuir siad isteach ar dtús le haghaidh na scrúduithe, nó chun athrú chuig leibhéal níos ísle. Nuair a bhíonn an próiseas seo curtha i gcrích, deimhneoidh an Roinn na leibhéil iontrála do gach scoláire ar ais chuig an scoil, agus cuirfidh an príomhoide/ leas-phríomhoide é seo ar aghaidh chuig na múinteoirí.
17. Cad atá i gceist le measúnuithe suimitheacha/ múnlaitheacha?
Is é atá i gceist le measúnú múnlaitheach ná nuair a bhaintear úsáid as nósanna imeachta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla chun fianaise a bhailiú d’fhoghlaim scoláire le linn an phróisis fhoghlama, agus nuair a bhaintear úsáid astu leis an teagasc a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais an scoláire. Leis an bpróiseas tá múinteoirí agus scoláirí in ann eolas a bhailiú maidir le dul chun cinn scoláire agus chun ceartuithe a mholadh ar an gcur chuige i dtreo an teagaisc agus na foghlama.
Baintear úsáid as measúnú suimitheach chun meastóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim na scoláirí ag deireadh cúrsa nó téarma nó bliana. An aidhm a bhaineann leis ná chun achoimre a dhéanamh ar ghnóthachtáil na scoláirí agus chun cinneadh a dhéanamh cé acu ar léirigh siad tuiscint ar an bhfoghlaim sin agus cé chomh mór agus a léirigh siad é sin.
18. An bhfuil na múinteoirí ag marcáil as 1,000? Más ea, cad é an scéim mharcála nó conas a dhéanann siad na comhpháirteanna éagsúla de mo chuid staidéar a ualú?
Iarrfar ar mhúinteoirí ábhair meastachán a thabhairt ar an marc céatadáin a cheapann siad gur dócha go mbeadh bainte amach ag gach scoláire ina rang, dá mba rud é go raibh scrúdú na hArdteistiméireachta in 2020 déanta aige/ aici mar is gnách.
Is é atá i gceist leis an marc measta seo ná marc amháin atá curtha le chéile do na comhpháirteanna uile den scrúdú (scríofa, béaltriail, cluastuiscint, praiticiúil, agus obair chúrsa), agus beidh ionchur an ghnáth-ualaithe ag gach comhpháirt. (Tá eisceacht ann i gcás Eacnamaíocht Bhaile).
Is é is dóichí ná go dtabharfar an chuid is mó de mharcanna céatadáin mar shlánuimhreacha. Mar sin féin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh múinteoirí úsáid a bhaint as uimhir dheachúlach idir dhá mharc céatadáin, .i. marcáil as 1,000.
19. Cad iad na taifid a choinneoidh scoil?
Níor chóir do scoil doiciméid a choinneáil níos faide ná mar is gá. Beidh ar scoileanna sraith foirmeacha a chomhlánú i dtaca le scoláirí agus ranganna le cur ar ais chuig an Roinn mar chuid den phróiseas Grád Ríofa.
I gcásanna ina bhfuil ábhar sa bhreis á dhéanamh ag scoláire lasmuigh den scoil, tá foirmeacha eile ann agus sa chás sin b’fhéidir go ndéanfaidh an scoil cinneadh roinnt doiciméad eile maidir leis an gcás sin a choinneáil, má cheapann go bhfuil sé riachtanach.
Beidh ar phríomhoide na scoile cóipeanna de na foirmeacha seo a choinneáil go dtí go gcuirtear in iúl don scoil gur cuireadh gach céim den phróiseas achomharc i gcrích.
20. Agus cad iad na taifid a mbeidh fáil ag scoláire orthu?
Tar éis na torthaí sealadacha a eisiúint, beidh fáil ag scoláirí ar a marc céatadáin measta agus an t-ordú rangaithe atá curtha ar fáil dóibh i ngach ábhar.
21. Cad is brí le slánaíocht agus cé lena mbainfidh sí sa chóras seo?
Ós rud é go mbeidh an próiseas grád ríofa á chur i bhfeidhm i scoileanna ag múinteoirí agus ceannairí scoile thar ceann an Aire, tá socruithe curtha i bhfeidhm chun slánaíocht Stáit a thabhairt dóibh agus do bhoird bhainistíochta a scoileanna. D’fhéadfaí an tslánaíocht a ghairm áit a dtugtar cás in éadan duine ina c(h)áilíocht féin (.i. ainmnithe in imeachtaí sibhialta mar mhúinteoir aonair, mar phríomhoide nó mar bhord bainistíochta/BOO).
Beidh an tslánaíocht seo faoi réir coinníollacha a bhaineann le fógra a thabhairt agus comhoibriú a dhéanamh leis an Stát le haon chásanna dlí a chosaint dá dtiocfaidís chun cinn agus ní bheifear in ann iad a ghairm ach amháin más rud é gur ghníomhaigh duine bona fide, .i. má rinne sé/ sí gach iarracht réasúnta lena ról a chomhlíonadh i gcomhréir leis an treoir atá curtha ar fáil sa Treoir seo agus i gciorclán iomchuí na Roinne Oideachais agus Scileanna.
22. Tuigim nach féidir aon teagmháil a bheith idir scoláire nó a t(h)uismitheoirí, caomhnóirí nó aon duine a bhfuil dlúthbhaint leo agus leis an scoil nuair a bhíonn an próiseas Grád Ríofa ar bun. Cad a tharlaíonn má dhéantar canbhasáil ar mhúinteoir nó ar phríomhoide? Cad iad na taifid a choinneofar maidir leis an gcanbhasáil líomhnaithe?
Sa chéad dul síos déarfaidh an múinteoir nó an príomhoide leis an duine stop a chur leis.
Má leanann an iarracht ar aghaidh le teagmháil a dhéanamh le dul i mbun plé, ní mór don mhúinteoir nó don bhall foirne an teagmháil seo a thuairisciú láithreach chuig príomhoide na scoile agus taifead i scríbhinn a chur ar fáil don phríomhoide maidir leis an teagmháil nó an iarracht le teagmháil a dhéanamh.
Coinneoidh an príomhoide an taifead sin go dtí go mbíonn deireadh le haon athbhreithniú a d’fhéadfadh bheith ann nó leis an bpróiseas achomhairc a bhaineann le bronnadh ghráid ríofa an iarrthóra.
Ní mór don phríomhoide é a chur in iúl don Roinn freisin chomh luath agus atá sé indéanta go bhfuil taifead ag an scoil de theagmháil a rinne duine i dtaca leis na marcanna agus/nó an rangú atá le tabhairt do scoláire ainmnithe.
23. Cad is Cuiditheoir Scrúdaithe ann agus cad é an ról atá aige/ aici?
Tógfaidh ról an Chuiditheora Scrúduithe sa phróiseas grád ríofa ar an ról atá ann cheana féin i bpróisis na scrúduithe de chuid na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta. Cabhróidh an Cuiditheoir, de ghnáth ball den fhoireann teagaisc sa scoil, le príomhoide na scoile leis an tsamhail grád ríofa a riar. Is faoi údaráis na scoile Cuiditheoir Scrúduithe a cheapadh agus eiseofar ciorclán ar leith ina mbeidh na mionsonraí faoi leagtha amach.
24. Cad faoi na scoláirí a bhfuil socruithe réasúnta déanta dóibh? Conas a chuirfear é seo san áireamh?
Áit ar cheadaigh an CSS aon socrú réasúnta d’aon scoláire, ar nós léitheoir nó scríobhaí, iarrfar ar scoileanna a meastachán d’fheidhmíocht an scoláire gur dócha a bheidh aige/ aici a bhunú ar an tuiscint go mbeadh an socrú
Próiseas Caighdeánaithe Náisiúnta
25. Cad go díreach a tharlaíonn sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta?
Tar éis na marcanna céatadáin measta agus ranguithe a fháil ó na scoileanna uile, déanfaidh an Roinn anailís orthu agus tabharfaidh sí faoi phróiseas caighdeánaithe náisiúnta.
Déanfaimid comparáid idir conas ar éirigh le scoláirí sa scoil seo san ábhar seo san Ardteistiméireacht le trí bliana anuas agus an caighdeán náisiúnta. Déanfaimid athbhreithniú freisin ar fheidhmíocht grúpa scoláirí na bliana seo i gcoinne a bhfeidhmíochta ar an iomlán sa tSraith Shóisearach.
Leis seo táimid ansin in ann a sheiceáil an bhfuil na marcanna céatadáin measta i ngach ábhar ón scoil réasúnta, i bhfianaise na feidhmíochta san ábhar sin le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, beidh aon ailíniú marcanna a théann in airde nó a thiteann bunaithe ar níos mó ná píosa eolais amháin.
26. Conas a chinnteoidh an córas go ndéantar gnóthachtáil an scoláire aonair a chúiteamh go cothrom?
Braitheann an córas grád ríofa ar na difríochtaí sa ghnóthachtáil a bhfuiltear ag súil leis idir scoláirí agus iad a bheith léirithe go cruinn sna sonraí scoilbhunaithe. Mar shampla, má tá scoláire i ngrúpa ranga a fheidhmíonn níos fearr ná na scoláirí eile sa ghrúpa ranga ansin ba chóir an difríocht seo a léiriú sna marcanna céatadáin measta atá tugtha ag an scoil.
27. An athróidh marcanna nó ordú rangaithe sa phróiseas caighdeánaithe?
Táimid ag súil leis go bhféadfadh cuid mhór marcanna measta athrú, go méid áirithe ar a laghad, cé go n-athróidh roinnt díobh níos mó ná cinn eile ag brath ar cháilíocht na sonraí a fhaighimid ó na scoileanna.
Coinneofar ordú rangaithe na scoláirí a bhíonn ag an scoil ina ngrúpaí ranga sa phróiseas, agus mar sin coinneoidh scoláirí an áit ina bhfuil siad i gcoibhneas a chéile.
Tar éis an caighdeánú seo agus na seiceálacha ina dhiaidh sin a chur i gcrích, déantar an marc measta a chuir an scoil ar fáil a athrú isteach i marc ríofa. Ansin bainimid úsáid as é seo chun grád ríofa a ghiniúint.
28. An dtugann an caighdeánú náisiúnta buntáiste do chineál scoile ar leith?
Ní thugann. Ní thugann an próiseas caighdeánaithe náisiúnta buntáiste d’aon chineál scoláire nó scoile. Is é an t-eolas is tábhachtaí faoi gach scoláire ná na marcanna measta agus rangú a chuireann an scoil ar fáil don Roinn. Níl an próiseas caighdeánaithe náisiúnta ann ach amháin lena chinntiú nach raibh do scoil ródhian ná ró-éasca nuair a thug sí na scóir mheasta don Roinn.
Táimid ag súil leis go mbeidh sé coitianta go leor go mbeidh gá le marcanna measta in ábhar amháin as scoil a ardú agus marcanna in ábhar eile as an scoil chéanna a ísliú.
Más iarrthóir an-láidir thú i do rang, agus má léiríonn an t-eolas a chuireann an scoil ar fáil é seo ansin beidh tú fós ag teacht amach mar iarrthóir an-láidir. Cinnteoidh an próiseas go mbeidh an scór ríofa a bhaineann tú amach chomh gar sin leis an méid a bhainfeá amach sna scrúduithe chomh fada agus is féidir é sin a ríomh.
Sa phróiseas staitistiúil atá in úsáid againn ní chuirfear aon scór réamhshocraithe i bhfeidhm ar aon duine ar leith i rang ná i scoil.
Beidh an próiseas caighdeánaithe á sheiceáil go neamhspleách ag saineolaithe seachtracha lena chinntiú go bhfeidhmíonn sé go cothrom do na hiarrthóirí uile sna scoileanna uile.
Torthaí
29. An mbeidh scoláirí in ann féachaint ar thaifead na marcanna céatadáin agus ranguithe a thug an scoil?
Beidh. Beidh fáil ag scoláirí ar na sonraí scoilbhunaithe go luath i ndiaidh torthaí na nGrád Ríofa a eisiúint.
Sa mhiontreoir a chuir muid ar fáil do scoileanna agus do mhúinteoirí tá sé an-soiléir ann nár chóir do scoileanna na marcanna measta ná na horduithe rangaithe a nochtadh le scoláirí ná lena dtuismitheoirí/caomhnóirí.
30. Cathain a eiseofar na gráid ríofa?
Tá sé beartaithe go gcuirfear na gráid ríofa ar fáil d’iarrthóirí chomh gar agus is féidir le ghnáthlá na dtorthaí.
31. An mbeidh na gráid mar an gcéanna leis na blianta eile?
Beidh. Gheobhaidh scoláirí ráiteas sealadach torthaí agus beidh na gráid san fhormáid chéanna le gach bliain eile.
Ina dhiaidh sin, gheobhaidh scoláirí teastas foirmiúil deiridh ina ndeimhneofar na gráid.
32. Cad faoi phróiseas CAO (Lár-Oifig Iontrála) – conas a rachaidh an t-athrú seo i bhfeidhm air?
Aistreofar gráid ríofa na scoláirí díreach chuig an CAO, sa tslí chéanna agus a dhéantar na torthaí scrúdaithe de ghnáth. Beidh sceidil CAO á reáchtáil chomh gar agus is féidir leis na gnáthsceidil ionas go mbeidh scoláirí in ann glacadh le tairiscintí agus aistriú chuig an tríú leibhéal, breisoideachas nó obair srl.
33. An bhfuil an rud céanna i gceist do dhaoine atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe nó san Eoraip?
Bhí an Roinn i dteagmháil lena comhranna sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an AE chun an staid i dtaobh na hArdteistiméireachta a mhíniú. Tá iarrtha ar thíortha eile an oiread solúbthachta agus is féidir a thabhairt dár scoláirí. Tá an teagmháil seo ag leanúint ar aghaidh. Is dúshlán coitianta é seo freisin sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an AE.
34. Cathain a thosóidh cúrsaí tríú leibhéal?
Cé nach féidir linn bheith sonrach faoi sin go fóill, beidh sé go déanach i mí Mheán Fómhair nó go luath i mí Dheireadh Fómhair. Tá na hinstitiúidí tríú leibhéal i dteagmháil an t-am ar fad leis an Roinn maidir le raon saincheisteanna a bhaineann le rollú agus cúrsaí do bhliain acadúil 2020/2021.
35. An féidir liom mo ghráid scrúdaithe 2020 agus mo Ghráid Ríofa a chur le chéile in ábhair éagsúla le pointí a fháil chun rochtain a dhéanamh ar ardoideachas?
Is féidir. Sna cásanna eisceachtúla seo, breathnófar ar na torthaí a eiseofar de bharr na scrúduithe i mbliana, na gráid ríofa, achomhairc agus an scrúdú a dhéanamh níos déanaí, mar thorthaí Ardteistiméireacht 2020.
Ach, ní féidir torthaí na hArdteistiméireachta ó bhlianta éagsúla a chur le chéile chun críche pointí CAO. Is féidir le scoláirí ábhar nó ábhair a athdhéanamh chun na híosriachtanais iontrála d’ábhair don choláiste a chomhlíonadh.
Ábhair lasmuigh den scoil
36. Cad faoi scoláirí nach bhfuil ag freastal ar scoil nó a bhfuil ábhair sa bhreis á ndéanamh acu lasmuigh den scoil?
Déanfar gach iarracht réasúnta chun grád ríofa a chur ar fáil do scoláirí.
I gcás na scoláirí a bhfuil ábhar á dhéanamh acu lasmuigh den scoil, sa mhiontreoir do scoileanna a foilsíodh ar an 21ú Bealtaine tá mionsonraí inti maidir le conas ba chóir do scoileanna leanúint ar aghaidh má tá údaráis bhainistíochta na scoile muiníneach go bhfuil dóthain fianaise ann de ghnóthachtáil an scoláire le breithiúnas oibiachtúil a dhéanamh.
Do scoláirí a bhfuil teagasc sa bhaile á fháil acu agus baint acu leis an scoil, sa treoir a foilsíodh ar an 21ú Bealtaine tá eolas curtha ar fáil inti d’údaráis na scoile le teagmháil a dhéanamh leis an teagascóir baile chun teacht ar chinneadh.
I gcásanna nach bhfuil sé indéanta grád ríofa a chur ar fáil beidh an rogha ag iarrthóirí na scrúduithe a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte iad a reáchtáil.
37. Tá ábhar amháin á athdhéanamh agam lasmuigh den scoil mar is mian liom íosriachtanas iontrála a shásamh d’áit i gcoláiste nó rinne mé an Ardteistiméireacht in 2019 ach tá Gaeilge á hathdhéanamh agam mar is mian liom an t-íosriachtanas iontrála a chomhlíonadh le hiontráil ar chlár oideachais múinteoirí bunscoile. Conas a dhéanfaidh mé é sin leis an tsamhail grád ríofa?
Mura bhfuil scoláire bainteach le scoil agus má tá ábhar amháin nó níos mó á staidéar aige/ aici go neamhspleách, breathnóidh an Roinn ar cásanna den sórt sin cás ar chás agus beidh sí solúbtha le glacadh le marcanna measta agus ranguithe. Déanfar gach iarracht marc measta a chur ar fáil má bhíonn dóthain fianaise iontaofa ann de ghnóthachtáil an scoláire. Beidh scoláirí in ann an grád ríofa seo a úsáid sa tslí chéanna agus a úsáidtear grád Ardteistiméireachta chun íosriachtanais iontrála a shásamh.
Mura féidir grád ríofa a chur ar fáil beidh an deis ag scoláirí scrúdú Ardteistiméireacht 2020 a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
Foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil
38. Tá mé ag staidéar go neamhspleách, cén chaoi a oibreóidh próiseas na nGrád Ríofa domsa?
Tá próiseas faoi leith ann le haghaidh foghlaimeoirí taobh amuigh scoil, scoláirí a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh staidéir ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil nó den choláiste príobháideach aitheanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun scrúduithe a reáchtáil. Féach ar an Treoir maidir le Gráid Ríofa d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil chun treoir chuimsitheach a fháil faoin bpróiseas a bhaineann le hiarratas dhéanamh go gcuirfí san áireamh tú chun gráid ríofa a fháil.
39. Tá mé ag freastal ar scoil ach táim ag deánamh stáidéir ar ábhar taobh amuigh den scoil. An bhfuil an próiseas seo oiriúnach dom?
Níl. Tá an próiseas scoilbhunaithe oiriúnach do scoláirí atá ag freastal ar scoil agus atá ag déanamh stáidéir ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil. Is féidir leis an scoil, in éindí leis an teagascóir, marc céatadáin measta a sholáthar do na hábhair atá á staidéar taobh amuigh den scoil.
40. Ach dúirt an scoil nach bhfuil siad in ann marc céatadáin measta a thabhairt.
Muna bhfuil an scoil in ann marc céatadáin measta a thabhairt le haghaidh ábhair atá á staidéar taobh amuigh den scoil, ní mór dóibh Foirm D a chríochnú agus í a chur isteach chuig Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa.
41. An gá dom aon eolas eile a chur isteach leis an bhfoirm iarratais?
Ní cheart aon eolas breise a chur isteach leis an bhfoirm iarratais chun gráid ríofa a fháil . Cuirfear aon cháipéisíocht den tsaghas seo ar ais gan oscailt.
42. Rinne mise an Ardteistiméireacht cheana agus táim ag déanamh staidéir ar ábhar an athuair agus táim ag staidéar sa bhaile. An bhfuil an próiseas seo oiriúnach dom?
Tá. Má tharlaíonn sé go ndearna tú an Ardteistiméireacht roimhe seo agus má tá tú ag déanamh staidéir ar ábhar an athuair agus tú ag staidéar go neamhspleách, ní mór duit an fhoirm iarratais a chomhlánú le bheith curtha san áireamh chun gráid ríofa a fháil, agus í a sheoladh chuig Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa.
43. An bhfuil cead agam leibhéil a athrú anois?
Ba cheart go mbeadh sé cinntithe cheana agat ar Thairseach na Scoláirí, cén léibhéal ag a bhfuil tú ag déanamh staidéir ar gach ábhar. Más rud é go ndearna tú botún, áfach, agus go bhfuil ardleibhéal deimhnithe agat le haghaidh ábhair trí thimpiste, is féidir leat athrú anois go dtí gnáthleibhéal trí seo a chur in iúl ar an bhfoirm iarratais, chun go gcuirfí san áireamh tú chun gráid ríofa a fháil. Ní féidir leat, áfach, tabhairt faoi leibhéal níos airde ná an leibhéal ag ar iontráladh thú i dtús báire.
44. Cén bealach ar cheart dom an fhoirm iarratais a chur isteach?
Ní mór an an fhoirm iarratais a chur isteach i bhfoirm cóip chrua le do shíniú bunaidh. Ní ghlacfar le foirmeacha a chuirtear isteach go leictreonach.
Achomhairc
45. An féidir liom achomharc a dhéanamh ar mo Ghráid Ríofa?
Is féidir leat. De bharr nádúr na samhla, áfach, ní bheidh breithiúnas gairmiúil an mhúinteora nó na scoile mar chuid den phróiseas achomharc.
Beidh fáil ag scoláirí nach bhfuil sásta leis an ngrád ríofa a fhaigheann siad ar phróiseas achomharc ina mbeidh trí chéim i gceist.
- Céim 1: Tabharfar faoi sheiceálacha lena chinntiú gur thaifead an scoil na sonraí i gceart agus gur aistríodh iad i gceart isteach sa chóras bailiúcháin sonraí.
- Céim 2: Beidh athbhreithniú ann freisin lena chinntiú go bhfuarthas agus gur próiseáladh na sonraí i gceart sa tsamhail grád ríofa.
- Céim 3: Más rud é nach bhfuil an scoláire sásta go fóill leis an toradh tar éis chéimeanna 1 agus 2, is féidir leis/léi iarraidh ar Scrúdanóirí Achomharc Neamhspleácha athbhreithniú a dhéanamh air.
Mura mbíonn scoláirí sásta le toradh an athbhreithnithe seo, beidh deis ann dóibh na scrúduithe a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte agus indéanta a leithéid a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, beidh maoirseacht á déanamh ag saineolaí neamhspleách nach bhfuil ceangailte le dearadh na samhla grád ríofa chun bailíochtú iomlán ar an tsamhail a chur ar fáil, feidhmiú an chórais achomharc san áireamh.
46. Cathain a eiseofar torthaí na n-achomharc? An mbeidh sé indéanta tosú sa choláiste i mbliana ag baint úsáid as torthaí an achomhairc?
Tá obair ar siúl go leanúnach leis an earnáil ardoideachais leis an am den chéad chéim den phróiseas achomharc a chomhtháthú le dáta tosaigh d’iontráil ar an gcoláiste.
Beidh scoláirí a fhaigheann áit níos airde de chuid an CAO tar éis Chéim 1 den phróiseas achomharc in ann an áit sin a ghlacadh i mbliain acadúil 2020/2021.
Gheobhaidh scoláirí a n-éiríonn leo ag céim na Scrúdanóirí Achomharc Neamhspléacha, agus a fhaigheann tairiscint fheabhsaithe de chuid an CAO ag an bpointe sin, tairiscint curtha siar chun a gcúrsa a thosú i mbliain acadúil 2021/22.
Má roghnaíonn scoláirí scrúduithe na hArdteistiméireachta a dhéanamh níos déanaí nuair a bheidh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh, agus má fhaigheann siad tairiscint fheabhsaithe de chuid an CAO de bharr na dtorthaí seo, gheobhaidh siadsan tairiscint coláiste curtha siar freisin chun a gcúrsa a thosú i mbliain acadúil 2021/22. Má éiríonn le hiarrthóir a thosaigh sa chéad bhliain de chúrsa bheith i dteideal tairiscint níos airde de chuid an CAO agus má roghnaíonn sé/ sí glacadh leis an tairiscint sin sa chéad bhliain acadúil eile, bheadh sé/sí i dteideal táillí saor in aisce a fháil agus maoiniú SUSI de réir mar is cuí, le freastal don chéad bhliain ar an gcúrsa nua.