English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ardteistiméireacht 2021 - Eolas do mhic léinn



Tá torthaí achomhairc na hArdteistiméireachta ar fáil

Tá torthaí achomhairc na hArdteistiméireachta do 2021 ar fáil d’Iarrthóirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí. Má rinne iarrthóir achomharc in aghaidh grád scrúdaithe agus in aghaidh an Ghráid Chreidiúnaithe atá gaolmhar leis, feicfidh sé/sí ar tháinig aon athrú ar an ngrád sa Scrúdú nó sa Ghrád Creidiúnaithe.

Féadfaidh tú teacht ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí anseo.

Is féidir le scoláirí nár chuir isteach achomharc amharc ar a gcuid torthaí fós féin.

Má fuair iarrthóir toradh níos fearr i ndiaidh an phróisis achomharc, ach go raibh grád a bhí comhionann le toradh an achomhairc, nó níos airde ná é, faighte aige/aici cheana féin tríd an bpróiseas eile (scrúduithe nó Gráid Chreidiúnaithe), ní bheidh aon athrú ar an toradh deiridh san ábhar sin.

Tá torthaí na n-achomharc aistrithe chuig an CAO.

Eiseoidh an CAO a thairiscintí do Bhabhta 5, an babhta deiridh tairiscintí do 2021, ar an gCéadaoin ar an gCéadaoin an 13 Deireadh Fómhair. Gheobhaidh iarrthóirí atá i dteideal tairiscint CAO a fháil sa bhabhta sin tairiscint chun tús a chur lena gcúrsa sa bhliain acadúil reatha faoi réir aon teorainn spáis atá ar chúrsaí ar leith.

Tugadh rogha d’Iarrthóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh a ngráid sa scrúdú scríofa, in aghaidh a nGráid Chreidiúnaithe, nó an dá cheann, ar bhonn gach ábhair ar leith. Nuair a bhí achomhairc na scrúduithe scríofa á bpróiseáil, mharcáil scrúdaitheoir eile seachas an scrúdaitheoir a mharcáil an obair i dtús báire na hachomhairc. Bhreithnigh an scrúdaitheoir achomhairc an raibh an marc a bhronn an scrúdaitheoir tosaigh ceart agus réasúnta, agus ag teacht leis an scéim marcála. Má bhí, bhronn an scrúdaitheoir achomhairc an marc céanna arís. Mura raibh, bhronn an scrúdaitheoir achomhairc an marc a mheas sé/sí a bheith ceart. Tá an próiseas go léir faoi réir dearbhú cáilíochta atá an-dian agus é á mhaoirsiú ag an bPríomh-Scrúdaitheoir do gach ábhar.

Is athbhreithniú próisis a bhí i gceist le próiseas achomharc na nGrád Creidiúnaithe agus é dírithe ar earráidí a lorg i seachadadh agus i bhfáil na sonraí. Bhí breithiúnas gairmiúil na scoile maidir leis na marcanna measta a sholáthar, dearadh na samhla staitistiúla, agus feidhmiú an phróisis caighdeánaithe náisiúnta eisiata ó raon feidhme an achomhairc. I bpróiseas achomharc na nGrád Creidiúnaithe, rinne scoileanna seiceálacha ar na foirmeacha a comhlánaíodh lena sheiceáil go ndearnadh an t-eolas a aistriú i gceart ó na foirmeacha chuig an gcóras bailithe sonraí. Bhí an chéim sin faoi réir dearbhú cáilíochta sa bhreis agus athbhreithniú ag CSS. Chuir CSS céim eile seiceálacha i gcrích freisin lena chinntiú go bhfuarthas na sonraí i gceart agus gur seachadadh mar ba cheart iad trí na córais a úsáideadh sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta a bhí á reáchtáil ag CSS.


Na Próisis i ndiaidh na nAchomharc

Tá roinnt próiseas i dtaca le hathbhreithniú i ndiaidh na n-achomharc ar fáil d’Iarrthóirí.

Is féidir le hIarrthóirí a rinne achomharc in aghaidh thorthaí a scrúdaithe iniúchadh a dhéanamh ar a scripteanna scrúdaithe athmharcáilte. Is é 5pm ar an Luan an 11 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta chun iarrtas a dhéanamh maidir le scripteanna athmharcáilte a iniúchadh.

Chomh maith leis sin, is féidir le hIarrthóirí a n-achomharc, i dtaca leis na scrúduithe nó na Gráid Chreidiúnaithe, nó an dá cheann, a chur faoi bhráid na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc (IAS). Déanfaidh na scrúdanóirí seiceáil lena chinntiú gur leanadh na nósanna imeachta cearta ar fud an dá phróiseas achomharc.

Is é 5pm ar an Aoine an 22 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta chun iarratas a chur chuig na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomharc. Is féidir le hiarrthóirí teacht ar fhoirm iarratais na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomharc ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí.


Tuilleadh Mionsonraí Faoi Do Chuid Torthaí

Ó 5 pm ar aghaidh ar an 7 Meán Fómhair, tá rochtain ag iarrthóirí ar eolas níos mionsonraithe maidir lena gcuid torthaí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí.

Is féidir le hiarrthóirí nach ndearna ach na scrúduithe teastais in ábhair ar bith na marcanna a bronnadh sa scrúdú scríofa a fheiceáil do na hábhair sin, chomh maith leis na marcanna a bronnadh in aon chomhpháirteanna.

Is féidir le hiarrthóirí nár roghnaigh ach Gráid Chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith amharc ar na marcanna céatadáin measta a chuir a scoil isteach, ar an marc creidiúnaithe i ndiaidh an phróisis caighdeánaithe agus ar na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS do na hábhair sin.

I gcás iarrthóirí a roghnaigh scrúduithe a dhéanamh agus Gráid Chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith, is féidir leo rochtain a fháil ar eolas maidir leis an dá thacar torthaí do na hábhair sin.

D’fhéadfadh iarrthóirí iarratas a chur isteach chun achomharc a dhéanamh in aghaidh marc scrúdaithe nó in aghaidh Grád Creidiúnaithe roimh 12 pm ar an 13 Meán Fómhair. Tá sé curtha in iúl ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil an dáta ar a bhfuil sé i gceist torthaí na n-achomharc don Ardteistiméireacht in 2021 a eisiúint sa tseachtain dar críoch an Aoine an 8 Deireadh Fómhair.

Treoracha do na Torthaí agus do na hAchomhairc agus do Thorthaí na Scrúduithe de réir Ábhair

Foilsíodh dá threoir eolais d’iarrthóirí:

Tá eolas maidir le rochtain a fháil ar thorthaí sealadacha agus faoina dtarlóidh i ndiaidh Lá na dTorthaí sa Treoir maidir le Torthaí agus Achomhairc.Cuimsíonn sé sin:

  • mionsonraí maidir le hiarratas a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar do scripteanna agus maidir leis na scripteanna a iniúchadh (má rinne tú scrúduithe);
  • agus achomharc a dhéanamh in aghaidh thorthaí na scrúduithe agus in aghaidh na nGrád Creidiúnaithe araon.

Tá eolas sa Treoir faoi do Thorthaí Scrúdaithe de réir Ábhair i dtaca le:

  • mionsonraí léirithe maidir le marcáil na scrúduithe in 2021;
  • breac-chuntas ar an mbealach ar gineadh gráid;
  • Míniú a thabhairt ar an mbealach a dtaispeántar marcanna agus gráid ar scripteanna scrúdaithe agus ar an mbealach a dtaispeánfar iad ar Thairseach na nIarrthóirí.

Pléitear le gach ábhar as féin sa treoir seo.

Moltar do scoláirí na treoracha sin a léamh go cúramach.


Treoir Ghairid do na Próisis a bhaineann le Bailiú Sonraí, Caighdeánú Náisiúnta agus Dearbhú Cáilíochta na nGrád Creidiúnaithe

Tá sé mar chuspóir ag an treoir sin tuilleadh eolais faoi chóras na nGrád Creidiúnaithe a sholáthar d’Iarrthóirí na hArdteistiméireachta in 2021 agus is féidir rochtain a fháil uirthi anseo.

Moltar do scoláirí an treoir sin a léamh chun tuiscint a fháil ar phróiseas an nGrád Creidiúnaithe.

Tugtar eolas sa treoir freisin maidir leis na dátaí tábhachtacha chun iniúchadh a dhéanamh ar scripteanna agus chun iarratas a dhéanamh ar achomharc. Eiseofar treoir bhreise, a bheidh níos mionsonraithe, dar teideal Treoirleabhar d’Iarrthóirí maidir le Torthaí agus Achomhairc , roimh Lá na dTorthaí.

Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit físeán Ceisteanna agus Freagraí i gcomhar le hAontas na Mac Léinn Dara Leibhéal (ISSU) agus SpunOut.ie.

Soláthraíonn an físeán eolas maidir le ceisteanna coitianta faoi na Gráid Chreidiúnaithe.

Tá treoracha a foilsíodh roimhe seo maidir leis an bpróiseas ar fáil sa Leabharlann Doiciméad.


Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil


Freagraí ar do chuid ceisteanna