Ardteistiméireacht 2021 - Eolas do Scoileanna
- Foilsithe: 26 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Torthaí na hArdteistiméireachta in 2021
- Treoracha do Ghráid Chreidiúnaithe agus an Ardteistiméireacht in 2021
- Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil
- Freagraí ar do chuid ceisteanna
Torthaí na hArdteistiméireachta in 2021
Eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta do 2021 go díreach chuig iarrthóirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ag 10 am ar an Aoine an 3 Meán Fómhair.
In ábhar ar bith ina ndearna iarrthóir an scrúdú agus gur roghnaigh sé nó sí Gráid Chreidiúnaithe a fháil, fuair an t-iarrthóir creidiúint don toradh ab fhearr den dá thoradh.
Aistríodh torthaí na n-iarrthóirí chuig an CAO chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas a éascú. D’eisigh an CAO tairiscintí Bhabhta a hAon ar an 7 Meán Fómhair. Tá eolas orthu sin agus ar na babhtaí ina dhiaidh sin ar fáil ar www.cao.ie
Ó 5 pm ar aghaidh ar an 7 Meán Fómhair, tá rochtain ag iarrthóirí ar eolas níos mionsonraithe faoin dá thacar torthaí.
I gcás iarrthóirí nach ndearna ach na scrúduithe teastais in ábhair ar bith, is féidir leo na marcanna a bronnadh sa scrúdú scríofa a fheiceáil do na hábhair sin, chomh maith leis na marcanna a bronnadh in aon chomhpháirteanna.
I gcás iarrthóirí nár roghnaigh ach Gráid Chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith, tá na marcanna céatadáin measta a chuir an scoil isteach, an marc creidiúnaithe i ndiaidh an phróisis caighdeánaithe agus na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS ar fáil dóibh do na hábhair sin.
I gcás iarrthóirí a roghnaigh scrúduithe a dhéanamh agus Gráid Chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith, is féidir leo rochtain a fháil ar eolas maidir leis an dá thacar torthaí do na hábhair sin.
Eiseofar treoir bhreise, a bheidh níos mionsonraithe, dar teideal Treoirleabhar d’Iarrthóirí maidir le Torthaí agus Achomhairc, roimh Lá na dTorthaí.
Tá torthaí achomhairc na hArdteistiméireachta do 2021 ar fáil d’Iarrthóirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí. Má rinne iarrthóir achomharc in aghaidh grád scrúdaithe agus in aghaidh an Ghráid Chreidiúnaithe atá gaolmhar leis, feicfidh sé/sí ar tháinig aon athrú ar an ngrád sa Scrúdú nó sa Ghrád Creidiúnaithe.
Ciorclán S39 S20/21 ó CSS: An Ardteistiméireacht in 2021 – Eolas Tábhachtach sula n-eiseofar na Torthaí Sealadacha–
D’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit ciorclán S39/21: An Ardteistiméireacht in 2021 – Eolas Tábhachtach sula n-eiseofar na Torthaí Sealadacha -
Tá sé mar chuspóir ag an gciorclán seo eolas a sholáthar i dtaca le;
- Treoir Ghairid do na Próisis a bhaineann le Bailiú Sonraí, Caighdeánú Náisiúnta agus Dearbhú Cáilíochta na nGrád Creidiúnaithe á heisiúint chuig iarrthóirí an tseachtain seo
- Socruithe chun rochtain a fháil ar thorthaí d’iarrthóirí agus do scoileanna lena n-áirítear rochtain a fháil ar Thairseach Scrúduithe na Scoileanna
- Mionsonraí maidir leis na socruithe ba cheart do scoileanna a dhéanamh chun tacú leis na scoláirí dá gcuid a bhfuil na torthaí á bhfáil acu
- Dátaí tábhachtacha do na céimeanna i ndiaidh eisiúint na dtorthaí, lena n-áirítear rochtain ar shonraí, scripteanna a iniúchadh agus na hachomhairc
- Roinn mionsonraí tosaigh maidir leis an bpróiseas achomharc a bheidh i bhfeidhm i mbliana do na Gráid Chreidiúnaithe agus do na Scrúduithe
Treoracha do Ghráid Chreidiúnaithe agus an Ardteistiméireacht in 2021
Tá treoracha téacs, treoracha físeáin, ciorcláin agus foilseacháin eile ar fáil sa leabharlann doiciméad .
Tá treoir, a scríobhadh d’iarrthóirí, maidir leis na Próisis a bhaineann le Bailiú Sonraí, Caighdeánú Náisiúnta agus Dearbhú Cáilíochta na nGrád Creidiúnaithe, foilsithe agus tá sí ar fáil anseo.
Tugtar eolas sa treoir freisin maidir leis na dátaí tábhachtacha chun iniúchadh a dhéanamh ar scripteanna agus iarratas ar achomharc a dhéanamh. Tá an Treoirleabhar d’Iarrthóirí maidir le Torthaí agus Achomhairc ar fáil anseo.
Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit físeán Ceisteanna agus Freagraí i gcomhar le hAontas na Mac Léinn Dara Leibhéal (ISSU) agus SpunOut.
Soláthraíonn an físeán eolas maidir le ceisteanna coitianta faoi na Gráid Chreidiúnaithe.