English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ardteistiméireacht 2022



Eolas tábhachtach faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta 2022

D’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit torthaí na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí chuig iarrthóirí ar an 2 Meán Fómhair 2022.

Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar na torthaí anseo:

Ar an 1 Feabhra, 2022, d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, athruithe cuimsitheacha ar scrúduithe scríofa na hArdteistiméireachta: léigh an ráiteas iomlán.

Ar an 8 Feabhra, d’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na tráthchláir do scrúduithe teistiméireachta 2022 a thosaigh Dé Céadaoin, an 8 Meitheamh. Bhí scrúduithe na hArdteistiméireachta ar siúl go dtí Dé Máirt, an 28 Meitheamh. Chríochnaigh scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí Déardaoin, an 16 Meitheamh agus chríochnaigh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí Dé Luain, an 20 Meitheamh.

Is é a bhí i gceist le tráthchlár na hArdteistiméireachta ná an ghnáthfhormáid. Reáchtáladh na scrúduithe sna hábhair nua de chuid Churaclaim na hArdteistiméireachta sa Pholainnis, sa Liotuáinis, sa Phortaingéilis agus sa Mhandairínis, in éineacht leis na teangacha neamhchuraclaim Dé Luain, an 20 Meitheamh.

Tá tuilleadh sonraí faoi na hathruithe ar na scrúduithe ar fáil ar an leathanach seo agus ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Seoladh iad chuig scoileanna, agus iarradh orthu an t-eolas a chur ar aghaidh go dtí na scoláirí.

Leis na hathruithe, coinníodh an struchtúr agus leagan amach ar an iomlán den scrúdpháipéar ionas go mbeadh na hiarrthóirí chomh cleachta agus ab fhéidir leis na scrúdpháipéir. Is é a bhí i gceist, sa chuid is mó de chásanna, ná tuilleadh rogha a thabhairt do na hiarrthóirí trí líon na gceisteanna a bhí le freagairt sa scrúdú a laghdú.

Fógraíodh coigeartuithe níos luaithe ar na scrúduithe measúnachta d’Ardteistiméireacht 2022 i mí Lúnasa 2021. Bhí na hathruithe breise agus cuimsitheacha a fógraíodh ar an 1 Feabhra mar aitheantas ar na dúshláin a bhí i ndán do scoláirí i rith COVID-19 agus thóg siad ar na leasuithe a cuireadh in iúl do na scoláirí i mí Lúnasa.

Is féidir leat eolas a fháil faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, 2022 ar an leathanach seo a leanas: Sraith Shóisearach 2022.


Freagraí ar do cheisteanna

Ardteistiméireacht 2022: Príomdhátaí na dtorthaí, a bhreathnaithe agus na n-achomharc

Eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta, 2022, chuig iarrthóirí tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra ar 10 am Dé hAoine, an 2 Meán Fómhair. Beidh iarrthóirí ar an eolas go bhfuil an dáta eisiúna na dtorthaí i mbliana níos déanaí ná mar a bheadh sé i ngnáthbhliain. Tá líon cúiseanna leis seo.

Bhí srúduithe iarchurtha de chuid na hArdteistiméireachta i mí Iúil do scoláirí nach raibh in ann na scrúduithe a dhéanamh nuair a bhí na príomhscrúduithe ar siúl i mí an Mheithimh mar gheall ar thimpiste, gortú nó tinneas a bhí tromchúiseach; mar go bhfuair duine muinteartha leo bás, nó de bharr Covid-19. Mar gheall ar líon méadaithe iarrthóirí, bhí gá le líon méadaithe scrúdaitheoirí a fháil agus ba dhúshlán é seo i mbliana.

Gné shuntasach eile a bhí ann ná, nuair a fógraíodh na socruithe do scrúduithe na hArdteistiméireachta, 2022, thug an Rialtas gealltanas nach mbeadh na torthaí, ar an gcomhiomlán, níos ísle ná na torthaí in 2021. Bhí gá le ham a ghlacadh leis an obair seo le mionanailís a dhéanamh ar na torthaí marcála, ar chur i bhfeidhm aon choigeartaithe, agus ar an dearbhú cáilíochta.

Is iad seo a leanas líon príomhdhátaí atá tábhachtach d’iarrthóirí na hArdteistiméireachta, 2022, sna seachtainí amach romhainn mar go mbaineann siad leis an mbreathú ar scripteanna agus le próisis na n-achomharc. Ba chóir d’iarrthóirí nóta a dhéanamh de na dátaí tábhachtacha seo mar go gcuirfear na sceidil ama i bhfeidhm go docht.

Ardteistiméireacht 2022: príomhdhátaí na dtorthaí, an bhreathnaithe agus na n-achomharc

Seirbhis Sna Scoileanna Tairseach Feinseirbhíse Iarrthóra(TFSI)
Torthaí na hArdteistiméireachta 10am Dé hAoine, an 2 Meán Fómhair 10am Dé hAoine, an 2 Meán Fómhair
Rochtain ar Shonraí – Feicfidh iarrthóirí a marcanna, marcanna do gach comhpháirt san áireamh.
12pm Dé Máirt, an 6 Meán Fómhair Iarratas chun Breathnú ar Scripteanna Iarratas Ar Líne AT amháin ar fáil

Ar Oscailt: 5 PM, Dé Máirt, an 6 Meán Fómhair

Ag Dúnadh: 8 PM Dé Céadaoine, an 7 Meán Fómhair

Beidh an t-iarratas ATF le breathnú ar scripteanna trí ríomhphost. Beidh an sceideal céanna i bhfeidhm

Breathnú ar Scripteanna: Tá roinnt eisceachtaí ann a bheidh leagtha amach go mion i dTreoirleabhar d’Iarrthóírí faoi Thorthaí & Achomhairc Scripteanna nó comhpháirteanna in ábhair a Marcáladh de Láimh -Tabharfar seisún amháin as na 3 sheisiún d’Iarrthóirí Dé Sathairn, an 10 Meán Fómhair

1. Seisiún 1. 9am – 11am

2. Seisiún 2. 12pm – 2pm

3. Seisiún 3. 3pm – 5pm

Scripteanna in ábhair a Marcáladh Ar Líne*

Rochtain ar líne le breathnú idir 9 am Dé Sathairn, an 10 Meán Fómhair agus 12 pm Dé Domhnaigh, an 11 Meán Fómhair. |

Iarratas ar achomharcl Ar oscailt: 9am Dé Sathairn, an 10 Meán Fómhair, ag dúnadh: 12pm Dé Luain, an 12 Meán Fómhair
Torthaí na n-achomharc Tairseach na Scoileanna: dáta le bheith deimhnithe TFSI: dáta le bheith deimhnithe

Tá sceideal an-ghearr ann i mbliana d’iarrthóirí chun iarratas a dhéanamh chun breathnú ar scripteanna agus chun a n-iarratais ar achomharc a chur isteach agus cuirfear na spriocdhátaí i bhfeidhm go docht. Tá sé seo ríthábhachtach lena chinntiú gur féidir na céimeanna atá fágtha den phróiseas achomhairc a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir.

Ní ghlacfaidh an Coimisiún na Scrúduithe Stáit le hiarratais dhéanacha. Go dtí go mbeifear ar an eolas faoi líon na n-achomharc, ní féidir gealltanas a thabhairt maidir le tréimhse ama ar leith le torthaí na n-achomharc a eisiúint. Déanfar gach iarracht go mbeidh próiseas na n-achomharc chomh tapa agus is féidir. Cuirfear an dáta seo in iúl do scoileanna agus d’iarrthóirí chomh luath agus is féidir.

Tá an CSS tiomanta d’eolas soiléir agus pras a chur ar fáil d’iarrthóirí faoi na scrúduithe. Eisíodh Treoirleabhar d’Iarrthóirí faoi Thorthaí agus Achomhairc chuig na hiarrthóirí. Treoirleabhar faoi do Thorthaí Scrúdaithe de réir Ábhair, agus tá sé ar fáil anseo

Gheobhaid iarrthóirí eolas faoi na seirbhísí atá curtha ar fáil ag an CSS ar a shuíomh gréasáin Examinations.ie. Más gá d’iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis an CSS, is é an seoladh ríomhphost d’fhiosruithe iarrthóirí ná candidateportal@examinations.ie agus is é an uimhir theileafóin ná 090-6442702.

Líne Chabhrach na Scrúduithe

a) Beidh líne chabhrach na hArdteistiméireachta d’iarrthóirí, ag 1800 265 165, a chuireann Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iar-bhunscoile ar fáil, ar fáil ón 2 Meán Fómhair go dtí an 14 Meán Fómhair ó 2pm go 8pm gach lá do scoláirí chun teacht ar threoirchomhairleoir le haon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu. Feidhmeoidh an líne chabhrach seo go dtí tar éis thairiscintí an chéad bhabhta den CAO agus is iad treoirchomhairleoirí oilte atá ina bun. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ag: Information for Leaving Cert Students

b) Beidh líne chabhrach an CSS d’Iarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9am go 5pm ón 2 Meán Fómhair go dtí an 12 Meán Fómhair. Lasmuigh de na huaireanta seo, is féidir fiosruithe a sheoladh ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirtear an líne chabhrach seo ar fáil le haghaidh fiosruithe a bhaineann leis an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra agus leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an tairseach.

c) Tá eolas atá ar fáil ón Lár-Oifig Iontrála (CAO) ar fáil ar [external-link www.cao.ie | CAO ]

Boilsciú gráid

Léirigh scoláirí a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana ábhair imní maidir le ‘boilsciú gráid’, agus go mb’fhéidir go bhfuair scoláirí ó bhlianta roimhe seo torthaí a dhéanfadh é níos deacra do rang 2022 dul in iomaíocht le haghaidh áiteanna san ardoideachas.

Dúirt an tAire Foley nuair a rinne sí an fógra ar an 1 Feabhra “Is léir dom go mór ábhair imní na scoláirí maidir le dul in iomaíocht le scoláirí ó bhlianta roimhe seo, a mbeadh a dtorthaí Ardteistiméireachta níos airde ná an ghnáthbhliain ag cuid mhór díobh. Chun an t-ábhar imní seo a laghdú, d’iarr mé ar an CSS bearta a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbeidh sraith iomlán na dtorthaí sa chomhiomlán don bhliain seo níos ísle ná an bhliain seo caite. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh rang 2022 faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le rang 2022 nó 2021."

Tá an iontráil go dtí ardoideachas in Éirinn trí phróiseas iarratais a reáchtálann an Lár-Oifig Iontrála. Is féidir teacht ar eolas faoi conas a dhéantar na pointí i leith iontrála i gcúrsaí ardoideachais arCAO

Iarratasóirí do chláir ardoideachais lasmuigh d’Éirinn

Scríobh an tAire Oideachais go dtí Airí Oideachais uile an AE agus chuir sí in iúl dóibh faoi dháta eisiúna thorthaí na hArdteistiméireachta agus d’iarr an tAire freisin ar an AE é seo a chur san áireamh do scoláirí na hÉireann nach mbeadh a dtorthaí Ardteistiméireachta acu in am chun an phróiseáil dá n-iontrálacha i dtíortha áirithe a chur i gcrích.

Tá sé tábhachtach go gcuireann iarratasóirí in iúl don Oifig Iontrálacha faoin institiúid ardoideachais ábhartha a bhfuil siad ag déanamh iarratais chuici maidir le dáta na dtorthaí den 2 Meán Fómhair 2022.

Is féidir leat aon fhiosruithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: LCinfo@education.gov.ie

Táillí scrúdaithe

Tarscaoileadh na táillí scrúdaithe do scrúduithe Ardteistiméireachta agus Sraithe Sóisearaí na bliana 2022.

Ní bheidh ar scoláirí na táillí a íoc, arbh ionann iad de ghnáth agus €116 agus €109 do na scrúduithe Ardteistiméireachta agus do na scrúduithe Sraithe Sóisearaí faoi seach.

Is féidir leat an ráiteas iomlán a léamh Anseo

Scrúduithe Ardteistiméireachta a dhéanamh ar shlí mhalartach

Reáchtálfar tacar malartach scrúduithe Ardteistiméireachta sa bhliain 2022, tamaillín tar éis an phríomhthacair scrúduithe. Beidh na scrúduithe sin teoranta do chatagóirí áirithe mac léinn, lena n-áireofar mic léinn a bhí ag déileáil le méala dlúthbhaill teaghlaigh, le tinneas COVID-19 nó le catagóirí áirithe eile tinnis throm le linn na chéad tréimhse scrúduithe. Cuirfear dianchritéir incháilitheachta i bhfeidhm i leith na scrúduithe teagmhasacha sin.

Scrúduithe Cainte na Bliana 2022

Rinne an tAire fógairt an 20 Nollaig 2021 maidir leis na socruithe le haghaidh na Scrúduithe Cainte Ardteistiméireachta i nGaeilge agus sna Nuatheangacha Iasachta agus le haghaidh na dtrialacha feidhmíochta praiticiúla i gCeol na hArdteistiméireachta.

Cuirfear na scrúduithe sin ar siúl lasmuigh d’am scoile le linn na chéad seachtaine de shaoire scoile na Cásca. Beidh na scrúduithe ar siúl i scoileanna le linn na tréimhse sé lá idir an Satharn an 9 Aibreán agus an Déardaoin an 14 Aibreán, agus an dá lá sin san áireamh. Ag obair dóibh i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus leis na scrúdaitheoirí de chuid an Choimisiúin a shannfar don scoil i ngach ábhar, beidh roinnt solúbthachta ag scoileanna maidir leis na scrúduithe a sceidealú le linn na tréimhse sin bunaithe ar riachtanais áitiúla.

Is é an toradh a bheidh ar na scrúduithe cainte a reáchtáil roimh an gCáisc ná go mbeidh mic léinn saor le linn an dara seachtain de shaoire na Cásca.

Déanfar gach gné de na scrúduithe a sheoladh de réir na comhairle Sláinte Poiblí a bheidh i bhfeidhm ag an am.

Is é an toradh a bheidh ar na scrúduithe sin a chur ar siúl le linn na Cásca agus lasmuigh d’am scoile ná go n-íoslaghdófar an cur isteach ar scoileanna agus ar mhic léinn. Léigh an fhógairt iomlán Anseo

Scrúduithe Praiticiúla na Bliana 2022

I mí na Nollag 2021, thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit mionsonraí faoi na socruithe le haghaidh Obair Chúrsa a chomhlánú, a fhíordheimhniú agus a chur isteach.

Ba é an cuspóir a bhí leis an gciorclán ón gCoimisiún, atá ar fáil anseo , ná faisnéis a thabhairt (a) i ndáil le hobair chúrsa a chomhlánú, a fhíordheimhniú, a chur isteach agus a mharcáil don bhliain 2022. Áiríodh leis an bhfaisnéis sin faisnéis á rá go gcoinneofaí ar bun sa bhliain 2022 na socruithe eisceachtúla a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2021 mar gheall ar na himthosca leanúnacha gan fasach a bhí i gceist le paindéim COVID-19.


Socruithe Measúnachta do Shraith Shóisearach agus Ardteistiméireacht na Bliana 2022

I mí na Nollag 2020, fógraíodh athruithe ar na socruithe measúnachta don Ardteistiméireacht agus don tSraith Shóisearach.

Tugadh iad sin cothrom le dáta chun go n-áireofaí leo, nuair is iomchuí:

  • dátaí athbhreithnithe le haghaidh obair chúrsa a chur isteach don scoilbhliain 2021/22
  • na socruithe measúnachta nua sna hábhair Shraithe Sóisearaí a scrúdófar den chéad uair sa bhliain 2022, lena n-áirítear: Ábhair Theicneolaíochta, Staidéar Giúdach, Léann Clasaiceach agus Oideachas Reiligiúnach

Beidh na hathruithe athbhreithnithe ar leibhéal na hArdteistiméireachta ar fáil anseo.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tSraith Shóisearach, féach anseo.

Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2022
Athbhreithnithe Feabhra 2022
Amharc amharc

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach 2021-22: Nóta comhairleach

Is nóta comhairleach achomair é seo ina leagtar amach na príomhshocruithe curaclaim agus measúnaithe do scoláirí ATF Bliain 1 agus Bliain 2 don bhliain acadúil 2021/22.

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach 2021-22
Nóta comhairleach achomair do bhainistíocht scoile agus do mhúinteoirí ATF 2021/22
Amharc amharc

Meitheamh 2021 Eolas Maidir leis an Ardteistiméireacht, 2022

Ar an 30 Meitheamh, d'fhógair an tAire Oideachais go ndéanfaí coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do scoláirí a mbeidh na Scrúduithe Stáit á ndéanamh acu in 2022, chun an cur isteach ar a gcuid foghlama mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh.

Beidh leibhéal an choigeartaithe ar aon dul leis sin a cuireadh i bhfeidhm leis na Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021, faoi mar a fógraíodh iad i mí na Nollag 2020.

Foilseofar doiciméad leasaithe i mí Iúil, ina mbeidh athruithe chun ábhar siollabais a bhaineann go sonrach leis na Scrúduithe Stáit in 2022 a léiriú. Eiseofar an doiciméad sin chuig scoileanna agus beidh sé ar fáil anseo.

Tugann na hathruithe a chuirfear i bhfeidhm deis do scoláirí an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumais mar go bhfágtar gan athrú an struchtúr foriomlán scrúduithe a bhfuil cleachtadh acu air, agus go gcuirtear rogha bhreise ar fáil do scoláirí sna scrúduithe ag an am céanna.

Ní bheidh aon athrú ar fhad na scrúduithe scríofa.

Rinne an tAire fógra eile ar 20 Nollaig 2021 a bhain leis na socruithe do Bhéaltrialacha na hArdteistiméireachta i nGaeilge agus i Nuatheangacha Iasachta agus do na trialacha praiticiúla i gCeol na hArdteistiméireachta.

Eagrófar na scrúduithe seo lasmuigh d'uaireanta scoile le linn na chéad seachtaine de shaoire Chásca na scoileanna agus beidh na scrúduithe ar siúl le linn na tréimhse 6 lá idir Satharn 6 Aibreán agus Déardaoin 14 Aibreán, na dátaí sin san áireamh. Oibreofar i bpáirt le Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus beidh solúbthacht áirithe maidir le sceidealú na scrúduithe i rith na tréimhse, bunaithe ar riachtanais áitiúla.

Má thugtar soiléire do dhaltaí ar sceidealú na scruduithe, is cuidiú é chun a staidéar agus sosanna a phleanáil. Le heagrú na mbéaltrialacha roimh an gCáisc, beidh daltaí saor le linn an dara seachtain de shaoire na Cásca.

Rachfar i mbun gach gné de na scrúduithe de réir na comhairle reatha ar Shláinte Phoiblí.

Le heagrú na scrúduithe seo i rith na Cásca, beidh a laghad cur isteach agus is féidir ar scoileanna agus ar dhaltaí. Léigh an fógra iomlán anseo. Item was unpublished or removed

Tá sé i gceist go ndéanfar sraith eile de scrúduithe Ardteistiméireachta a reáchtáil in 2022, go gairid i ndiaidh phríomhshraith na scrúduithe. Beidh na scrúduithe sin teoranta do scoláirí áirithe nach bhfuil ábalta an phríomhshraith scrúduithe a dhéanamh mar gheall ar bhás garghaoil, ar thinneas COIVID 19 agus ar chatagóirí eile de thinnis throma atá le cinneadh.

Beidh na socruithe go léir maidir leis na Scrúduithe Stáit in 2022 faoi threoir ag an gcomhairle sláinte poiblí a bheidh ann ag an am.

Is féidir an preasráiteas iomlán a léamh anseo.


Tacaíocht folláine


D’fhorbair SNSO i gcomhar le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann na físeáin folláine seo chun tacú le scoláirí na hArdteistiméireachta