English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú Luach ar Airgead


Athbhreithnithe Luach ar Airgead agus Measúnaithe Fócasaithe ar Pholasaí

Is próiseas córasach measúnaithe é an Tionscnamh um Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe ar Pholasaí arna sheoladh ag ranna agus oifigí rialtais faoi threoir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá mar chuspóirí aige caiteachas státchiste a anailísiú ar bhealach córasach agus bonn a chur ar fáil ar a bhféadfar cinntí níos feasaí a dhéanamh ar thosaíochtaí laistigh de na cláir agus idir na cláir.

Tugadh isteach modh nua athbhreithnithe leis an gCód Caiteachais Phoiblí, mar atá Measúnú Fócasaithe Polasaí. Chun éifeachtúlacht na measúnuithe seo a bharrfheabhsú, tá sé beartaithe gur próiseas solúbtha a bheidh sa phróiseas uileghabhálach agus nach mbeidh sé róshaintreorach. Tá sé beartaithe, áfach, maidir leis na Measúnuithe Fócasaithe Polasaí:

  • Go bhfeidhmeofar iad le húdarás soiléir ón oifigeach cuí a bhfuil freagracht air/uirthi maidir le réimse an Chláir agus ó Cheannaire Láraonad Measúnaithe Caiteachais (CEEU) na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
  • Gur aonad measúnaithe de chuid na Roinne ábhartha agus/nó meastóir ón CEEU a stiúrfaidh iad. Go hidéalach, níor cheart go mbeadh níos mó ná meastóir amháin nó beirt mheastóirí ann.
  • Go mbeidh téarmaí tagartha teanna ann lena ndíreofar ar an bpríomhcheist atá le réiteach.

Nach mbeidh coiste stiúrtha de dhíth; is ceart go mbeadh an obair a ghabhann leis an measúnú á bainistiú ag ceannaire aonaid mheasúnaithe na Roinne nó ag ceannaire an CEEU, de réir mar is cuí.

  • Go gcuirfear i gcrích iad laistigh de fhrámaí ama teanna, 3 mhí de ghnáth.
  • Go bhfoilseofar mar ghnáthnós iad ar http://publicspendingcode.per.gov.ie faoi réir ag aon atheagrú a bheidh riachtanach faoin reachtaíocht shaoráil faisnéise. Is ceart gan atheagrú a dhéanamh ach a laghad is féidir agus is ceart an bonn cirt atá leis an atheagrú a fhoilsiú in éineacht leis an gcáipéis.

Bíonn tionchar ag torthaí na n-athbhreithnithe agus na measúnuithe ar fhorbairt leanúnach polasaí agus bíonn siad mar bhonn eolais faoin gcinnteoireacht i réimsí cuí na Roinne.

Tá Clár Luach ar Airgead comhaontaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i leith na tréimhse 2015-2017 agus tá sí ag obair chun an clár a thabhairt chun críche.


Teagmháil

Comhordaíonn an Láraonad Polasaí an próiseas Athbhreithnithe ar an Luach ar Airgead ón lár, agus is iad an Láraonad Polasaí mar aon leis na rannóga líne cuí a chuireann na hathbhreithnithe féin i gcrích.

Central Policy Unit

Seoladh:
Department of Education, Central Policy Unit, Marlborough Street, Dublin, D01 RC96
Teileafón:
(01) 889 6439/6529/6549