Athbhreithnithe Criticiúla Tréimhsiúla
- Foilsithe: 24 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Athbhreithniú Criticiúil Tréimhsiúil ar an gComhairle Mhúinteoireachta 2024
Feidhmíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi choimirce na Roinne Oideachais (‘An Roinn’) agus tá sí faoi réir théarmaí an Chóid Chleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit 2016 (‘An Cód’). Éilíonn an Cód go ndéanfar Athbhreithniú Criiticiúil Tréimhsiúil (ACT) ar Chomhlachtaí Stáit neamhthráchtála tráth nach déanaí ná gach 5 bliana, le fócas ar an gcás gnó leanúnach do gach aonán, a fheidhmíocht agus a éifeachtúlacht agus a éifeachtacht, agus a shocruithe rialachais.