Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht
- Foilsithe: 11 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 13 Meitheamh 2022
- Aistrithe Pátrúnachta Bunscoileanna – Eolas do Phobail Scoileanna
- Freagraí ar do chuid ceisteanna
- Bileog Eolais
Aistrithe Pátrúnachta Bunscoileanna – Eolas do Phobail Scoileanna
Sa leathanach gréasáin seo, leagtar amach roinnt eolais ghinearálta agus phraiticiúil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do phobail scoileanna agus d’údaráis agus baill foirne scoileanna ina bhfuil athchumrú/aistriú pátrúnachta scoile á mheas nó á chur i bhfeidhm.
Is é aidhm an eolais seo eolas a chur ar fáil maidir le haistriú an phróisis phátrúnachta, chun tabhairt faoi fhiosruithe a fuair an Roinn ó thuismitheoirí agus ó dhaoine eile, agus chun tabhairt faoi na ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag pobail scoileanna ar spéis leo pátrúnacht a aistriú. Mar sin féin, d’fhéadfadh ceisteanna a bheith agat nár tugadh fúthu san eolas thíos, agus sa chás sin cuir ríomhphost go dtí an Roinn Oideachais ag reconfiguration@education.gov.ie.
Tá an t-eolas seo curtha ar fáil chun crích eolais amháin agus ní comhairle dhlí atá i gceist.
Is é aidhm an phróisis um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht, a thacaíonn le haistrithe scoileanna go dtí pátrúin il-sainchreidmheacha mar fhreagra ar cad is mian le pobail scoileanna, éascaíocht a dhéanamh go mbeidh níos mó scoileanna il-sainchreidmheacha ar fáil ar fud na tíre. Is é atá i gceist leis an bpróiseas um Athchumrú ná go n-athraíonn scoileanna atá ann cheana féin a bpátrún. Tugtar aistriú pátrúnachta air seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh athrú éitis (mar shampla, athrú ó éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach) go dtí éiteas il-sainchreidmheach) i gceist le haistrithe pátrúnachta freisin.
Nuair a aistríonn scoil ón bpátrúnacht de phátrún amháin go dtí ceann eile, fanann an scoil oscailte (leis an uimhir rolla chéanna agus ag feidhmiú ón réadmhaoin scoile chéanna), leis na baill foirne agus daltaí ag fanacht inti.