Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí – Cad a chiallaíonn sé do do dhuine óg
- Foilsithe: 27 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2024
- Fís d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
- Eolas do scoláirí maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
- Athruithe ar an tSraith Shinsearach
- Athruithe ar ábhair na Sraithe Sinsearaí
- Athruithe ar an gcaoi a ndéantar measúnú ar scoláirí
- Ionchur ó Thuismitheoirí agus ó Chaomhnóirí
Fís d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
Tá fís fógartha ag an Aire Oideachais d’athfhorbairt oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn.
Tá sonraí iomlána den uasdátú is déanaí ar fáil ag an nasc seo a leanas: Item was unpublished or removed
Ar an leathanach seo, cuirtear eolas ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí faoi roinnt de na príomhathruithe ar an tSraith Shinsearach. Cuirtear naisc ar fáil ann freisin chuig leathanaigh ghréasáin/suíomhanna gréasáin inar féidir leat tuilleadh sonraí a fháil faoi na hathruithe.
Eolas do scoláirí maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
Is féidir le scoláirí agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí rochtain a dhéanamh ar mhioneolas faoin gcaoi a mbeidh tionchar ag na hathruithe ar an tSraith Shinsearach ar scoláirí ag brath ar an mbliain ina dtosaíonn scoláire an cúigiú bliain anseo.
Moltar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí rochtain a dhéanamh ar an leathanach seo chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh na hathruithe dul i bhfeidhm ar do dhuine óg.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin ar churaclam reatha na hArdteistiméireachta ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta curriculumonline.ie.
Athruithe ar an tSraith Shinsearach
Tá an tSraith Shinsearach (nó an Ardteistiméireacht) ag athrú. Tá na hathruithe bunaithe agus ar Thuarascáil Chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)ar an athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athruithe atá ag fás agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta agus cuireann siad leis na hathruithe freisin.
Mar thoradh ar na hathruithe, tá sé i gceist go gcumasófar scoláirí chun tabhairt faoi dhúshláin an 21ú haois, taithí an scoláire a shaibhriú, an fholláine a dhaingniú, agus leibhéil struis na scoláirí a laghdú.
Athruithe ar ábhair na Sraithe Sinsearaí
Sna blianta amach romhainn, beidh an curaclam (ar a dtugtar sonraíochtaí ábhair) ag athrú i ngach ábhar a ndéanann scoláirí staidéar orthu sa tSraith Shinsearach.
Déanfaidh saineolaithe ábhair ar na Grúpaí Forbartha Ábhair sa CNCM athbhreithniú agus athdhréachtú ar a bhfuil i ngach ábhar de gach ábhar de chuid na Sraithe Sinsearaí.
Tabharfar isteach an chéad sraith d’ábhair leasaithe i scoileanna i scoilbhliain 2025/26. Is iad na hábhair seo Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Gnó, Araibis, Sean-Ghréigis agus Laidin.
Beidh dhá ábhar nua ar fáil freisin i roghnú scoileanna ó 2025/26; Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Tá an próiseas oscailte anois chun an chéad chéim de scoileanna a roghnú chun na hábhair seo a thairiscint do scoláirí. Cuirfidh scoil do dhuine óig in iúl duit i scoilbhliain 2024/25 má roghnaíodh í chun ábhar nua amháin nó dhá ábhar nua a thabhairt isteach ó thús scoilbhliain 2025/26.
Tabharfar isteach an dara sraith atá le leasú i scoilbhliain 2026/27; Cuntasaíocht, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Béarla, Tíreolaíocht, Corpoideachas.
Tabharfar sceideal na n-ábhar atá le hathfhorbairt suas chun dáta de réir mar a chomhaontaítear gach sraith leasuithe bhliantúil. Is féidir teacht ar an sceideal ar shuíomh gréasáin an CNCM
Gheobhaidh múinteoirí do dhuine óig tacaíocht iomlán ón Roinn Oideachais, an CNCM agus Oide, an tseirbhís tacaíochta nua do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, chun tacú leis na hathruithe de réir mar a thugtar iad isteach sna scoileanna.
Athruithe ar an gcaoi a ndéantar measúnú ar scoláirí
De réir mar a dhéantar athbhreithniú ar ábhair, san áireamh i ngach ceann beidh comhpháirteanna measúnaithe nua nach scrúdú scríofa traidisiúnta iad.
Beidh na comhpháirteanna measúnaithe nua seo deartha chun measúnú a dhéanamh ar scileanna agus ar phríomhinniúlachtaí na scoláirí, arna bhforbairt trí staidéar a dhéanamh ar a rogha ábhair, ar bhealach nach féidir é a dhéanamh trí scrúdú scríofa deiridh.
Tá an t-athrú seo ag tógáil ar chleachtais measúnaithe atá ann cheana féin do chuid mhór ábhar reatha de chuid na hArdteistiméireachta ina bhfuil comhpháirteanna measúnaithe i dteannta le scrúduithe deiridh ar nós béaltrialacha agus trialacha cluastuisceana, scrúduithe praiticiúla, obair chúrsa, agus léirithe (e.g. Ceol, Nuatheangacha, Teicneolaíocht).
San áireamh sna comhpháirteanna seo, d’fhéadfadh, mar shampla, tionscadal taighde, measúnú ó bhéal, measúnú ar léiriú, measúnú ar phortfóilió, déantúsán a chruthú, staidéar allamuigh, nó turgnamh/chruthúnas coincheapa/iniúchadh praiticiúil, a bheith i gceist.
Beidh 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil ag gabháil leis na comhpháirteanna measúnaithe seo, agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
Cuirfear na sonraí ar fad ar fáil do scoil do dhuine óig maidir le nádúr agus tréimhse ama na comhpháirte measúnaithe sna sonraíochtaí ábhair leasaithe.
Tá sé i gceist leis an athrú seo sna próisis measúnaithe go laghdófar an brú ar scoláirí a bhíonn ann de bharr measúnuithe deiridh bunaithe go príomha ar scrúduithe scríofa a reáchtáiltear i rith tréimhse chomhchruinnithe ag deireadh an tséú bliain. Mar gheall ar an athrú sa mheasúnú, beifear ag déanamh measúnaithe ar scoláirí freisin ó thaobh scileanna agus inniúlachtaí éagsúla.
Ionchur ó Thuismitheoirí agus ó Chaomhnóirí
Mar chuid den athfhorbairt leanúnach de churaclam na Sraithe Sinsearaí, tá suíochán ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheorí (CNT) ar an gComhairleNáisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar bhordan CNCM don tSraith Shinsearach, agus ar Fhóram na gComhpháirithe, ar grúpa páirtithe leasmhara ionadaíochta é a éascaíonn malartú eolais ar an dul chun cinn, dúshláin fhorfheidhmithe agus sruthanna oibre a bhaineann le haon Athfhorbairt de chuid na Sraithe Sinsearaí a chur i bhfeidhm.
Tá ionchur ó thuismitheoirí ríthábhachtach le dul i bhfeidhm ar threo Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí sa todhchaí. Féach suíomh gréasáin CNT le haghaidh sonraí faoina gcomhairliúcháin.
Tá fáilte roimh thuismitheoirí freisin a bheith rannpháirteach sna comhairliúcháin phoiblí maidir le gach sonraíocht nua de réir mar a fhoilsítear í ar shuíomh gréasáin an CNCM