English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí – Cad a chiallaíonn sé seo domsa?

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2024


Fís d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

D’fhógair an tAire Oideachais fís d’athfhorbairt oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn.

Tá na sonraí go léir a bhaineann leis an nuashonrú is déanaí ar fáil ag an nasc seo: Fógraíonn an tAire Foley nuashonraithe maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

Léirítear ar an leathanach seo an tionchar a bheidh ag an bhfógra seo ar scoláirí, ag brath ar an uair a thosaíonn siad sa chúigiú bliain.


Ceisteanna ó dhaltaí ar Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí

Cuireann Uachtarán Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ), Shari Irfan, agallamh ar an Leas-Phríomhchigire, Orlaith O’Connor maidir le cad a chiallaíonn na hathruithe ar an tSraith Shinsearach do na daltaí


Thosaigh mé sa chúigiú bliain i 2023

Má thosaigh tú sa chúigiú bliain i 2023, ní bheidh tionchar ag fógra an Aire an 20 Meán Fómhair 2023 ortsa. Tá tuilleadh faisnéise ar churaclam reatha na hArdteistiméireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta curriculumonline.ie

Más scoláire ATF tú, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí” thíos.


Tá mé le tosú sa chúigiú bliain i 2024

Má thosaigh tú sa chúigiú bliain i 2024, ní bheidh tionchar ag fógra an Aire an 20 Meán Fómhair 2023 ortsa. Tá tuilleadh faisnéise ar churaclam reatha na hArdteistiméireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta curriculumonline.ie

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire ATF, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí” thíos.


Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2025

Má tá tú le tosú sa chúigiú bliain in 2025, baineann na hathruithe seo a leanas leatsa:

  • Beidh curaclam athbhreithnithe ann do na hábhair seo a leanas (ar a dtugtar ‘sonraíochtaí’): Gnó, Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis, Laidin agus Sean-Ghréigis (Ábhair Thráinse 1).
  • Beidh comhpháirt(eanna) sna hábhair seo ar a ndéanfar measúnú seachtrach.
  • Ní scrúdú scríofa traidisiúnta a bheidh sa chomhpháirt/sna comhpháirteanna breise.
  • Déanfaidh scrúdaitheoirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach ar an gcomhpháirt/ na comhpháirteanna breise.
  • Tabharfar dhá ábhar nua isteach i roinnt scoileanna in 2025. Do bhlianta ina dhiaidh sin, tabharfar iad isteach chuig scoileanna breise ar bhonn céimnithe. Is iad na hábhair seo (1) Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta agus (2) Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Má tá do scoil ar cheann de na scoileanna atá sa chéad chéim chun ceachtar de na hábhair seo a thairiscint, b’fhéidir go mbeidh ar do chumas leas a bhaint astu.

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire ATF, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí” thíos.


Tá mé le tosú sa chúigiú bliain i 2026 nó ina dhiaidh sin

Má tá tú le tosú sa chúigiú bliain in 2026, nó ina dhiaidh sin, baineann na hathruithe seo a leanas leatsa:

  • Beidh curaclam athbhreithnithe ann do na hábhair seo: Gnó, Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis, Laidin agus Sean-Ghréigis (Ábhair Thráinse 1).
  • Beidh ábhair athbhreithnithe eile ar fáil duit. Fógrófar iad seo a luaithe a fhoilseofar sceideal deiridh ina leagfar amach na céimeanna ina ndéanfar athbhreithniú ar na hábhair go léir. Déanfar an leathanach gréasáin seo a nuashonrú nuair a bheidh an sceideal ar fáil.
  • Beidh comhpháirt(eanna) sna hábhair seo ar a ndéanfar measúnú seachtrach.
  • Ní scrúdú scríofa traidisiúnta a bheidh sa chomhpháirt/sna comhpháirteanna breise.
  • Déanfaidh scrúdaitheoirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach ar an gcomhpháirt/ na comhpháirteanna breise.
  • Leanfar le dhá ábhar nua, a tugadh isteach ar dtús in 2025, a thabhairt isteach ar bhonn céimnithe. Is iad na hábhair seo (1) Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta agus (2) Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Má tá do scoil ar cheann de na scoileanna atá sa chéad chéim chun ceachtar de na hábhair seo a thairiscint, b’fhéidir go mbeidh ar do chumas leas a bhaint astu.

Tabharfar tacaíocht agus oiliúint do mhúinteoirí do scoile agus don scoil na hábhair seo a thabhairt isteach agus cabhrú leatsa ullmhú do na comhpháirteanna breise agus don scrúdú.

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire ATF, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí” thíos.


Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí

Má tá tú ag dul isteach sa Chúigiú Bliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) ó 2023 ar aghaidh, baineann an méid seo leatsa:

  • Féadfaidh tú Matamaitic ATB agus Nuatheanga Iasachta (NTI) ATB a rochtain anois, faoi réir amchlárú do scoile
  • Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh ar Mhatamaitic ATB mar aon le Feidhmeanna Matamaitice ATF, nó in ionad Feidhmeanna Matamaitice ATF.
  • Féadfaidh tú NTI ATB a dhéanamh mar aon leis an gclár ATF.
  • Tá Ráiteas Cláir ATF nuashonraithe a léiríonn na hathruithe seo ar fáil ag curriculumonline.ie.

Tá do scoil freagrach as amchlárú na n-athruithe thuas agus na cláir Ardteistiméireachta reatha is fearr a oireann duit a aithint in éineacht leat féin agus le do thuismitheoirí/chaomhnóirí.

Beidh do chumas a bheith gafa le Matamaitic ATB agus/nó le NTI ATB lárnach do chinntí a bhaineann le do rochtain ar an ábhar.


Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid Ghairmchlár na hArdteistiméireachta

Má tá tú ag dul isteach sa chúigiú bliain de Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) ó 2023 ar aghaidh, baineann an méid seo leatsa:

  • Is féidir leat Nascmhodúil GCAT (Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontair) a rochtain anois gan na critéir um ghrúpáil ábhar gairmoideachais nó riachtanais na Nuatheanga Iasachta (NTI) a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach i gCiorclán 0040/2013.
  • Tá gach riachtanas eile maidir le rannpháirtíocht i GCAT i bhfeidhm i gcónaí, riachtanas na Gaeilge san áireamh.
  • Tá Ráiteas Clár GCAT nuashonraithe a léiríonn na hathruithe atá ar fáil ag: curriculumonline.ie

Tá do scoil freagrach as amchlárú na n-athruithe thuas agus na cláir Ardteistiméireachta reatha is fearr a oireann duit a aithint in éineacht leat féin agus le do thuismitheoirí/chaomhnóirí.

Má tá tú ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2025 nó ina dhiaidh sin mar scoláire GCAT, bainfidh athruithe breise ar an Ardteistiméireacht leatsa. Féach na codanna “Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2025” nó “Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2026 nó ina dhiaidh sin” den leathanach gréasáin seo, mar is infheidhme.