English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Caighdeánú agus Próiseáil Sonraí ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Caighdeánú agus Próiseáil Sonraí ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Tá sé soiléir ón taighde nach mór breithiúnais múinteoirí, ar breithiúnais iad a rinneadh i gcomhthéacs gach scoile, a scrúdú agus a choigeartú ar leibhéal náisiúnta ionas go mbeidh siad inchomparáide trasna scoileanna éagsúla agus go gcuirfear comhchaighdeán náisiúnta i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, déanfar na marcanna céatadáin scoilmheasta a chomhcheangal le sonraí náisiúnta a fuarthas le gairid trí phróiseas ar a dtugtar caighdeánú chun an Grád atá Creidiúnaithe ag CSS a ghiniúint do na scoláirí san ábhar. Déanfaidh an próiseas caighdeánaithe sin an dá thacar sonraí a ailíniú le chéile agus bainfear feidhm as lena chinntiú go léireoidh na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS caighdeáin atá ailínithe ar fud scoileanna agus le caighdeán coiteann náisiúnta.

Ní dhéanfaidh an próiseas caighdeánaithe atá in úsáid aon mharc réamhchinnte a fhorchur ar aon duine ar leith i rang ná i scoil, agus ní bhainfidh sé úsáid as sonraí stairiúla ar leibhéal na scoile maidir le feidhmíocht roimhe seo i Scrúduithe na hArdteistiméireachta.

Déanfar an marcanna céatadáin measta a bhailiú ó gach scoil. Cé go bhféadfadh sé go mbainfí úsáid as feidhmíocht an rang-ghrúpa sa tSraith Shóisearach roimhe seo, ní bheadh feidhmíocht aonair an scoláire sa tSraith Shóisearach mar chinntitheach maidir le feidhmíocht an scoláire sin san Ardteistiméireacht, ach amháin nuair atá an t-ábhar á dhéanamh lasmuigh den scoil.

Má tá an grúpa scoláirí i scoil sa bhliain reatha an ”láidir”, léireoidh gnóthachtáil ionchasach an ghrúpa é sin. Mar an gcéanna, má tá duine amháin nó níos mó a sheasann amach mar dhaoine atá an-láidir, léireofar é sin i marcanna measta na scoile agus cuirfear san áireamh ar an mbealach sin é.

In ndiaidh an phróisis chaighdeánaithe, déanfar na marcanna a thiontú ina nGráid atá Creidiúnaithe ag CSS, agus cuirfear in iúl iad ar aon dul leis an mbealach reatha atá i bhfeidhm do ghráid na hArdteistiméireachta – H1 etc.


Eisiúint na dtorthaí

Gheobhaidh iarrthóirí torthaí comhcheangailte a nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS agus na scrúduithe (má roghnaigh siad scrúduithe a dhéanamh) ag an am céanna. I gcás, in ábhar ar bith, go ndearna scoláire an scrúdú freisin, gheobhaidh sé/sí creidiúint don toradh is fearr den dá thoradh. Aistreofar torthaí an iarrthóra chuig an CAO chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas a éascú.

Go gairid i ndiaidh eisiúint na dtorthaí, beidh rochtain ag iarrthóirí ar eolas níos mionsonraithe faoin dá thacar torthaí. Beidh ar a gcumas na marcanna measta a chuir a gcuid scoileanna isteach a fheiceáil agus na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS i ndiaidh an phróisis chaighdeánaithe. I gcás iarrthóirí a rinne na scrúduithe teastais, beidh ar a gcumas na marcanna a bronnadh sa scrúdú scríofa a fheiceáil, agus na marcanna a bronnadh in aon chomhpháirteanna.

I gcás iarrthóirí nach ndearna Scrúduithe na hArdteistiméireachta, ní bheidh ar fáil dóibh ach na marcanna céatadáin measta a chuir an scoil isteach agus na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS.

Tabharfaidh an t-eolas sin cúnamh d'iarrthóirí a d'fhéadfadh glacadh leis an rogha achomharc a dhéanamh in ábhar.


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Feb 2021
Amharc amharc