Ceisteanna Sonracha
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021: Ceisteanna Sonracha
Ag freagairt trí Ghaeilge
I gcás scoláirí a iontráladh chun a gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge, ba cheart don mhúinteoir a m(h)eastachán ar mharc dóchúil an scoláire a bhunú ar an toimhde go bhfuil an bónas atá le fáil chun an páipéar scríofa a fhreagairt trí Ghaeilge curtha san áireamh sa mheastachán. Meastar go mbeidh tionchar an bhónais curtha san áireamh ag formhór na múinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge agus iad ag déanamh a gcéad bhreithiúnas, ionas nach mbeidh aon ghá le ríomh follasach a dhéanamh ar an mbónas. Mar sin féin, má tá aon mhúinteoirí nach bhfuil cinnte faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an bónas ina n-ábhar féin, tá eolas ar fáil ar www.examinations.ie
Cothroime agus cothromas
Faoi mar a luadh i gCuid 3 den Treoir seo, tá na prionsabail a bhaineann le cothromas, cothroime agus oibiachtúlacht go mór chun tosaigh i gCóras na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS. Ba cheart do mhúinteoirí a ndícheall a dhéanamh bheith airdeallach ar fhoinsí féideartha i gcomhair claontacht neamh-chomhfhiosach a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na meastacháin, lena n-áirítear cinneadh an scoláire an scrúdú a dhéanamh. Léiríonn taighde go bhféadfadh tionchar a bheith ag taithí agus ag dearcadh an mhúinteora ar iompar an scoláire sa seomra ranga, nó ag an eolas atá ag an múinteoir ar chúlra socheacnamaíochta nó teaghlaigh an scoláire, ar mheastacháin an mhúinteora ar fheidhmíocht an scoláire. Má táthar airdeallach ar an bhfoinse sin don chlaontacht neamh-chomhfhiosach, féadfaidh múinteoirí díriú go hoibiachtúil ar eolas a bhaineann go soiléir le gnóthachtáil san ábhar agus nach mbaineann le tosca eile.
Má tá coimhlint leasa, bíodh sí fíor nó braite, i gceist le marc measta a bhronnadh ar scoláire ar leith (amhail garghaol) i rang múinteora, díreoidh an múinteoir aird an phríomhoide air sin. Déanfaidh múinteoir ainmnithe agus/nó príomhoide tánaisteach maoirseacht bhreise i gcásanna den chineál sin. Má thagann an choimhlint leasa i gceist i gcás príomhoide atá ag teagasc an scoláire, cuirfidh sé/sí é sin in iúl don phríomhoide tánaisteach.
Socruithe réasúnta do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
I gcás inar ceadaíodh aon socrú réasúnta d'aon scoláire (amhail léitheoir nó scríobhaí), bunóidh an múinteoir an meastachán ar fheidhmíocht ionchasach an scoláire ar an tuiscint go mbeadh an socrú sin ar fáil. Ó tharla go bhfuil sé i gceist go léireodh socruithe gnáthmhodh oibre an scoláire sa rang, níor cheart go mbeadh gá le hidirghabháil speisialta ar bith seachas an tuiscint atá ag an múinteoir cheana féin ar an mbealach a n-éiríonn leis an scoláire leis na tacaíochtaí iomchuí atá i bhfeidhm.
Scoláirí atá nua sa rang nó sa scoil
Má tháinig scoláire isteach sa rang ó rang eile sa scoil, rachaidh an múinteoir i gcomhairle leis an múinteoir a bhí ag an scoláire roimhe sin (más féidir) agus gheobhaidh sé/sí aon taifid atá ag an múinteoir sin. Má tháinig an scoláire isteach sa rang ó scoil eile, nó má cheapann an múinteoir nach bhfuil an tréimhse ama sách fada le gur féidir leis/léi dóthain fianaise a bheith aige/aici chun breithiúnas grinn a thabhairt, ba cheart go rachadh sé/sí i gcomhairle le lucht bainistíochta na scoile maidir le tuileadh eolais a fháil ón scoil ina raibh an scoláire roimhe sin. D'fhéadfadh sé nach mbeifí ábalta é sin a fháil, agus sa chás sin beidh ar an múinteoir fós an breithiúnas is fearr is féidir leis/léi a thabhairt bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil.
Scoláirí a bhfuil an scrúdú á dhéanamh an athuair acu
Má tá an scrúdú á dhéanamh an athuair ag scoláire sa scoil, agus go raibh an scoláire ar an rolla sa scoil sin nuair a rinne sé/sí an Ardteistiméireacht den chéad uair, ba cheart fianaise ar ghnóthachtáil ón dá shraith a bhreithniú, ach ba cheart ualú ar leith a thabhairt d’obair an scoláire agus do leibhéal gnóthachtála an scoláire le linn na bliana a raibh an scrúdú á dhéanamh an athuair aige/aici. Má bhí an scoláire ina scoláire Ardteistiméireachta in 2020, ba cheart do mhúinteoirí a bheith an-chúramach maidir le fianaise ar fhoghlaim ón tréimhse ina raibh scoileanna dúnta in 2020 a úsáid. Má tá múinteoir eile ag an scoláire le linn na bliana ina bhfuil sé/sí ag déanamh an scrúdaithe an athuair seachas an múinteoir a bhí aige/aici roimhe sin, ba cheart socruithe a dhéanamh lena chinntiú gur féidir leis an múinteoir is déanaí a bhí ag an scoláire (a bheidh ag déanamh an mheastacháin) dul i gcomhairle leis an múinteoir a bhí ag an scoláire roimhe sin agus go bhfuil fáil aige/aici ar aon doiciméid a theastaíonn.
Má bhí an scoláire ar an rolla i scoil eile roimhe seo, beidh na nósanna imeachta céanna a bhfuil cur síos orthu thuas i dtaca le scoláirí nua sa scoil i bhfeidhm.
Scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair aonair lasmuigh den scoil agus scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar na hábhair go léir lasmuigh den scoil.
Beifear ag iarraidh, le próiseas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS, gráid chreidiúnaithe a chur ar fáil don oiread scoláirí agus is féidir, lena n-áirítear scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhar amháin nó níos mó lasmuigh den scoil chomh maith leo siúd a bhfuil an staidéar go léir á dhéanamh acu lasmuigh den scoil. I gcás na n-iarrthóirí sin, ní mór go mbeadh fianaise láidir ar fáil a bhféadfar marc measta a bhunú uirthi. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeifí ábalta marcanna measta agus/nó Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a sholáthar d’iarrthóirí, ach déanfar gach iarracht réasúnach freastal ar an oiread scoláirí agus is féidir.
Déanfar tuilleadh sonraí maidir leis na próisis a chuirfidh ar chumas iarrthóra Grád Creidiúnaithe a lorg a sholáthar a luaithe agus is féidir.
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021