Ceistneoirí
- Foilsithe: 1 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2021
Uirlis ilúsáideach don fhéinmheastóireacht scoile is ea ceistneoirí. Cuidíonn siad le heolas faoi obair na scoile a bhailiú ó raon de dhaoine, lena n-áirítear múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus an bord bainistíochta. Is féidir iad a úsáid chun na nithe seo a leanas a fháil:
- eolas fíorasach (mar shampla, minicíocht úsáid TFC i gceachtanna, cineál an eolais mheastóireachta a chuirtear in iúl do thuismitheoirí)
- eolas ar eispéiris agus ar pheirspictíochtaí páirtithe faoi obair na scoile
- eolas maidir le leibhéil sástachta na bpáirtithe le hobair na scoile
Anseo thíos tá roinnt acmhainní samplacha chun cuidiú le húsáid na gceistneoirí mar chuid de do phróiseas FMS