Cigireacht atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta
- Foilsithe: 25 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2022
- Cigearachtaí Oideachas-dhírithe ar na Luathbhlianta
- Cigireacht Leantach Luathbhlianta
- Féach ar thuarascálacha cigireachta na luathbhlianta
- Gaolmhar
Cigearachtaí Oideachas-dhírithe ar na Luathbhlianta
Déantar Cigireachtaí atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta i seirbhísí luathbhlianta atá rannpháirteach i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is clár é seo lena soláthraítear tréimhse chúram agus oideachas Luathóige saor in aisce do leanaí roimh dóibh tosú ar an scoil.
Le linn na gcigireachtaí seo déanaimid measúnú ar cháilíocht nádúr, raon agus oiriúnacht na n-eispéireas luathoideachais do leanaí a ghlacann páirt i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is í príomhghníomhaíocht nacigireachta atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta ná go bhféachann an cigire ar phróisis agus ar chleachtais a bhaineann le foghlaim na leanaí i seomra nó i limistéar foghlama amháin nó níos mó díobh, sa suíomh luathbhlianta.
I ndeireadh gach cigireachta tugaimid aiseolas do na cleachtóirí agus d’úinéirí/bainisteoirí (má tá siad ar fáil) luathbhlianta maidir le cáilíocht soláthar oideachais sa suíomh. Ina dhiaidh sin seolaimid tuarascáil i scríbhinn chuig an réamhscoil a ndearnadh cigireacht uirthi. Sa tuarascáil seo mínítear torthaí na cigireachta agus tugtar comhairle i dtaobh tuilleadh forbartha a dhéanamh, nó feabhas a chur, ar an soláthar oideachais sa suíomh. Foilsítear tuarascáil na cigireachta ar ár suíomh gréasáin agus ar shuíomh na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Cigireacht Leantach Luathbhlianta
Déanann cigireacht leantach luathbhliantat ar an dul chun cinn atá déanta ag seirbhís luathbhlianta ar fheidhmiú moltaí a rinneadh i gcigireacht níos luaithe nuair a foilsíodh nó nuair a eisíodh tuairisc scríofa chuig an seirbhís. Is iad na moltaí sa tuairisc a foilsíodh nó a eisíodh a chinneann formáid na cigireachta.
Ceadaíonn an próiseas solúbthacht imleor chun fianaise a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm roinnt de na príomh-mholtaí, nó iad uile, a rinneadh sa tuairisc chigireachta bhunaidh. Soláthraímid aiseolas ó bhéal ag deireadh na gcigireachtaí agus soláthraímid tuarascáil scríofa a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin.