Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
- Foilsithe: 1 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2024
- Léargas Ginearálta
- Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht
- Cinéaltas Plean Forfheidhmithe 2023-2027
- Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna
- Preasráiteas
- Tuarascálacha faoin bPróiseas Comhairliúcháin
- Físeán chun Cineáltas Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíochta, a chur i láthair
- Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013 agus forbairt Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
- Imeacht sárthaispeántais Cineáltas
- Féach Freisin
Léargas Ginearálta
Cuireann Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht, comhfhís agus plean soiléir ar fáil ar an gcaoi inar féidir leis an bpobal agus leis an tsochaí oideachais uile obair i gcomhar le chéile chun cosc a chur ar an mbulaíocht agus dul i ngleic léi inár scoileanna.
Tógann an plean ar éachtaí agus ar uaillmhian an Phlean Ghníomhaíochta faoin mBulaíocht 2013 a bhí ann roimhe seo agus ar an obair a rinneadh le blianta beaga anuas lena chinntiú go bhfuil ár scoileanna mar áiteanna sábháilte agus sona dár leanaí agus daoine óga uile.
Bhain Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht, leas as an Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais 2019, Cur Chuige Oideachais Uile EOECNA, chomh maith le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agus an dea-chleachtas chun straitéis láidir a fhorbairt a chuireann ár leanaí agus ár ndaoine óga i lár ár bpobal scoile agus i lár na stráitéise oideachais agus na forbartha polasaí náisiúnta.
Rinneadh an plean a fhorbairt tar éis próisis chomhairliúcháin fhairsing agus leitheadaigh le leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, baill foirne scoileanna, páirtithe leasmhara oideachais agus an pobal oideachais i gcoitinne.
Cuirfidh cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí sa phlean gníomhaíochta seo go mór leis an obair atá á déanamh againn cheana féin lena chinntiú go gcoinnítear na leanaí agus na daoine óga uile a fhreastalaíonn ar ár scoileanna sábháilte ó dhíobháil agus go mbíonn folláine ár leanaí agus ár ndaoine óga chun tosaigh i ngach rud a dhéanaimid.
Sheol an tAire Norma Foley TD an plean forfheidhmithe do Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht i mí Aibreáin 2023. Leagtar amach sa phlean forfheidhmithe an tiomantas gach ceann de na 61 gníomh atá i Cineáltas a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse 5 bliana agus leagtar amach frámaí ama agus eolas faoin gcaoi a chuirfear na gníomhartha i bhfeidhm.
Bunaíodh Grúpa Feidhmithe agus Meastóireachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha atá in Cineáltas. Foilseofar Tuarascálacha Feidhmithe agus Meastóireachta Bliantúla bunaithe ar aiseolas ó leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, baill foirne scoile, comhpháirtithe oideachais, na príomhpháirtithe leasmhara agus na gníomhaireachtaí iomchuí.
Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht
Cinéaltas Plean Forfheidhmithe 2023-2027
Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna
Cliceáil ar an nasc seo a leanas le do thoil le haghaidh nósanna imeachta Bí Cineálta, an treoir acmhainní, an cur i bhfeidhm agus eolas faoi conas a forbraíodh na nósanna imeachta. Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna
Preasráiteas
Fógraíonn an tAire Foley foilsiú Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
Seolann an tAire Foley Plean Forfheidhmithe do Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
Item was unpublished or removed
Item was unpublished or removed
Item was unpublished or removed
Tuarascálacha faoin bPróiseas Comhairliúcháin
Bhí forbairt Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin fairsing.
- Rinneadh os cionn 50 cur i láthair don choiste stiúrtha
- Fuarthas os cionn 4,600 freagra ar cheistneoir an chomhairliúcháin phoiblí
- Fuarthas 78 aighneacht ar an iarratas poiblí le haghaidh aighneachtaí
- Bhí 41 ball d’fhoireann scoileanna agus de bhord bainistíochta rannpháirteach i ngrúpaí fócais scoileanna
- Chuathas i gcomhairle le 170 leanbh agus duine óga lena n-áirítear leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, leanaí den Lucht Siúil agus leanaí Roma, leanaí ón Úcráin agus teifigh.
Is iad seo a leanas na Tuarascálacha faoin bpróiseas comhairliúcháin:
1) Tuarascáil na Roinne Oideachais faoi Chomhairliúcháin Grúpaí Fócais le Leanaí agus le Daoine Óga – Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht agus faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna (2013)
2) Tuarascáil na Roinne Oideachais faoi Chomhairliúchán Grúpaí Fócais le foireann Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht agus faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna (2013)
3) Tuarascáil na Roinne Oideachais maidir le hAighneachtaí i Scríbhinn ar Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht agus faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna (2013) Tuarascáil na Roinne Oideachais faoi Shuirbhéanna Ar Líne den Chomhairliúchán Poiblí
4) Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht agus faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna (2013)
Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin a úsáideadh chun Cineáltas: Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíocht, a chruthú agus a fhorbairt ag:
Físeán chun Cineáltas Plean Gníomhaíochta faoin mBulaíochta, a chur i láthair
Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013 agus forbairt Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
Imeacht sárthaispeántais Cineáltas
D'óstáil an tAire Oideachais Norma Foley TD an chéad Seóthaispeántas de chuid Cineáltas agus an ócáid dea-chleachtais i bPáirc an Chrócaigh chun aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl ag pobail scoileanna chun cosc a chur ar iompar bulaíochta agus chun dul i ngleic leis.
Léirigh daltaí agus scoláirí ó scoileanna ionadaíocha an obair atá déanta acu lena chuidiú lena chinntiú nach mbeadh aon leanbh nó duine óg ag fulaingt iompar bulaíochta.
Minister Foley’s Intro to Anti-Bullying Week
Cineáltas Showcase Event