Clár Samhraidh 2025: clár scoilbhunaithe in iar-bhunscoileanna
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2025
- Eolas d’Iar-bhunscoileanna
- Clár Samhraidh 2025: litir chuig Iar-bhunscoileanna
- Clár Samhraidh d’Iar-Bhunscoileanna 2025 – Forléargas/Téarmaí agus Coinníollacha
- Treoir don Chlár Samhraidh d’Iar-bhunscoileanna 2025
- Físeáin seisiún eolais
- Tairseach um chlárú ar líne
- Scéalta scoile faoi na cláir shamhraidh
- Eolas do thuismitheoirí
- Eolas Íocaíochta do Scoileanna
- Ceisteanna agus tacaíocht
Eolas d’Iar-bhunscoileanna
Beidh deis ag gach iar-bhunscoil clár coicíse a reáchtáil do scoláirí atá ar an rolla i ranganna speisialta, chomh maith leo siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chasta acu agus scoláirí atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachais.
Cuireann clár scoilbhunaithe eispéireas níos iomláine ar fáil do dhaltaí agus cuidíonn sé chun an nasc idir scoileanna agus piaraí a choinneáil.
Clár Samhraidh 2025: litir chuig Iar-bhunscoileanna
Clár Samhraidh d’Iar-Bhunscoileanna 2025 – Forléargas/Téarmaí agus Coinníollacha
Treoir don Chlár Samhraidh d’Iar-bhunscoileanna 2025
Físeáin seisiún eolais
Seimineáir Faisnéise ar Chlár Samhraidh 2025
Webinar 1
Réamhthaifeadta Dé Máirt 1 Aibreán 2025
Chun rochtain a dhéanamh ar na seimineáir ghréasáin agus ar acmhainní sna blianta roimhe seo, cliceáil anseo le do thoil
Acmhainní
Treoir – Aguisíní.
Tairseach um chlárú ar líne
Ní mór d’iar-bhunscoileanna ar mian leo a bheith páirteach i gClár Samhraidh 2024 clárú ar Thairseach na Roinne um Chlárú ar Líne.
Tá an tairseach beo anois.
Mura bhfuil rochtain ag scoileanna ar an nasc clárúcháin, ba chóir dóibh dul i dteagmháil le foireann chlár an tsamhraidh trí ríomhphost ag schoolsummerprogramme@education.gov.ie
Tar éis an chlárúcháin, eiseofar r-phoist cheadaithe chuig scoileanna do gach scéim dá bhfuil siad cláraithe ag leagan amach na n-acmhainní a ceadaíodh dóibh.
Is é 11 Aibreán 2025 an dáta deiridh don Tairseach Clárúcháin Scoilbhunaithe.
Scéalta scoile faoi na cláir shamhraidh
Is féidir leat féachaint ar roinnt príomhoidí, múinteoirí agus foirne scoile ag caint faoin taithí a bhí acu ar chláir shamhraidh roimhe seo a reáchtáil ag an nasc thíos:
Eolas do thuismitheoirí
Eolas Íocaíochta do Scoileanna
Bainfidh scoileanna rannpháirteacha úsáid as córas Esinet na Roinne chun éilimh a chur isteach. Ceadóidh sé sin éilimh a phróiseáil ar bhonn leanúnach le linn an tsamhraidh.
Déanfaidh an Roinn iarracht amanna íocaíochta a laghdú i mbliana do na héilimh chomhlánaithe go léir a chuirfear isteach roimh na dátaí deiridh a fhoilseofar. Déanfaidh an Roinn íocaíochtaí do mhúinteoirí agus do CRSanna a phróiseáil de réir mar a chuirtear isteach éilimh chomhlánaithe trí thairseach Esinet le linn thréimhse an tsamhraidh.
Eiseofar eolas chuig na scoileanna rannpháirteacha maidir leis an mbealach chun éilimh d’íocaíochtaí le baill foirne a chur isteach sula dtosaíonn siad ar a gclár samhraidh.
Ceisteanna agus tacaíocht
Beidh an líne chabhrach don Chlár Samhraidh ag feidhmiú ó Luan go hAoine idir 9:00am agus 5:00pm ag 090648 4292.
Is féidir ceisteanna ar líne faoin gclár scoilbhunaithe a chur chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie