Cnuasaigh Chruthaitheacha 2025
- Foilsithe: 27 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2025
- Treoirlínte 2025
- Critéir maidir le roghnú iarratasóirí
- Cnuasaigh Chruthaitheacha 2025 foirm iarratais agus Treoirlínte
Treoirlínte 2025
Tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige is ea Cnuasaigh Chruthaitheacha atá á stiúradh agus i gcomhpháirtíocht leis na 21 ionad tacaíochta oideachais lánaimseartha (Ionaid Tacaíochta Oideachais Éireann - ESCI).
Príomhthionscnamh de chuid an Phlean Óige Ildánach 2023-2027 is ea Cnuasaigh Chruthaitheacha a dhíríonn ar dheiseanna a sholáthar do dhaoine óga chun na príomhscileanna agus inniúlachtaí a fhoghlaim agus a fhorbairt, mar atá comhoibrithe, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna agus nuálaíocht. Spreagtar na scileanna seo trí rannpháirtíocht le cruthaitheacht agus trí rochtain ar oideachas cruthaitheach i raon suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Tá Cnuasaigh Chruthaitheacha á stiúradh ag an Roinn Oideachais agus Óige faoi Óige Ildánach 2023-2027 agus faoi chlár Éire Ildánach i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
De ghnáth beidh Cnuasach Cruthaitheach comhdhéanta de idir 3 agus 5 scoil ag comhoibriú ar dhearadh, ar fheidhmiú, ar mheasúnú agus ar scaipeadh tionscadal nuálach foghlama cruthaitheach a thacaíonn leo dul i ngleic le saincheist nó dúshlán coiteann i gcomhar le daltaí. Áireoidh Cnuasaigh Chruthaitheacha scoileanna ag céimeanna éagsúla dá n-aistear chun cruthaitheacht a úsáid sa seomra ranga.
Is féidir le cnuasaigh bheith comhdhéanta de bhunscoileanna amháin, iar-bhunscoileanna amháin nó meascán de bhunscoileanna, iar-bhunscoileanna, scoileanna oideachais speisialta agus eagraíochtaí Ógtheagmhála.
Is féidir cnuasaigh a tharraingt ó líonraí atá ann cheana féin nó a bheith mar thoradh ar chinn nua a chruthú.
Caithfidh gach cnuasach scoil cheannais a ainmniú. Ní mór don scoil ceannais Comhordaitheoir Cnuasach Cruthaitheach a shainaithint a bheadh ina bhall d’fhoireann teagaisc nó d’fhoireann cheannaireachta shinsearach na scoile de ghnáth. Cuirfear ionadaí ar fáil d’ionadaí amháin ó gach scoil chun freastal ar an gCeardlann agus ar Chruinnithe Cnuasaigh. Moltar go bhfreastalódh an t-ionadaí céanna ar na himeachtaí seo ar feadh shaolré an Chnuasaigh. Gheobhaidh Comhordaitheoirí na Scoileanna Ceannais 2 lá breise de chlúdach ionadaíochta le bheith ag obair ar thionscadal an Chnuasaigh i mBliain 1 agus i mBliain 2 den tionscnamh. Má éiríonn leis an iarratas, beidh an comhordaitheoir freagrach as oibriú laethúil an tionscadail a bhainistiú agus gníomhóidh sí/sé mar phointe teagmhála aonair le linn ré an tionscadail. Ní mór do na scoileanna eile i ngach cnuasach ionadaí a ainmniú chun páirt a ghlacadh sa tionscadal.
Gheobhaidh gach Cnuasach Cruthaitheach maoiniú de €3,000 in aghaidh na scoile thar thréimhse dhá bhliain chun a dtionscadal a chur i bhfeidhm sna scoilbhlianta 2025-2027 (m.sh. gheobhaidh cnuasach de 3 scoil €9,000 thar dhá bhliain agus gheobhaidh cnuasach de 5 scoil €15,000 thar dhá bhliain). Táthar ag súil go gcomhoibreoidh scoileanna i gcnuasach maidir le conas a leithdháiltear agus a gcaitear an maoiniú seo chun tacú le cur i bhfeidhm a dtionscadal. Gheobhaidh cnuasaigh 50% den mhaoiniú iomlán i mBliain 1, agus cuirfear an dara 50% ar fáil i mBliain 2.
Critéir maidir le roghnú iarratasóirí
Déanfaidh an ITO áitiúil iarratais ar Chnuasach Cruthaitheach a mheas. Déanfar iarratais a mheas agus a scóráil de réir na gcritéar seo a leanas.
- An réasúnaíocht leis an iarratas
- Buntáistí don teagasc agus don fhoghlaim
- Cumas agus tiomantas na scoileanna go léir sa chnuasach a bheith rannpháirteach
- Guthanna Leanaí agus Daoine Óga
Beidh an próiseas iarratais ar oscailt ón 27 Eanáir 2025 go dtí an 10 Aibreán 2025.
Cnuasaigh Chruthaitheacha 2025 foirm iarratais agus Treoirlínte
Beidh an próiseas iarratais ar oscailt ón 27 Eanáir 2025 go dtí an 10 Aibreán 2025. Tá nasc chuig an bhfoirm iarratais anseo https://forms.office.com/e/Xxk81z4F62
Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacfar ach le hiarratais ar líne.