Comórtas Staire Scoile Uile-Oileáin 2025
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Deireadh Fómhair 2025
- Comóradh tríd an Nuálaíocht: ag ceangal an ama atá thart leis an lá atá inniu ann agus leis an am atá le teacht
- Comóradh agus Cuimhne
- Comóradh trí Nuálaíocht
- Cé a fhéadfaidh a bheith páirteach ann?
- Na Téamaí do Chomórtas 2025
- Téarmaí agus Coinníollach
- Treoirlínte don Chomórtas
- Gradaim / Duaiseanna
- Conas Iarratas a Dhéanamh
- Ceisteanna
Comóradh tríd an Nuálaíocht: ag ceangal an ama atá thart leis an lá atá inniu ann agus leis an am atá le teacht

Tá an Comórtas Staire Scoile Uile-Oileáin seolta ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD. Sa chomórtas seo tugtar cuireadh do scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar comóradh ar imeachtaí, daoine agus scéalta tábhachtacha ón am atá thart sa lá atá inniu ann. Is é aidhm an chomórtais seo: imeachtaí stairiúla a nascadh le téamaí comhaimseartha, aird a tharraingt ar scéalta staire nach gcloistear go minic agus rannpháirtíocht ó phobail ar fud oileán na hÉireann a spreagadh. Tá na cuspóirí seo ag teacht le cuspóirí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais.
Tá Comórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin oscailte do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon. Tá sé á eagrú ag an Roinn Oideachais agus Óige i gcomhpháirtíocht le Frances Moss, Stiúrthóir, Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach agus an Dr Caitríona Ní Cassaithe, Ollamh Cúnta in Oideachas Staire in Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an Chomhairle Oidhreachta agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tacú leis.
Dáta oscailte an chomórtais: 2 Deireadh Fómhair 2025
Dáta Deiridh: 5 Nollaig 2025

Comóradh agus Cuimhne
Is é an comóradh an chaoi a dtugaimid daoine, imeachtaí nó gluaiseachtaí tábhachtacha ón am atá thart chun cuimhne—go minic trí shearmanais, leachtanna nó gníomhaíochtaí cultúrtha. Ach tugann daoine agus pobail éagsúla an t-am atá thart chun cuimhne ar bhealaí difriúla, agus le himeacht ama, is féidir le cuimhní cinn athrú, agus tarraingítear aird ar roinnt scéalta agus ligtear cuid eile i ndearmad.
Má dhéantar iniúchadh ar na naisc idir comóradh agus cuimhne, is féidir le scoláirí tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar an gcaoi agus ar an gcúis a gcuimhnítear ar imeachtaí ar bhealaí difriúla, machnamh a dhéanamh ar na daoine a n-insítear a gcuid scéalta agus orthu siúd a bhfuil a scéalta ar iarraidh, a fheiceáil conas a athraíonn ár dtuiscint ar an am atá thart le himeacht ama agus meas a léiriú ar ról na fianaise maidir le léargas cóir agus cuimsitheach a thabhairt ar an stair.
Comóradh trí Nuálaíocht
Tugann an comórtas seo dúshlán do scoláirí bogadh taobh amuigh d’aistí traidisiúnta chun formáidí cruthaitheacha, dinimiciúla a aimsiú a chuireann beocht san am atá thart. Ní bhaineann nuálaíocht anseo le fíricí stairiúla a athrú ach le hathmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a roinntear an stair. Le formáidí ar nós scannáin, saothar ealaíne digiteach, podchraoltaí nó scríbhneoireacht idirghníomhach, iarrann an comórtas ar scoláirí smaoineamh cosúil le staraithe ach a gcuid oibre a chur in iúl ar bhealach a nascann lena lucht féachana.
Cé a fhéadfaidh a bheith páirteach ann?
Tá an comórtas oscailte do gach scoláire bunscoile agus iar-bhunscoile (lena n-áirítear daoine óga a fhreastalaíonn ar shuíomhanna oideachais eile), i scoilbhliain 2025/2026. Tugtar cuireadh d’iontrálacha ó na bliainghrúpaí seo a leanas:
Bunscoil |
Rang a Trí go dtí Rang a Sé Agus Tuaisceart Éireann - P5, P6, P7 |
---|---|
Iar-bhunscoil agus suíomhanna oideachais eile |
An tSraith Shóisearac agus Tuaisceart Éireann - Bliain 8, 9, 10 |
Iar-bhunscoil agus suíomhanna oideachais eile |
An tSraith Shinsearach - lena n-áirítear an Idirbhliain, an Cúigiú agus an Séú Bliain agus Tuaisceart Éireann - Bliain 11, 12, 13 & 14 |
Na Téamaí do Chomórtas 2025
Is féidir le scoláirí iontráil a chur isteach ina n-aonar nó mar chuid de ghrúpa nó mar thionscadal ranga. Is féidir le scoláirí ceann de na téamaí thíos a roghnú. Níl sna tuairiscí seo ach pointí tosaigh chun cabhrú le scoláirí aon ábhar ó stair áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta a iniúchadh, agus conas a thugtar chun cuimhne é inniu trí chomóradh. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa chuid thíos.

Téamaí |
Cur Síos |
Ar ais chuig an gClár Dubh Scolaíocht in Imeacht na mBlianta: Ó Oileán na Naomh agus na nOllamh go dtí an Ré Dhigiteach
|
Sa chatagóir seo tugtar cuireadh do scoláirí turas a dhéanamh trí stair an oideachais ar fud oileán na hÉireann thar thréimhse ama. Cuirimid fáilte roimh iontrálacha lena léirítear tréimhsí tábhachtacha agus amanna claochlaitheacha san oideachas.
|
Stair ar Leac an Dorais agam Stair Áitiúil
|
Tugtar cuireadh do scoláirí leis an gcatagóir seo iniúchadh a dhéanamh ar an stair shuimiúil atá ar leac an dorais acu. Cibé acu an ndéanann siad scrúdú ar bhunús sainchomhartha áitiúil, saol daoine suntasacha ón gceantar áitiúil a iniúchadh, forbairt tionscail áitiúil a rianú nó a thaispeáint conas a léirítear agus a chuirtear in iúl go huathúil sruthanna níos leithne de stair na hÉireann ina gceantar áitiúil féin, seo deis chun beocht a chur ar ais san am a caitheadh sa cheantar áitiúil. |
Macallaí an Ama atá Caite: Múnlú na Sochaí Nua-Aimseartha
|
Sa chatagóir seo tugtar cuireadh do scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar chuid de na príomhimeachtaí, gluaiseachtaí agus pearsana suntasacha a mhúnlaigh pobail ar fud oileán na hÉireann. Féadfaidh an taighde gnéithe éagsúla de shaol na hÉireann a chlúdach, idir chomóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha sa stair (lena n-áirítear rannpháirtíocht na hÉireann sa dá chogadh domhanda) agus scrúdú a dhéanamh ar dhul chun cinn ceannródaíoch san eolaíocht agus sa teicneolaíocht.
|
Formáid na haighneachta (Féach tuilleadh sonraí sa chuid thíos)
- Tionscadal Físeáin – iarrtar ar scoláirí físeán gearr a chruthú (nach mó ná 10 nóiméad).
- Tionscadal Fuaime – iarrtar ar scoláirí píosa fuaime a chruthú (nach mó ná 20 nóiméad).
- Tionscadal Ealaíne - tugtar cuireadh do scoláirí saothar ealaíne a chruthú in (A) formáid ealaíne 2D (uasmhéid A1 nó 23.4 x 33.1 orlach) nó (B) formáid shamhail 3D (uasmhéid 30 x 30 x 30 orlach).
- Tionscadal scríofa/aiste – tugtar cuireadh do scoláirí iontráil i scríofa a chruthú. Is é an t-uasmhéid focal ná 2,000 focal ag leibhéal na bunscoile agus 4,000 focal ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Téarmaí agus Coinníollach
Féadfar tionscadail a chur isteach i mBéarla nó i nGaeilge.
Ní mór gur bunsaothar a bheadh sa tionscadal agus ní mór gurb é/í an scoláire féin, an grúpa nó an rang a rinne é. Tá sé tábhachtach go mbeadh na tionscadail scríofa go soiléir, gurb iad na scoláirí féin a chruthaigh iad agus go ndéanfaí cúnamh ar bith a thug tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus daoine fásta eile a admháil.
Spreagaimid iontrálacha lena léirítear taighde bunaidh, ina n-úsáidtear foinsí príomhúla agus tánaisteacha agus lena chuirtear torthaí i láthair ar bhealach mealltach agus inrochtana.
Ní mór tagairt a dhéanamh d’aon ábhair thánaisteacha (leabhair, irisí, suíomhanna gréasáin, etc.). Déanfar ábhar den sórt sin a chur san áireamh gan tagairt cheart a dhéanamh don fhoinse a mheas mar bhradaíl. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cóipeáil ábhair nó atáirgeadh ábhair ó fhoinsí den sórt sin, a mheas mar bhradaíl freisin.
Trí iontráil a dhéanamh, dearbhaíonn rannpháirtithe nach sáraíonn an iontráil cearta aon tríú páirtí. Ní cheadaítear ábhar a ghintear ag baint úsáid as bogearraí nó feidhmchláir intleachta saorga (IS).
Treoirlínte don Chomórtas
Céim 1: Cur Isteach
Ní mór do scoláirí a dtionscadal agus foirm aighneachta chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphoist chuig all-islandhistory@ecdrumcondra.ie faoi 5pm Dé hAoine, 5 Nollaig, 2025. Soláthraítear sonraí aighneachta
Céim 2: Gearrliostú
Déanfaidh painéal a bhunóidh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach moltóireacht ar na hiontrálacha. Cuirfear trí iontráil ó gach aoisghrúpa ar ghearrliosta. Ní mór grianghraif den saothar ealaíne a chur isteach chuig Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach i gcóip chrua/i bhfoirm fhisiciúil. Tabhair do d'aire gurb é/í an t-iarratasóir / an scoil a sheasfaidh an costas a bhaineann le saothair ealaíne ar bith a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le all-islandhistory@ecdrumcondra.ie
Céim 3: Moltóireacht
Rachaidh na hiontrálacha ar an ngearrliosta faoi bhabhta deiridh moltóireachta agus roghnófar buaiteoirí foriomlána gach catagóire. Is ag an bpainéal moltóirí a bheidh an cinneadh deiridh. Tabhair do d'aire na ndéanfar aon aiseolas a sholáthar.
Gradaim / Duaiseanna
Bronnfar duais do gach aoischatagóir mar atá léirithe thuas. Bronnfar duais d’iontráil bhuach a chuirtear isteach i nGaeilge.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do mhúinteoirí ranga an iontrálaí na hiarratais, na foirmeacha aighneachta comhlánaithe chomh maith leis na Foirmeacha Toilithe/Aontaithe ó na rannpháirtithe go léir a chur isteach chuig all-islandhistory@ecdrumcondra.ie ó sheoladh ríomhphoist na scoile faoi 5i.n. ar dé hAoine, 5 Nollaig 2025.
Ní mór go mbeadh an teideal ‘Comórtas Staire Uile-Oileáin 2025 – Iontráil ar an ríomhphost
Ná cuir isteach iontrálacha ó do sheoladh ríomhphoist pearsanta / aonair
Ní ghlacfar le hiontrálacha déanacha i gcás ar bith.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go n-admhóidh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 5 lá oibre. Mura bhfaigheann tú admháil laistigh de 5 lá oibre, déan teagmháil leis an Ionad láithreach (Fón: +353 (01) 857 6400) chun é sin a chur in iúl dúinn mar d’fhéadfadh sé gur chuir ár gcóras TF bac ar d’iontráil nó gur cuireadh chuig an turscar í.
Ní bhreithneoidh na moltóirí ach iontrálacha a bhfuil admháil faighte acu.
Féach tuilleadh sonraí sa chuid Tionscadail a Chur Isteach thíos.
Naisc chuig tionscadail, scrúduithe agus comórtais eile
Ba chóir a thabhairt faoi deara nár cheart rath i gcomórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin a mheas mar aon léiriú ar fheidhmíocht dhóchúil scoláire nó grúpa scoláirí i Scrúdú Stáit, ná in aon chomórtas eile.
Ceisteanna
Is féidir faisnéis agus foirmeacha iarratais a íoslódáil nó a fháil trí
- Shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Óige, (cuir nasc gréasáin isteach)
- Shuíomh gréasáin ionad Oideachais Dhroim Conrach, https://ecdrumcondra.ie/ nó ar https://www.scoilnet.ie/ Seol ceisteanna maidir leis an gcomórtas chuig all-islandhistory@ecdrumcondra.ie