Comhpháirtíochtaí STEM
- Foilsithe: 15 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cad é seo
Soláthraíonn na Treoirlínte agus an Fhoireann Uirlisí ar an leathanach seo an bonn do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus do ghnó/tionscal araon naisc oideachais ardchaighdeáin, chuimsitheacha agus ábhartha a chruthú, chun an t-eispéireas foghlama STEM/Digiteach a fheabhsú agus torthaí feabhsaithe a chinntiú do gach foghlaimeoir
Cé dó é
Tá sé mar aidhm ag an leathanach seo tacú le scoileanna, ceannairí scoile, múinteoirí agus lucht gnó/tionscail ó gach earnáil a bhfuil spéis acu i bhfoghlaim a bhaineann le STEM nó atá freagrach aisti, comhpháirtíochtaí éifeachtacha STEM a chruthú agus a chothú. Más scoil nó gnó/tionscal sibh agus más maith libh tuilleadh faisnéise a fháil maidir le comhpháirtíochtaí STEM a bhunú nó más mian libh bhur dtionscnamh a chur san áireamh mar chás-staidéar ar an leathanach seo déanaigí teagmháil le stem@education.gov.ie
Polasaí Gaolmhar
Treoirlínte
Foireann Uirlisí
Cuimsíonn an fhoireann uirlisí seo samplaí de chomhpháirtíochtaí i mbun cleachtais, faisnéis faoi fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí, faisnéis faoi chomórtais STEM, aontaí, féilte agus imeachtaí, roghanna maidir le fágáil na scoile, taighde ó dhlínsí eile, staitisticí ónár gcóras féin agus naisc eile a bhaineann le hábhar.
Cás-staidéir
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Gníomhaíochtaí STEM Seachchuraclaim
Acmhainní
Roghanna maidir le scoil a fhágáil
Tá go leor bealaí éagsúla ann chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí leanúint ar aghaidh ar a dturas STEM nuair a fhágann siad an scoil. Tá tuilleadh faisnéise ar chuid de na roghanna thíos:
Staitisticí in Éirinn
STEM i ndlínsí eile
Oideachas san Astráil
- National Innovation and Science Agenda (An Clár Oibre Náisiúnta Nuálaíochta agus Eolaíochta)
- Optimising Industry School Partnerships (Comhpháirtíochtaí Scoile agus Tionscail a Bharrfheabhsú
- STEM Support, Education Australia (Tacaíocht le STEM, Oideachas san Astráil)
- STEM Professionals in Schools (Gairmithe STEM i Scoileanna)
Oideachas in Albain
- Developing the Young Workforce guidance (Treoir maidir leis an bhFórsa Saothair Óg a fhorbairt)
- STEM self-evaluation and improvement framework (Creat féinmheastóireachta agus feabhsúcháin STEM)
- STEM resources and interesting practice (Acmhainní STEM agus cleachtas suimiúil)
- Parent and carer research - how they advise their children on careers (Taighde ar thuismitheoirí agus cúramóirí - conas a chuireann siad comhairle ar a gcuid leanaí faoi ghairmeacha)
- Raising Aspirations in Science Education (RAiSE) Programme (An Clár um Mianta san Oideachas Eolaíochta (RAiSE) a Mhéadú)