English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cosán Tástála COVID-19 do Phobail Scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Meán Fómhair 2021

Ba é FSS a rinne an bhileog seo a fhorbairt do phríomhoidí scoile nó do dhuine teagmhála ainmnithe i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.


Deimhniú toraidh réamhbhraite agus deimhniú toraidh braite

Cad ba cheart don scoil a dhéanamh má tá siomptóim ar dhalta/scoláire agus é/í ar scoil

Ba chóir an dalta/scoláire a thabhairt láithreach chuig an limistéar leithlisithe ainmnithe sa scoil, ar cheart aeráil mhaith a bheith ann agus, más féidir, fuinneog inoscailte ar an taobh amuigh.

Ba chóir don scoil teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí agus iarraidh orthu a bpáiste a thógáil chomh luath agus is féidir. Ba chóir ball foirne ainmnithe a bheith ag tabhairt aire don dalta/scoláire go dtí go dtógfar iad. Ba chóir don bhall foirne atá ag tabhairt aire don pháiste gach réamhchúram riachtanach a ghlacadh mar a bhfuil breac-chuntas air sa doiciméad um threoir ar shláinte phoiblí. Ní gá don bhall foirne atá ag cabhrú i leith an dalta/scoláire dul abhaile ach amháin má fhorbraíonn siad siomptóim iad féin, nó má thugann sláinte phoiblí comhairle dóibh é sin a dhéanamh.

Tar éis don dalta/scoláire siomptómach an limistéar leithlisithe a fhágáil, ba chóir é a ghlanadh agus dromchlaí teagmhála a dhíghalrú.

Cad ba cheart don scoil a dhéanamh má tá siomptóim ar bhall foirne agus é/í ar scoil

Is ar an mball foirne atá an fhreagracht a chur in iúl don phríomhoide láithreach go bhfuil siomptóim air/uirthi. Ba chóir don bhall foirne dul abhaile láithreach, féin-aonrú a dhéanamh agus athbhreithniú leighis a lorg óna ndochtúir (cuir glao ar an dochtúir má tá siomptóim COVID-19 ort, ná téigh go dtí an dochtúir. Is saor in aisce é athbhreithniú dochtúra le haghaidh COVID-19, agus tástáil COVID má tá siad riachtanach.)

Cad ba cheart don scoil a dhéanamh má chuirtear in iúl dóibh ar an nguthán go bhfuil siomptóim ar dhalta/scoláire

Iarrtar ar an bPríomhoide díreach nóta a dhéanamh de neamhláithreacht an dalta/scoláire. Féadfaidh an príomhoide cur síos achomair a dhéanamh ar shiomptóim an dalta/scoláire, má chuireann an tuismitheoir in iúl iad. Ach níl iallach nó idteideal ar an bpríomhoide fiafraí faoi shiomptóim chliniciúla. Is féidir le scoileanna a mheabhrú do thuismitheoirí, má tá imní orthu go bhféadfadh siomptóim COVID-19 a bheith ar pháiste, nár cheart don pháiste freastal ar scoil, agus gur cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir gan mhoill. Níl aon ghníomh eile ón scoil ag teastáil ag an gcéim sin.

Ar cheart do scoil a chur in iúl do phobal na scoile go bhfuil siomptóim ar bhall foirne nó dalta/scoláire

Níor cheart. Iarrtar ar scoileanna a thabhairt dá n-aire nár cheart dóibh a chur in iúl do thuismitheoirí eile nó do bhaill foirne go bhfuil dalta/scoláire nó ball foirne tar éis dul abhaile mar gheall ar a siomptóim. Ní gá daltaí/scoláirí eile nó baill foirne a bhaint amach as ranganna. Áirítear leis sin deartháireacha agus deirfiúracha nó baill teaghlaigh eile ag baill foirne nó daltaí/scoláirí.

Ar cheart deartháireacha agus deirfiúracha/baill teaghlaigh de chuid duine a bhfuil siomptóim orthu a bhaint amach ó thimpeallacht na scoile

Níor cheart ach amháin faoi thosca áirithe: Má shocraíonn dochtúir an dalta/scoláire/bhaill foirne go bhfuil a siomptóim comhsheasmhach le COVID-19 (e.g. fiabhras NÓ casacht nua, giorrú anála, meath ar riocht riospráide reatha, aon chaillteanas nó athrú sa bholadh nó sa bhlaiseadh) gur cás amhrasta COVID-19 an duine agus go gcuirfear ar aghaidh é nó í le haghaidh tástála. Is ag an bpointe sin gur chóir baill teaghlaigh an duine a bhfuil siomptóim air/uirthi, deartháireacha agus deirfiúracha nó leanaí baill foirne, a thógáil amach ón scoil ag a dtuismitheoirí nó caomhnóirí.

Má chuirtear cás deimhneach in iúl don scoil, cad ba chóir don scoil a dhéanamh

Má bhí an cás COVID-19 sa scoil le linn na tréimhse tógálaí ba chóir don scoil fanacht le glao ón Rannóg Sláinte Poiblí. Tarlóidh sé sin ar an lá céanna de ghnáth ach d’fhéadfadh sé tarlú an lá ina dhiaidh. Is í an "tréimhse thógálachW an fráma ama inar féidir le duine a bhfuil galar tógálach air/uirthi é a scaipeadh do dhaoine eile - san áireamh sa "tréimhse thógálach" do COVID-19 tá na 24 huaire roimh thástáil i leith cásanna aisiomptómacha, nó na 48 n-uaire roimh thús siomptóm i leith cásanna siomptómacha).

Tá sé tábhachtach cuimhneamh air nach bhfuil an cás deimhnithe sa scoil a thuilleadh agus, mar sin, go bhfuil an riosca a bhaineann le tras-seoladh an ghalair ón duine seo bainte de thimpeallacht na scoile. Mura raibh an cás laistigh de thimpeallacht na scoile nuair a bhí sé tógálach, ní chuirfidh sláinte phoiblí glao ar an scoil de ghnáth mar níl aon riosca suntasach ann go bhfuil an cás tar éis an galar a scaipeadh i dtimpeallacht na scoile.

Nuair a dhéanfaidh na dochtúirí sláinte poiblí teagmháil leis an scoil cuirfidh siad roinnt ceisteanna agus tabharfaidh siad faoi Mheasúnú Riosca Shláinte Phoiblí (MRSP) leis an scoil.

Cabhróidh ullmhúchán na faisnéise a theastaíonn roimh ré (de réir fhormáid na bileoige Excel a cuireadh ar fáil an 24 Meán Fómhair 2020) leis an scoil, agus an Rannóg Sláinte Poiblí, má dhéantar Measúnú Riosca Shláinte Phoiblí (MRSP) .

Cad is féidir liom a bheith ag dréim leis nuair a chuirfidh Sláinte Phoiblí glao orm

Cuirfidh an Rannóg Sláinte Poiblí réigiúnach roinnt ceisteanna agus déanfaidh siad measúnú riosca. Sainaithneoidh Sláinte Phoiblí aon dlúth-theagmhálaithe ó thimpeallacht na scoile leat, trí phróiseas an Mheasúnaithe Riosca Sláinte Phoiblí (MRSP).

Iarrfaidh an Rannóg Sláinte Poiblí ort faisnéis maidir leis na dlúth-theagmhálaithe aitheanta a chur ar fáil. Beidh an fhaisnéis seo ag teastáil i bhformáid Excel shonrach.

Is é an bunús dlí le sonraí iarrtha a chomhroinnt le Sláinte Phoiblí (Oifigigh Leighis Sláinte agus baill foirne i Rannóga Sláinte Poiblí) ná na Rialacháin um Ghalair Thógálacha 1981 arna leasú agus lena gcuirtear ar fáil an fhreagracht dhlíthiúil as Sláinte Phoiblí in Airteagal 11 agus an t-údarás in Airteagal 19 ina sloinntear ‘"Aon duine a dhiúltaíonn cloí le ceanglas nó treoir a thugtar nó iarratas ar fhaisnéis déanta de bhun aon cheann d’fhorálacha na Rialachán seo; beidh an duine sin freagrach as sárú na Rialachán seo". Comhlíonann an reachtaíocht seo coinníollacha c, d agus e d’Airteagal 6 RGCS maidir le dlíthiúlacht na próiseála, agus ceadaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi Airteagal 9 2 (i).

Cad a tharlaíonn má fhaigheann múinteoirí nó scoláirí fógraí ar Aip Rianaire COVID FSS

Aithníonn na Rannóga Sláinte Poiblí dlúth-theagmhálaithe laistigh de thimpeallacht na scoile tar éis Measúnú Riosca Shláinte Phoiblí (MRSP). Má tá aon fhaisnéis ann ó Aip Rianaire COVID FSS, measfar an fhaisnéis seo sa mheasúnú riosca. Ach d’fhéadfadh sé nach measfar gach duine a fhaigheann fógra tríd an Aip mar dhlúth-theagmhálaithe, nó a mhalairt – féadfaidh Sláinte Phoiblí a chinneadh gur dlúth-theagmhálaithe iad roinnt daoine nach bhfuair fógra ón Aip. Cé gur uirlis an-úsáideach í an Aip chun faisnéis ar dhlúth-theagmhálaithe féideartha a bhailiú, gabhann measúnú riosca agus comhairle Shláinte Phoiblí treis ar an Aip. Tá sé seo amhlaidh de bhrí go mbailíonn Measúnú Riosca Shláinte Phoiblí (MRSP) faisnéis níos caolchúisí agus níos ilghnéithí chun breithmheas a thabhairt ar riosca an tras-seolta i dtosca sainithe.

An gcuirfidh an Rannóg Sláinte Poiblí treoracha ar fáil don scoil maidir le conas leanúint ar aghaidh

Nuair a bheidh Measúnú Riosca Shláinte Phoiblí curtha i gcrích, tabharfaidh an Rannóg Sláinte Poiblí comhairle duit ansin maidir le treoracha um shláinte phoiblí.

Is é an tOifigeach Leighis Sláinte/Oifigeach sláinte a chuirfidh ar fáil na treoracha sin ar chomhairle an OLS, de réir na reachtaíochta um ghalair thógálacha.

Mar chuid den chomhairle de ghnáth iarrfar ar phríomhoide na scoile:

  • Teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí na ndaltaí/scoláirí, a dheimhníonn Sláinte Phoiblí a bheith ina "ndlúth-theagmhálaithe". Iarrfaidh príomhoide na scoile ar thuismitheoirí na ndaltaí/scoláirí sin iad a thógáil ón scoil a luaithe is atá sábháilte agus is féidir, ionas gur féidir leo tosú ag srianadh a ngluaiseachtaí. D’fhéadfadh sé fós gur deireadh an lae scoile atá ann. Féadfaidh Sláinte Phoiblí a iarraidh ar an scoil freisin litir/teachtaireacht téacs nó treoir i scríbhinn a chur chuig na tuismitheoir/caomhnóirí seo, arna n-ullmhú agus arna gcur ar fáil ag Sláinte Phoiblí.
  • Déan teagmháil le haon bhall foirne a d’fhéadfadh a bheith deimhnithe ag Sláinte Phoiblí mar “dhlúth-theagmhálaí” agus iarr air/uirthi dul abhaile agus tús a chur le srianadh a ngluaiseachtaí.

Cad í an tréimhse gluaiseachtaí srianta nach mór do dhalta/scoláire nó ball foirne a mheastar a bheith mar “dhlúth-theagmhálaí” cloí léi

Iarrfar ar dhaltaí/scoláirí a ngluaiseachtaí a shrianadh agus gan freastal ar scoil ar feadh lan 14 lá.

Tá seo amhlaidh mar is féidir leis suas le 14 lá a ghlacadh don víreas a bheith le brath i do chóras tar éis duit a bheith i mbaol é a tholgadh. De réir rialacháin um chosaint sonraí, ní féidir le scoil ainm an dalta/scoláire agus/nó an bhaill foirne a tástáladh deimhneach (‘braite’) le haghaidh COVID-19 a dheimhniú.

Má dheimhnítear cás - cá fhad siar a htéann Sláinte Phoiblí chun dlúth-theagmhálaithe a mheas

Le haghaidh cáis dheimhnithe COVID-19 a bhí siomptómach, sainaithneoidh Sláinte Phoiblí dlúth-theagmhálaithe sa tréimhse 48 n-uaire sular éirighan duine siomptómach.

Má bhí an cás deimhnithe aisiomptómach, sainaithneoidh sláinte phoiblí ansin dlúth-theagmhálaithe don tréimhse 24 huaire sula ndearnadh an tástáil.

An dteastaíonn rianú teagmhála laistigh de phobal na scoile i gcónaí

Ní theastaíonn. B'fhéidir nach gá aon rianú teagmhála a dhéanamh laistigh de thimpeallacht na scoile do dhuine a shainaithnítear mar chás deimhnithe COVID-19.

Ba í an chúis ba dhócha a bheadh leis sin nach raibh an duine ar scoil nuair a bhí sé/sí tógálach, agus mar sin ní theastóidh aon rianú teagmhála le daoine eile sa scoil. Sa chás sin ní dhéanfadh Sláinte Phoiblí teagmháil leis an scoil.

Chuala mé go bhfuil duine éigin ón scoil sainaitheanta mar chás deimhnithe COVID-19 - cén fáth nach ndearna Sláinte Phoiblí teagmháil liom

B'fhéidir gur cinneadh cheana féin nach bhfuil aon dlúth-theagmhálaithe ná riosca tras-seolta ann laistigh de thimpeallacht na scoile e.g. mura raibh an duine sa scoil le linn na tréimhse tógálaí. Nuair is gá do Shláinte Phoiblí teagmháil a dhéanamh le scoil, déanfaidh siad é sin an lá céanna de ghnáth, nó an lá ina dhiaidh. Is cleachtas sábháilte é sin, mar níl an cás i dtimpeallacht na scoile a thuilleadh, agus mar sin níl an riosca a bhaineann le tras-seoladh ón gcás i láthair a thuilleadh.

An féidir leis an scoil ainm an dalta/scoláire nó an bhaill foirne ar cás deimhnithe COVID-19 é/í a chomhroinnt

Ní féidir, ní féidir leis an scoil ainm an duine a thástáil deimhneach le haghaidh COVID-19 (Covid-19 braite) a chomhroinnt. Tá an fhaisnéis sin príobháideach agus faoi rún. Ní inseofar ainm an cháis dheimhnithe do dhlúth-theagmhálaithe.

An bhfuil an scoil ag cloí le riachtanais RGCS nuair a bhailíonn sí agus a chomhroinneann sí faisnéis ar dhlúth-theagmhálaithe/teagmhálaithe casta le FSS

Tá, faoi na Rialacháin um Ghalair Thógálacha 1981, arna leasú, iarrann Oifigigh Leighis Sláinte go mbaileoidh tú na sonraí, iad a choinneáil slán agus gan iad a scaoileadh do Shláinte Phoiblí ach amháin nuair a iarrtar ort é sin a dhéanamh mar chuid de na fiosruithe ar chás deimhnithe nó amhrasta COVID-19. Déantar foráil le haghaidh phróiseáil na sonraí seo ag an OLS faoi RGCS, catagóir sonraí speisialta 9 2(i).

Cad faoi má dhéanann an preas, na meáin nó mórphobal na scoile teagmháil leis an scoil

Is é atá sa mhéid seo a leanas ráiteas cineálach as a bhféadfadh scoileanna leas a bhaint ina iomláine nó i bpáirt chun freagairt ar cheisteanna ón bpreas nó ó na meáin.

“Ní féidir leis an scoil aon tráchtaireacht a dhéanamh ar chásannaaonair ná ar ráigeannaCOVID-19, ar mhaithe le príobháideachas agus rúndacht na ndaoine i gceist a chosaint.

Is féidir leis an scoil a dhearbhú go rabhamar i dteagmháil le FSS. Áirítear mar chuid de ról FSS Measúnú Riosca Sláinte Poiblí a dhéanamh. Mar chuid den mheasúnú riosca sin, sainaithneofar gach dlúth-theagmhálaí, déanfar teagmháil leo agus cuirfear in iúl dóibh na chéad chéimeanna eile. Iarrtar ar dhlúth-theagmhálaithe gan teacht ar scoil, de réir chomhairle Shláinte Phoiblí FSS. Mura ndéanann Sláinte Phoiblí teagmháil leat, ní bheidh tionchar ort agus is féidir leat leanúint ar aghaidh ag freastal ar scoil.

Leanfaidh an scoil ar aghaidh ag obair le FSS, ag cinntiú go mbíonn gach prótacal sláinteachais, sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm ag an scoil chun COVID-19 a chosc agus a shrianadh.”


Má fhorbraíonn dalta/scoláire agus/nó ball foirne siomptóim

Conas a dhéanfar tástáil a shocrú do na daltaí/scoláirí agus/nó baill foirne sin

Tabharfar comhairle don dalta/scoláire nó ball foirne teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir. Déanfaidh a ndochtúir measúnú orthu agus cinnfidh sé/sí ar chóir iad a chur ar aghaidh le haghaidh thástáil COVID-19. Má chuirtear duine ar aghaidh le haghaidh thástáil COVID-19, gheobhaidh sé/sí teachtaireacht téacs le heolas maidir leis an gcoinne (am agus áit).

Má tá siomptóim ar dhalta/scoláire a d’fhéadfadh a bheith comhsheasmhach le COVID-19 – cad is gá do na tuismitheoirí/caomhnóirí a dhéanamh

Má tá siomptóim ar pháiste a d’fhéadfadh a bheith comhsheasmhach le COVID-19, ba chóir do na tuismitheoirí/caomhnóirí glao a chur ar a ndochtúir. Déanfaidh a ndochtúir cinneadh ar chóir dóibh tástáil le haghaidh COVID-19 a fháil. Má chinneann an dochtúir nach dteastaíonn tástáil COVID-19 ón bpáiste, is ag an bpointe sin a iarrfar ar gach duine ina dteagmhálaithe teaghlaigh a ngluaiseachtaí a shrianadh. Ciallaíonn sé sin gur chóir deartháireacha agus deirfiúracha nó baill foirne sa teaghlach céanna leis an duine a bhfuil siomptóim air/uirthi a bhaint amach as timpeallacht na scoile. Ní iarrtar ach ar an gcás siomptómach féin-aonrú a dhéanamh.

Tabhair faoi deara: Beidh a lán cásanna ann ina gcinnfear nach dteastaíonn tástáil, e.g. de bhrí go gceapann an dochtúir nach COVID-19 is cúis le siomptóim an pháiste agus gurbh fhéidir go bhfuil cúis éigin eile leo, e.g. an slaghdán. Mura molann an dochtúir tástáil COVID, agus má tá tinneas an pháiste ina thús, is é an moladh atá ann breathnú ar an bpáiste ar feadh 48 n-uaire agus gur féidir leo filleadhar scoil mura bhforbróidh aon siomptóim eile. Má tá diagnóis éagsúil déanta ag an dochtúir, ba chóir do thuismitheoirí/chaomhnóirí comhairle agus moltaí a leanúint maidir le heisiamh ag brath ar an diagnóis sin.

Cé chomh luath agus a gheobhaidh dalta/scoláire nó ball foirne tástáil

Gheobhaidh an duine fógra uathoibríoch maidir le coinne sceidealaithe ag ionad tástála ag an gcéad gcoinne shaor eile le haghaidh tástála.

An bhfaighidh an dalta/scoláire nó ball foirne tástáil amháin nó níos mó ná tástáil amháin mar gheall ar a bheith siomptómach? Más é an dara cás atá amhlaidh, cén fáth

Má tá siomptóim ar an dalta/scoláire nó ball foirne agus má chuir a ndochtúir ar aghaidh iad le haghaidh tástála, gheobhaidh siad tástáil amháin.


Má shainaithnítear dalta/scoláire/ball foirne mar dhlúth-theagmhálaí

Conas a dhéanfar tástáil a shocrú do dhaoine a shainaithnítear mar dhlúth-theagmhálaí

Cuirfidh FSS teachtaireacht téacs le dáta, am agus áit le haghaidh coinne do thástáil nó thástálacha COVID-19 saor(a) in aisce.

Cé chomh luath agus a gheobhaidh an dalta/scoláire nó ball foirne tástáil tar éis a bheith sainaitheanta mar dhlúth-theagmhálaí

Is í Sláinte Phoiblí a chuirfidh in iúl uainiú na tástála do dhlúth-theagmhálaithe. Braithfidh sé sin ar an uair go deireanach a raibh an dalta/scoláire/ball foirne i dteagmháil leis an gcás deimhneach. Socrófar tástáil laistigh de 1-2 lá

An bhfaighidh an dalta/scoláire nó ball foirne tástáil amháin nó níos mó ná tástáil amháin? Más é an dara cás atá amhlaidh, cén fáth

Cuirfidh Sláinte Phoiblí in iúl an bhfuil tástáil amháin le haghaidh COVID-19 nó níos mó ag teastáil ó dhalta/scoláire/bhall foirne. Beidh tástáil ag teastáil uathu de ghnáth ar Lá 0 agus ar Lá 7 ó nochtadh iad go deireanach don chás deimhnithe, ach féadfaidh tosca a bheith ann nach n-éileoidh Sláinte Phoiblí ach tástáil amháin a dhéanamh m.sh. má tá go leor ama imithe ionas go mbeidh an chéad tástáil do dhlúth-theagmhálaithe ann 7 lá ó bhí sé/sí go deireanach i gcuideachta an duine, ní theastóidh ach tástáil amháin orthu. Déanfaidh dochtúirí Sláinte Phoiblí an breithiúnas sin tar éis an mheasúnaithe riosca.


Do ghluaiseachtaí a shrianadh

Cad a chiallaíonn sé do ghluaiseachtaí a shrianadh

Is é a chiallaíonn do ghluaiseachtaí a shrianadh teagmháil le daoine eile agus suíomhanna sóisialta a sheachaint an oiread agus is féidir.

Mar sin déanfaidh daltaí/scoláirí/baill foirne na nithe seo a leanas:

  • beidh orthu fanacht sa bhaile ón scoil.
  • ní bheidh siad in ann iompar poiblí a úsáid.
  • ní bheidh siad in ann cuairteoirí a bheith acu sa bhaile.
  • ní bheidh siad in ann dul ag siopadóireacht – ina áit sin, nuair is féidir, ordóidh siad earraí ar líne nó iarrfaidh siad ar bhaill teaghlaigh nó ar chairde iad a thabhairt a fhad leo.
  • ba chóir dóibh fanacht glan ar sheandaoine agus/nó aon duine a bhfuil riocht leighis fadtéarmach orthu
  • ní bheidh siad in ann taisteal lasmuigh nó laistigh d’Éirinn.

Má thagann tástáil ar ais mar “nneamhbhraitedo dhalta/scoláire/bhall foirne siomptómach, an mbeidh iallach ar an duine fós a ngluaiseachtaí a shrianadh agus cén fáth

Beidh. Má fhaigheann an duine toradh tástála diúltach / "níor braitheadh", ba chóir don duine fanacht sa bhaile go dtí go mbeidh siad ar fónamh a ndóthain le filleadh ar scoil, ach amháin gur iarr FSS go sonrach ar thuismitheoirí/chaomhnóirí (de chuid daltaí/scoláirí) nó ar bhaill foirne fanacht eisiata mar gheall ar fhiosrú breise.

Is féidir le dalta/scoláire/ball foirne filleadh ar a ngnáthghníomhaíochtaí má thugtar dóibh:

  • toradh tástála diúltach ("níor braitheadh") agus má tá siad 48 n-uaire gan siomptóim

  • diagnóis eile, nach COVID-19 é.

Ní bheidh ar na daoine a chónaíonn leis an duine a ngluaiseachtaí a shrianadh ansin.

Má thagann tástáil ar ais ‘SARS-CoV-2 braite’ (cás COVID-19 deimhnithe) an mbeidh ar an dalta/scoláire/ball foirne féin-aonrú

Má bhí siomptóim COVID-19 ar dhuine ba chóir dóibh a bheith ag féin-aonrú. Má fhaigheann dlúth-theagmhálaí a bhí ag srianadh a ngluaiseachtaí toradh tástála deimhneach COVID-19 (SARS-CoV-2 braite), is cás deimhnithe COVID-19 anois iad agus caithfidh siad féin-aonrú; chomh maith leis sin, caithfidh a ndlúth-theagmhálaithe, lena n-áirítear teagmhálaithe teaghlaigh, tú a chur le srianadh a ngluaiseachtaí chomh maith. B’fhéidir go raibh siad ag srianadh a ngluaiseachtaí cheana féin, ach murar measadh ach duine amháin sa teach a bheith ina ndlúth-theagmhálaí mar gheall a bheith i gcuideachta duine lasmuigh den teach e.g. sa scoil, ansin ní bheadh na baill teaghlaigh eile tar éis a bheith ag srianadh a ngluaiseachtaí go dtí an pointe seo.

Má thástáil dalta/scoláire/ball foirne deimhneach le haghaidh COVID 19 agus má bhí siad ag féin-aonrú ar feadh 10 lá ina dhiaidh sin, an féidir leo filleadh ar scoil/obair

Is féidir, a fhad is go mbíonn an dá choinníoll seo a leanas i bhfeidhm:

  • ní raibh teocht ard acu (38 gcéim Celsius nó níos airde) le cúig lá anuas
  • tá deich láann ó d’fhorbair siad siomptóim ar dtús

Faisnéis dlúth-theagmhálaithe

Cad is gá do thuismitheoir/chaomhnóir a dhéanamh le dalta/scoláire a fuair toradh deimhnithe COVID-19

Measfar tuismitheoirí/caomhnóirí go huathoibríoch a bheith ina ndlúth-theagmhálaithe má thástálann a bpáiste deimhneach le haghaidh COVID-19, déanfaidh an t-ionad rianaithe teagmhálaithe teagmháil leo, eagrófar tástáil dóibh nó is dlúth-theagmhálaithe iad agus beidh orthu a ngluaiseachtaí a shrianadh ar feadh na 14 lá ar fad.

Cad é an sainmhíniú do dhlúth-theagmhálaí

Measfar duine a bheith ina d(h)lúth-theagmhálaí más ea

  • gur chaith sé/sí níos mó ná 15 nóiméad i dteagmháil phearsanta laistigh de dhá mhéadar nó sé troithe ó chás deimhnithe
  • go gcónaíonn sé/sí sa teach céanna nó i lóistín comhroinnte le cás deimhnithe
  • go gcomhroinneann sé/sí spás iata le cás deimhnithe ar feadh níos mó ná dhá uair

Tabhair faoi deara: Úsáidtear Measúnú Riosca Sláinte Poiblí (MRSP) i dtimpeallacht na scoile chun na dlúth-theagmhálaithe a dheimhniú

Conas a gheobhaidh dalta/scoláire/baill foirne amach gur dlúth-theagmhálaí iad

Is féidir go mbeidh ar an scoil a chur in iúl go neamhfhoirmiúil don dalta/scoláire nó ball foirne e.g. nuair atáthar ag iarraidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a bpáiste a thógáil nó nuair atáthar ag iarraidh ar bhall foirne dul abhaile.

Féadfaidh Sláinte Phoiblí litir, foclaíocht mholta le haghaidh teachtaireacht téacs nó ríomhphoist a chur ar fáil, is féidir leis an scoil a thabhairt do na tuismitheoirí nó na baill foirne a shainaithnítear mar dhlúth-theagmhálaithe.

Cuirfidh foireann rianaithe teagmhálacha FSS glao ar thuismitheoirí/chaomhnóirí daltaí/scoláirí agus/nó baill foirne a shainaithnítear mar dhlúth-theagmhálaithe. Déanfaidh FSS socrú chun go mbeidh coinne ag an bpáiste/ball foirne le haghaidh thástáil COVID-19 shaor in aisce. Mar dhlúth-theagmhálaí de chuid cáis dheimhnithe iarrfar orthu a ngluaiseachtaí a shrianadh le haghaidh na 14 lá ar fad, fiú má tá a dtástáil nó a dtástálacha COVID-19 diúltach ("níor braitheadh").

Má fhorbraíonn páiste aon siomptóim COVID-19, ba chóir dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí glao ar a ndochtúir gan mhoill.

Cad ba chóir don Phríomhoide a dhéanamh má chuireann tuismitheoirí daltaí/scoláirí nó baill foirne, nár sainaithníodh mar dhlúth-theagmhálaí, glao ar an scoil ag fiafraí eolais ar an gcás deimhnithe (deimhneach) agus dlúth-theagmhálaithe eile

Ní féidir leis an scoil aon tráchtaireacht a dhéanamh ar chásanna nó ráigeanna aonair toiscgo sárófaí príobháideachas agus rúndacht na ndaoine i gceist dá ndéánfaí amhlaidh. Nuair a shainaithnítear cás COVID-19 atá nasctha le scoil, pléann gairmithe Shláinte Phoiblí an t-ábhar go díreach leis an duine, nó leis an teaghlach de réir mar is cuí, agus fiafróidh siad díobh faoina dteagmhálaithe Pléifidh gairmithe Shláinte Phoiblí an t-ábhar chomh maith go díreach leis an scoil, agusmeasúnú riosca sláinte poiblí a dhéanamh. IS ag an bpointe sin a dhéantar aon bhearta molta, lena n-áirítear daltaí nó baill foirne a eisiamh.Féadfaidh freagairtí agus moltaí le haghaidh gach áise a bheith éagsúil ceart go leor, ag brath ar na tosca sainaitheanta ag Sláinte Phoiblí.

An féidir le rang ina bhfuil cás deimhnithe Covid-19 freastal ar scoil

Beidh Measúnú Riosca Sláinte Poiblí (MRSP) déanta ag FSS. Is iad na daoine a shainaithníonn Sláinte Phoiblí mar dhlúth-theagmhálaithe an t-aon dream nach féidir leo freastal ar scoil. D’fhéadfadh an líon daoine sin a bheith beag, e.g. "meitheal", nó d’fhéadfadh rang iomlán a bheith ann. Dá bhforbróh dalta/scoláire/ball foirne siomptóim a d'fhéadfadh a bheith comhsheasmhach le Covid-19 ámh, ba chóir dóibh féin-aonrú láithreach bonn agus an t-ábhar a phlé lena ndochtúir.

Cén teachtaireacht is féidir a chur in iúl don scoil ar fad (más gá)

Bheadh an méid seo i leanas i dteachtaireacht mholta: "Tá FSS ag treorú ár scoile trí na gníomhartha nach mór dúinn a dhéanamh chun baill foirne, scoláirí agus ár bpobal scoile a chosaint. Tá Measúnú Riosca Sláinte Poiblí déanta. Tá gach dlúth-theagmhálaí curtha ar an eolas agus curtha abhaile ó scoil chun a ngluaiseachtaí a shrianadh ar feadh 14 lá. Leanfaidh pobal na scoile ar aghaidh ag dul i ngleic le comhairle Shláinte Phoiblí agus á cur i bhfeidhm chun sinn féin agus pobal na scoile a chosaint ó Covid-19."

Cad é stádas baill teaghlaigh de chuid an dalta/scoláire nó baill foirne a sainaithníodh mar dhlúth-theagmhálaí

Ní mór don duine (dalta/scoláire nó ball foirne) atá ina d(h)lúth-theagmhálaí a ngluaiseachtaí a shrianadh ar feadh na 14 lá ar fad, ach ní gá d’aon bhall teaghlaigh eile é sin a dhéanamh – ach amháin go n-aithnítear iadsan mar dhlúth-theagmhálaí freisin.

An féidir le deartháireacha agus deirfiúracha nó páistí baill foirne ar dlúth-theagmhálaí é nó í freastal ar scoil

Is féidir.

Ní chaithfidh ach an ball foirne ar dlúth-theagmhálaí é/í a g(h)luaiseachtaí a shrianadh, fiú mura bhfuil aon siomptóim acu. Ach ní chaithfidh aon bhall teaghlaigh eile é sin a dhéanamh – ach amháin go n-aithnítear iadsan mar dhlúth-theagmhálaí freisin.

Ach má fhorbraíonn an ball foirne ar dlúth-theagmhálaí é/í siomptóim COVID-19 is amhlaidh ansin ar cás amhrasta COVID-19 é/í agus ba chóir dó/di féin-aonrú a dhéanamh agus teagmháil a dhéanamh lena d(h)ochtúir, agus míniú a thabhairt gur sainaithníodh é/í mar dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe COVID-19 agus go bhfuil siomptóim air/uirthi féin anois freisin.

Má chinneann an dochtúir gur cás amhrasta COVID-19 anois é/í, déanfaidh sé/sí socrú le haghaidh tástála agus ba chóir don dlúth-theagmhálaí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • leanúint ar aghaidh ag féin-aonrú; agus
  • ba chóir do bhaill teaghlaigh a ngluaiseachtaí a shrianadh, de réir na treorach do theagmhálaithe teaghlaigh de chuid cáis amhrasta COVID-19.

Cad ba chóir do bhaill teaghlaigh a dhéanamh má fhaigheann an dalta/scoláire/ball foirne toradh COVID-19 deimhnithe

Meastar na baill teaghlaigh anois a bheith ina ndlúth-theagmhálaithe de chuid cáis deimhnithe COVID-19 agus ní mór dóibh dá réir a ngluaiseachtaí a shrianadh le haghaidh na 14 lá ar fad.

Cad ba chóir do na baill teaghlaigh a dhéanamh má fhaigheann an dalta/scoláire/ball foirne toradh “neamhbhraite” tar éis an lín tástálacha éigeantaigh

Ní gá do na baill teaghlaigh a ngluaiseachtaí a shrianadh.


Tástáil

An bhfuil uair ar bith ann ar chóir do dhuine a tástáladh deimhneach le haghaidh COVID-19 a bheith ag freastal ar scoil

Féadtar roinnt páistí a chónaíonn in Ionaid Soláthair Dhírigh a thástáil le haghaidh COVID-19 mar chuid den ghnáth-thástáil náisiúnta le haghaidh timpeallachtaí leochaileacha. Ba chóir do na páistí sin freastal ar scoil agus iad ag fanacht leis na torthaí tástála sin.

Níor chóir d’aon pháiste atá siomptómach nó á thástáil de bhrí go bhfuil siad i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe a bheith laistigh de thimpeallacht na scoile.


Deimhnithe

Má fhilleann páiste ar scoil ach mura ndearnadh tástáil COVID-19 air/uirthi ar chóir dom deimhniú dochtúra a lorg lena aghaidh sin

Níor chóir. Tá foirm féindeimhnithe ar shuíomh gréasáin LFCS (www.hpsc.ie) "Foirm Dearbhaithe Tuismitheora um Fhilleadh ar Áis Oideachais", ar féidir le tuismitheoirí í a chomhlánú.

Cad é faoi má tá siomptóm ainsealach ar pháiste e.g. casacht, a deir na tuismitheoirí nach mbaineann le COVID-19

Má tá siomptóim fhadtéarmacha ar pháiste a bhaineann le riocht ainsealach e.g. casacht ainsealach, a bhaineann le hasma, is féidir leo/a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí foirm féindearbhaithe a chomhlánú ar shuíomh gréasáin LFCS (www.hpsc.ie) lena aghaidh sin. Ní theastaíonn litir uathu óna ndochtúir.


Toradh a chur in iúl

Cá fhad a thógfaidh sé toradh tástála a fháil

Má tá an toradh diúltach / neamhbhraite – cuirfear teachtaireacht téacs laistigh de 48 n-uaire.

Má bhraitear SARS-CoV-2 (toradh deimhneach COVID-19) cuirfidh FSS glao ar an duine nó tuismitheoirí/chaomhnóirí a luaithe agus is féidir.

Más é "neamhbhraite" an toradh a bhí ar thástáil dalta/scoláire/baill foirne, conas a chuirfear é sin in iúl dóibh

Gheobhaidh tú teachtaireacht téacs má tá an tástáil diúltach le haghaidh COVID-19 (níor braitheadh SARS-CoV-2). Is féidir go bhfaighidh tú COVID-19 amach anseo. Ba chóir duit leanúint ar aghaidh ag leanúint na dtreoracha chun tú féin agus daoine eile a chosaint.

Más é braite (deimhneach) an toradh a bhí ar thástáil dalta/scoláire/baill foirne, conas a chuirfear é sin in iúl dóibh

Má tá toradh deimhneach tástála ann le haghaidh COVID-19 (braitheadh SARS-CoV-2), tosóidh na próisis a bhaineann le faisnéis cáis a bhailiú agus rianú teagmhálaithe. Cuirfidh rianairí teagmhálaithe FSS glao ar an duine nó ar thuismitheoirí/chaomhnóirí (an pháiste). Cuirfear an cás ar aghaidh go dtí an OLS laistigh de Rannóg Sláinte Poiblí le haghaidh measúnú agus bainistíocht riosca sláinte. Déanfaidh an OLS teagmháil leis an scoil agus cuirfidh sé/sí in iúl dóibh maidir le gníomh breise de réir mar is gá.

An gcomhroinnfear toradh dalta/scoláire/baill foirne leis an áis oideachais

Fanann torthaí thástálacha COVID-19 faoi rún de réir na rúndachta idir othar agus dochtúir. Ní chuirfear na torthaí in iúl d’aon dalta/scoláire, tuismitheoir, teaghlach ná múinteoir eile.

Ach ba chóir a chur in iúl do thuismitheoirí ag pointe na tástála, má tá toradh a bpáiste deimhneach le haghaidh COVID-19 (SARS-CoV-2-19 braite); is dócha ansin go gcaithfear é a chomhroinnt le duine ainmnithe cuí laistigh den scoil/áis oideachais, má mheasann an tOifigeach Leighis Sláinte é sin a bheith riachtanach le haghaidh bainistíocht shábháilte an cháis feasta.

Má thástálann na dlúth-theagmhálaithe a shainaithnítear laistigh den scoil deimhneach, an ndéanfaidh sláinte phoiblí measúnú riosca eile agus an mbeidh gá le haon ghníomh ón scoil

Athbhreithneoidh sláinte phoiblí an cás agus leanfaidh siad ar aghaidh lena ngníomhaíocht. Bíonn measúnú riosca Shláinte Poiblí dinimiciúil agus athraitheach, de réir mar a dhéantar faisnéis a charnadh.

Cad é faoi má tá dalta/scoláire/ball foirne ag fanacht níos mó ná trí lá le haghaidh toradh tástála

Ba chóir d’aon duine atá ag fanacht níos faide ná trí lá le haghaidh toradh tástála COVID-19 dul i dteagmháil le "seirbhís chuardaigh FSS um thástáil COVID-19 mhall" trí cheann amháin de na roghanna seo thíos a roghnú:

  • comhlánaigh an fhoirm ar líne www.hse.ie/CovidResults; nó
  • saorghlao HSELive ar 1850 24 1850 a thógfaidh do shonraí. Bíonn an tseirbhís sin ar oscailt ó Luan go hAoine: idir 8am agus 8pm, agus idir 9am agus 5pm ar an Satharn agus ar an Domhnach; nó
  • glaoigh ar do dhochtúir a bheidh in ann fiosrú a chur isteach thar do cheann ag úsáid foirm chosanta.

Úsáid na n-ardán ar líne

Má tá áiseanna le haghaidh meán ar líne ag an scoil ar chóir iad sin a úsáid mar fhóram do thuismitheoirí chun faisnéis COVID-19 a chomhroinnt

Níor chóir, ní mholaimid úsáid fóram ar líne a spreagadh maidir le cásanna nó teagmhais a bhaineann le COVID-19 laistigh den scoil. Tá sé sin amhlaidh de bhrí gur féidir dá thoradh sin daoine aonair a bheith aitheanta ar cásanna deimhnithe COVID-19 iad, a mbeadh de thoradh air sárú ar rúndacht, nó dímheas an phobail a chur ar pháistí agus teaghlaigh ar cásanna deimhnithe COVID-19 iad. Is féidir leis sin ar a sheal féin, é a dhéanamh dúshlánach do dhaoine aon siomptóim/ábhair imní a nochtadh go tráthúil, rud a dhéanfaidh níos deacra do scoileanna agus baill foirne Shláinte Phoiblí chun gach duine a chosaint.

Má tá áiseanna le haghaidh meán ar líne ag an scoil ar chóir iad sin a úsáid mar fhóram do thuismitheoirí chun faisnéis COVID-19 a chomhroinnt

Níor chóir, ní mholaimid úsáid fóram ar líne a spreagadh maidir le cásanna nó teagmhais a bhaineann le COVID-19 laistigh den scoil. Tá sé sin amhlaidh de bhrí gur féidir dá thoradh sin daoine a shainaithint de thimpiste a d’fhéadfadh a bheith deimhnithe.


Taisteal

Cad é an chomhairle do dhaoine atá ag taisteal isteach go hÉirinn ó thír nach bhfuil ar an liosta glas

Ní mór do dhalta/scoláire/bhall foirne atá ag taisteal go hÉirinn ó áit nach bhfuil ar Liosta Glas COVID-19 a ngluaiseachtaí a shrianadh ar feadh na 14 lá go léir. Áirítear leis sin saoránaigh agus cónaitheoirí atá ag filleadh ar Éirinn.

Ceisteanna Coitianta le haghaidh príomhoidí scoileanna nó duine teagmhála ainmnithe
Meán Fómhair 2021
Amharc amharc

Tá eolas agus comhairle suas chun dáta maidir leis an gcoróinvíreas ar fáil ar FSS.