Cuireann an mhúinteoireacht athrú iomlán i bhfeidhm. Múnlaigh an todhchaí
- Foilsithe: 28 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Conairí chuig an múinteoireacht
- Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir?
- Múinteoireacht bunscoile: íosriachtanais iontrála
- Múinteoireacht iar-bhunscoile: íosriachtanais iontrála
- Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
- Naisc úsáideacha eile:
- Táim ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir – roghanna iarchéime
- MGO 2024 Dátaí Deiridh
- Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir bunscoile?
- Cén chaoi/cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir Iar-bhunscoile?
- Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
- Naisc úsáideacha eile:
- Táim i mo mhúinteoir cáilithe cheana féin, táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
- Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
- Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn
- Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
- Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn
- Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
- An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
- Tuilleadh eolais maidir leis an múinteoireacht in Éirinn
- Múinteoireacht Bunscoile
- Tacaíocht Airgeadais do Mhic Léinn
- Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa OTM)
- Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa OTM)
- Do Mhúinteoireacht Bunscoile
- Earcú agus Fostú Múinteoirí
- Riachtanais earcaíochta – Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
- Scála Tuarastail
- Saoire
- Scoilbhliain
- Fostaíocht le Coimisiún na Scrúduithe Stáit
- Forbairtí Curaclaim
- Forbairt Ghairmiúil Leanúnach(FGL)
- Seirbhísí Tacaíochta agus Ceannaireacht
- An Chomhairle Mhúinteoireachta
- Cigireacht ROS / Féinmheastóireacht Scoile / Ag Breathnú ar na Scoileanna Againne
- An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
Tá mo CAO á líonadh amach agam – Roghanna Fochéime
Tá mo roghanna fochéime don Lár-Oifig Iontrála (CAO) á líonadh amach agam
1. Conairí chuig an múinteoireacht
2. Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir?
3. Múinteoireacht bunscoile: íosriachtanais iontrála
4. Múinteoireacht iar-bhunscoile: íosriachtanais iontrála
5. Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
Conairí chuig an múinteoireacht
Tá grafaic eolais cruthaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta ina dtugtar sonraí faoi na conairí fochéime agus iarchéime chuig an múinteoireacht. Is féidir teacht ar an ngrafaic eolais maidir le Conairí chuig an Múinteoireacht anseo.
Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir?
Tugtar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) ar an staidéar a dhéantar chun bheith i do mhúinteoir.
Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh chun bheith i do mhúinteoir trí fhochéim a dhéanamh (clár comhthráthach) nó staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don chéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) (clár comhleanúnach).
Féadfar iarratais ar chúrsaí fochéime OTM a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe OTM a fháil anseo.
Múinteoireacht bunscoile: íosriachtanais iontrála
Tá íosriachtanais sa Mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht. Féadfar miondealú iomlán ar na riachtanais a fháil anseo
Múinteoireacht iar-bhunscoile: íosriachtanais iontrála
Chomh maith leis na riachtanais ghinearálta iontrála atá ag na hinstitiúidí ardoideachais, d'fhéadfadh riachtanais iontrála sa bhreis a bheith ann do chláir múinteoireachta iar-bhunscoile ar leith. Tagair, le do thoil, do na riachtanais iontrála aonair don chlár atá roghnaithe agat chun tuilleadh sonraí a fháil.
Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh ann, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile:
Item was unpublished or removed : eolas ar chláir scoláireachtaí agus ar chláir sparánachtaí eile nach bhfuil san áireamh ar studentfinance.ie.
Suíomh gréasáin SUSI do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás náisiúnta deonaithe na hÉireann maidir le gach deontas breisoideachais agus ardoideachais
Táim ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir – Roghanna Iarchéime
Táim ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir – roghanna iarchéime
1. Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir bunscoile?
2. Cén chaoi/cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir iar-bhunscoile?
3. Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
MGO 2024 Dátaí Deiridh
Cén chaoi/ cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir bunscoile?
Má tá céim agat cheana féin agus más mian leat a bheith i do mhúinteoir bunscoile, féadfaidh tú clár dhá bhliain a dhéanamh don chéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) (Múinteoireacht Bunscoile). Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe OTM a fháil anseo.
Tá íosriachtanais sa mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta de dhíth don mhúinteoireacht bunscoile.
Is féidir na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh chuig Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire gan Smáil (Luimneach), Roinn Froebel don Bhunoideachas agus don Oideachas Luath-Óige (Ollscoil Mhá Nuad) agus Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath agus féadfar na riachtanais iontrála a fháil Item was unpublished or removed
Is féidir iarratais chuig Coláiste Hibernia a dhéanamh ag www.hiberniacollege.ie.
Cén chaoi/cén áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir Iar-bhunscoile?
Chun iarratas a dhéanamh ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile ar an leibhéal iarchéime ba cheart go mbeadh staidéar déanta agat ar leibhéal na céime ar ábhar amháin ar a laghad ó churaclam na hiar-bhunscoile, ar féidir leat é a fháil anseo:
I ndiaidh na céime, beidh ort an iarchéim Máistir le hOideachas (MGO) a chur i gcrích. Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe MGO a fháil anseo.
Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí ar fáil maidir leis na riachtanais d’ábhair ar leith (critéir ábhair) do na hábhair go léir ar churaclam na hiar-bhunscoile.
Iarratais don MGO iar-bhunscoile:
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil na Gaillimhe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) -
Ollscoileanna agus coláistí eile:
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | tcd.ie | |
Ollscoil Luimnigh | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | ul.ie | |
Crawford IT | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas (Ealaín agus Dearadh) | cit.ie | |
Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh | hOideachas (Ealaín agus Dearadh in éineacht leis na Meáin Dhigiteacha) | lit.ie | |
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha | hOideachas (Ealaín agus Dearadh) | ncad.ie | |
Coláiste Hibernia | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | https://hiberniacollege.com/ |
Tacaíocht airgeadais do mhic léinn
Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh ann, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile:
Item was unpublished or removed eolas ar chláir scoláireachtaí agus ar chláir sparánachtaí eile nach bhfuil san áireamh ar studentfinance.ie.
Suíomh gréasáin SUSI do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás náisiúnta deonaithe na hÉireann maidir le gach deontas breisoideachais agus ardoideachais
Is múinteoir cáilithe cheana féin mé, táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
Táim i mo mhúinteoir cáilithe cheana féin, táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
1. Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
2. Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn
3. Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
4. An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
Ní mór do gach múinteoir in earnálacha na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an bhreisoideachais clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta le go n-íocfaidh an Stát tuarastal leo. Féadfar sonraí iomlána maidir leis an bpróiseas clárúcháin a fháil anseo
Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn
Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta iarratais ó mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éirinn a bhreithniú má tá siad cáilithe go hiomlán ina máthairthír. Féadfaidh clárúchán in Éirinn, má cheadaítear é, a bheith faoi réir coinníollacha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ort dul faoi roinnt oiliúna sa bhreis.
Tá sé de cheart ag múinteoirí a cháiligh i mballstát de chuid an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí aitheantas dá gcuid cáilíochtaí in Éirinn.
Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn
Ní mór do gach múinteoir in earnálacha na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an bhreisoideachais clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta le go n-íocfaidh an Stát tuarastal leo. Féadfar sonraí iomlána maidir leis an bpróiseas clárúcháin a fháil anseo
Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn
Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta iarratais ó mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éirinn a bhreithniú má tá siad cáilithe go hiomlán ina máthairthír. Féadfaidh clárúchán in Éirinn, má cheadaítear é, bheith faoi réir coinníollacha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ort dul faoi roinnt oiliúna sa bhreis.
Tá sé de cheart ag múinteoirí a cháiligh i mballstát de chuid an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí aitheantas dá gcuid cáilíochtaí in Éirinn.
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Cuireann an Roinn Oideachais deiseanna i gcomhair forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí ar fáil i raon leathan réimsí. Cliceáil anseochun tuilleadh eolais a fháil.
Tá SFGM ar an tseirbhís tacaíochta aonair is mó a sholáthraíonn deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i raon de réimsí oideolaíocha, curaclaim agus oideachais.
Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM ina dtugtar forléargas cuimsitheach ar thírdhreach múinteoireachta na hÉireann, dar teideal “Ag múineadh in Éirinn”
Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM https://www.pdst.ie/teachinginireland
An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha rannpháirtíocht Múinteoirí Imirceacha a Oileadh go hIdirnáisiúnta (IIETanna) a mhéadú i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann. Is í Institiúid Oideachais Marino a bhunaigh an tionscadal agus tá sé á chómhaoiniú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus ag an Roinn Oideachais. Soláthraíonn an tionscadal eolas, comhairle agus oiliúint do mhúinteoirí imirceacha a cháiligh lasmuigh d’Éirinn, chun cabhrú leo leanúint lena ngairm in Éirinn.
Faigh tuilleadh eolais anseo.
Tuilleadh Eolais maidir leis an Múinteoireacht in Éirinn
Tuilleadh eolais maidir leis an múinteoireacht in Éirinn
1. Múinteoireacht bunscoile
2. Múinteoireacht Iar-bhunscoile
3. Tacaíocht Airgeadais do Mhic Léinn
4. Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa OTM)
5. Earcú agus Fostú Múinteoirí
6. Riachtanais earcaíochta – Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
7. Scála Tuarastail
8. Saoire
9. Scoilbhliain
10. Fostaíocht le Coimisiún na Scrúduithe Stáit
11. Forbairtí Curaclaim
12. Forbairt Ghairmiúil Leanúnach(FGL)
13. Seirbhísí Tacaíochta agus Ceannaireacht
14. An Chomhairle Mhúinteoireachta
15. Cigireacht ROS / Féinmheastóireacht Scoile / Ag Breathnú ar na Scoileanna Againne
16. An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
Múinteoireacht Bunscoile
Déanann múinteoirí bunscoile an réimse d’ábhair bhunscoile a mhúineadh do leanaí idir ceithre bliana agus dhá bhliain déag d'aois. Tá riachtanais Ghaeilge i gceist don mhúinteoireacht bunscoile – ní mór go mbeadh múinteoirí ábalta an Ghaeilge a mhúineadh agus ní mór go mbeadh staidéar déanta acu ar an nGaeilge go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.
Féadfaidh tú dul faoi oiliúint le bheith i do mhúinteoir bunscoile trí fhochéim a dhéanamh nó staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don iarchéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO). Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe d’oideachas tosaigh múinteoirí a fháil anseo.
Tá íosriachtanais sa mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta de dhíth chun bheith i do mhúinteoir bunscoile. Féadfar sonraí iomlána maidir le riachtanais iontrála a fháil Item was unpublished or removed
Múinteoireacht Iar-bhunscoile
Féadfaidh tú dul faoi oiliúint le bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile trí fhochéim a dhéanamh agus staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don iarchéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO). Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe OTM a fháil anseo
Má tá tú ag déanamh iarratais ar an MGO ,ba cheart go mbeadh ar a laghad ábhar amháin ó chlár na hArdteistiméireachta agat mar chuid de do chéim.
Ní gá do mhúinteoirí iar-bhunscoile cáilíocht sa Ghaeilge a bheith acu mura bhfuil siad fostaithe ag scoil Ghaeltachta nó ag Gaelcholáiste áit a ndéanann múinteoirí an teagasc trí Ghaeilge.
Tacaíocht Airgeadais do Mhic Léinn
Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag www.studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile:
- Item was unpublished or removed - eolas ar chláir scoláireachtaí agus ar chláir sparánachtaí eile nach bhfuil san áireamh ar studentfinance.ie
- SUSI - Suíomh gréasáin do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás náisiúnta deonaithe na hÉireann maidir le gach deontas breisoideachais agus ardoideachais
Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa OTM)
Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí a bhíodh faoi ghannionadaíocht sa mhúinteoireacht go hiondúil:
Do Mhúinteoireacht Bunscoile
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC)
- Baitsiléir Oideachais - Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Ollscoil Mhá Nuad (MU)
- Téigh leis an Múinteoireacht
Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS):
- Clár Rochtana um Oideachas Múinteoirí
Institiúid Oideachais Marino (MIE):
- Tobar
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh(UCC):
- Bealaí Nua Teagaisc
Do Mhúinteoireacht Iar-bhunscoile
Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste San Aingeal, Sligeach
- Tionscadal APT
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD):
- I can teach
Institiúid Oideachais Marino (MIE):
- Tobar
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC):
- Bealaí Nua Teagaisc
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár um Rochtain ar an Ard-Oideachas (PATH) cliceáil anseo.
Chun eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh tríd an mBealach Rochtana (HEAR/DARE) cliceáil anseo
Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa OTM)
Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí a bhíodh faoi ghannionadaíocht sa mhúinteoireacht go hiondúil:
Do Mhúinteoireacht Bunscoile
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC)
Ollscoil Mhá Nuad (MU)
Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS):
Institiúid Oideachais Marino (MIE):
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh(UCC):
Do Mhúinteoireacht Iar-bhunscoile
Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste San Aingeal, Sligeach
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD):
Institiúid Oideachais Marino (MIE):
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC):
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár um Rochtain ar an Ard-Oideachas (PATH) cliceáil anseo.
Chun eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh tríd an mBealach Rochtana (HEAR/DARE) cliceáil anseo
Earcú agus Fostú Múinteoirí
Is é bord bainistíochta na scoile a earcaíonn agus a fhostaíonn formhór na múinteoirí agus is í an Roinn Oideachais a íocann iad. I gcás scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO), is é an BOO a earcaíonn, a fhostaíonn agus a íocann múinteoirí.
Féadfaidh tú post múinteoireachta a lorg:
Poist Bhuana agus Poist Shealadacha | Subseeker (educationposts.ie) |
staffroom.ie | |
etbjobs.ie | |
etbvacancies.ie | |
Poist Ionadaíochta | INTO Teacher Connect |
ASTI Substitute Placement Scheme | |
Subseeker (educationposts.ie) |
Riachtanais earcaíochta – Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
De réir dlí, ní mór go ndéanfadh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin grinnfhiosrúchán ar dhaoine atá ag obair le leanaí agus le daoine leochaileacha. Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta an Grinnfhiosrúchán maidir le Múinteoirí in Éirinn a riar ar son fostóirí (scoileanna agus BOOanna). Ceanglaítear ar scoileanna/ BOOanna freisin an nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil agus a mheas chun críocha fostaíochta.
Scála Tuarastail
Tá Item was unpublished or removed incrimintigh i bhfeidhm do mhúinteoirí bunscoile agus do mhúinteoirí iar-bhunscoile.
Féadfar creidiúint incriminteach a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile / iar-bhunscoile mar aitheantas do sheirbhís múinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta chun dul chun cinn ar an scála tuarastail incriminteach. Féadfar sonraí iomlána a fháil Item was unpublished or removed
Saoire
Tá doiciméad cuimsitheach ag an Roinn Oideachais ina gclúdaítear gach gné de shaoire do mhúinteoirí. Clúdaítear ann freisin an riachtanas maidir le clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Alt 30). Féadfar breis sonraí a fháil Item was unpublished or removed
Scoilbhliain
Ceanglaítear ar scoileanna a bheith oscailte ar feadh 167 lá ar a laghad ar leibhéal na hiar-bhunscoile agus ar feadh 183 lá ar a laghad ar leibhéal na bunscoile.
Féadfar sonraí iomlána maidir le dátaí laethanta saoire scoile a fháil Item was unpublished or removed
Fostaíocht le Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú a dhéanamh ar scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus ar Scrúdú na hArdteistiméireachta. Fostaíonn CSS na mílte múinteoirí gach bliain ar bhonn sealadach gearrthéarmach chun feitheoireacht a dhéanamh ar na scrúduithe Stáit agus iad a mharcáil.
Forbairtí Curaclaim
Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) comhairle ar an Aire Oideachais maidir le:
- curaclam agus measúnacht d’oideachas na luath-óige, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna:
- nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus scrúduithe ar ábhair atá mar chuid den churaclam
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach(FGL)
Cuireann an Roinn Oideachais deiseanna i gcomhair forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí ar fáil i raon leathan réimsí.
Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM ina dtugtar forléargas cuimsitheach ar thírdhreach múinteoireachta na hÉireann, dar teideal “Ag múineadh in Éirinn”
Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM www.pdst.ie/teachinginireland
Seirbhísí Tacaíochta agus Ceannaireacht
Lárionad Ceannaireachta Scoile
Comhpháirtíocht idir LPBÉ/CNPPT agus an Roinn Oideachais is ea Lárionad Ceannaireachta Scoile (LCS). Léiríonn sé athrú nua agus tugann sé deis uathúil chun contanam comhleanúnach d'fhorbairt ghairmiúil a fhorbairt do cheannairí scoile. Tá sé mar chuspóir comhroinnte go mbeidh an tIonad ina ionad barrfeabhais do cheannaireacht scoile agus ina phríomhsholáthraí tacaíochtaí
An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí
Seirbhís tacaíochta do mhúinteoirí de chuid na Roinne Oideachais is ea an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM) atá á hóstáil ag Ionad Oideachais Mhuineacháin. Tá sé mar aidhm ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí tacú le scoileanna agus an Creat don tSraith Shóisearach (2015) á chur in bhfeidhm acu agus chuige sin forbairt ghairmiúil leanúnach cuí ar ardchaighdeán a sholáthar do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí chomh maith le hacmhainní éifeachtacha teagaisc agus foghlama a sholáthar.
An Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí
Seirbhís tacaíochta tiomnaithe d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) de chuid na Roinne Oideachais is ea an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (CNIM).
Tá creat náisiúnta d’fhoghlaim múinteoirí á fhorbairt ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair. Féach Cosán
Tá SFGM ar an tseirbhís tacaíochta aonair is mó a sholáthraíonn deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i raon de réimsí oideolaíocha, curaclaim agus oideachais.
Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM ina dtugtar forléargas cuimsitheach ar thírdhreach múinteoireachta na hÉireann, dar teideal “Ag múineadh in Éirinn”
Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM www.pdst.ie/teachinginireland
An Chomhairle Mhúinteoireachta
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta is ea an Chomhairle Mhúinteoireachta, a chuireann caighdeáin ghairmiúla chun cinn agus a dhéanann iad a rialú sa mhúinteoireacht.
Cigireacht ROS / Féinmheastóireacht Scoile / Ag Breathnú ar na Scoileanna Againne
Próiseas comhoibríoch, ionchuimsitheach agus machnamhach maidir le hathbhreithniú inmheánach scoile is ea féinmheastóireacht scoile. Is cur chuige bunaithe ar fhianaise atá ann, ina mbailítear eolas ó réimse foinsí agus ina ndéantar breithiúnais ina dhiaidh sin. Déantar é sin ar fad chun feabhas a chur ar fhoghlaim scoláirí.
Tá an suíomh gréasáin seo á óstáil ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus ceapadh é chun tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile agus iad i mbun an phróisis féinmheastóireachta scoile.
An Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha
Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha rannpháirtíocht Múinteoirí Imirceacha a Oileadh go hIdirnáisiúnta (IIETanna) a mhéadú i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann. Is í Institiúid Oideachais Marino a bhunaigh an tionscadal agus tá sé á chómhaoiniú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ag an Roinn Oideachais. Soláthraíonn an tionscadal eolas, comhairle agus oiliúint do mhúinteoirí imirceacha a cháiligh lasmuigh d’Éirinn, chun cabhrú leo leanúint lena ngairm in Éirinn.
Faigh tuilleadh eolais anseo.
#múnlaighantodhchaí