Earcaíocht, Clárú agus Cáilíochtaí i leith Múinteoirí
- Foilsithe: 22 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Lúnasa 2023
Ceapachán múineoirí
Is saincheist don údarás scoile aonair í ceapachán múinteoirí, faoi réir nósanna imeachta comhaontaithe, agus ní mór an reachtaíocht iomchuí ar fad a chur san áireamh.
Níor cheart ach pearsanra cláraithe agus cáilithe a bheith fostaithe ag scoileanna agus ba cheart fostaíocht a thairiscint do mhúinteoirí dífhostaithe sula ndéanfaí í a thairiscint dóibh siúd a chuaigh ar scor.
Cáilíochtaí
Is é an Chomhairle Múinteoireachta an comhlacht reachtúil i bPoblacht na hÉireann i leith aithint na gcáilíochtaí múinteoireachta agus i leith chlárú na múinteoirí.
Ciorclán 0031/2011 Critéir maidir le hEarcaíocht Múinteoirí, Clárú agus Cáilíochtaí
Riachtanas clárú
Faoi alt 30 d’Acht na Comhairle Múinteoireachta 2001 ní mór do dhaoine atá fostaithe mar mhúinteoirí i scoileanna aitheanta a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta le híocaíocht a fháil in airgead poiblí ón Roinn Oideachais agus Scileanna nó ETB.
Tugtar sa chiorclán seo nuashonrú d’fhostóirí maidir leis na hathruithe sealadacha atá ann faoi láthair ar mhúinteoirí fochéime sa 3ú agus sa 4ú bliain a fhostú agus ar chur i bhfeidhm ‘riail 5 lá’ ar a bhfostaíocht ón 15 Feabhra 2022 go dtí an 30 ú Meitheamh 2022.
Teagmháil
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie
Féach freisin
- Foirmeacha Ceapachán
- An Chomhairle Múinteoireachta ar mhaithe le faisnéis maidir le clárú agus cáilíochtaí.
- Ciorclán 0044/2019
- Tosú Riachtanais Reachtúla do Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána