Eolas do Scoileanna maidir le Sonraíochtaí Leasaithe agus Nua a Sheachadadh
- Foilsithe: 27 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
- Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
- Nótaí Eolais do Scoileanna
- Comhpháirteanna Measúnaithe Breise
- Páipér Scrúdaithe Shamplacha
- Foirm Toilithe
- Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
I mí Mheán Fómhair 2023, d’fhógair an tAire Oideachais go dtabharfar isteach sonraíochtaí leasaithe le haghaidh seacht n-ábhar de chuid na Sraithe Sinsearaí Seanbhunaithe atá ann cheana féin i scoileanna ó scoilbhliain 2025/26.
Is iad na hábhair seo ná Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Araibis, Laidin, Sean-Ghréigis, agus Gnó.
San áireamh mar chuid de na forbairtí bunathraithe seo tabharfar isteach dhá ábhar nua de chuid na Sraithe Sinsearaí, Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta, agus Gníomhú ar Son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Tabharfar isteach an dá ábhar nua seo ar bhonn céimnithe, ar dtús i líonra beag de scoileanna (Scoileanna Chéim a hAon), ag tús scoilbhliain 2025/26.
Agus an cur chuige seo á ghlacadh, tá scoileanna in ann tacaíocht a fháil nuair a thugtar isteach an t-ábhar nua agus le machnamh a dhéanamh ar éifeachtacht na dtacaíochtaí sin de réir mar a thairgtear an t-ábhar do níos mó scoileanna ina dhiaidh sin. Dhún an glao ar iarratais ar an 19 Aibreán 2024. Tá liosta an 100 scoil Chéim a hAon a roghnaíodh ar fáil ar líne anseo.
An bhliain seo caite, d’fhógair an tAire Deontas Tacaíochta um Fheidhmiú Eolaíochta ar fiú €12 mhilliún é chun tacú le scoileanna le hábhair eolaíochta na Sraithe Sinsearaí leasaithe a chur i bhfeidhm céimneach. Tá tuilleadh sonraí faoi na deontais seo agus conas leas a bhaint as na deontais ar fáil anseo.
Is iad seo a leanas an dara sraith d’ábhair leasaithe, atá le tabhairt isteach chuig scoileanna ag tús scoilbhliain 2026/27; Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Tíreolaíocht, Nascmhodúil GCAT, agus Corpoideachas. Tá moill bliain amháin ar a laghad curtha le Béarla agus Cuntasaíocht, a bhí le tabhairt isteach anseo i dTráinse 2. Tá sin amhlaidh mar gheall ar scrúdú breise a dhéanamh, i gcomhairle le scoileanna, ar na gnéithe pleanála, forfheidhmithe agus achtaithe den dá ábhar.
Tabharfar isteach sraitheanna eile d’ábhair leasaithe gach bliain ina dhiaidh sin. Moltar do scoileanna dul i ngleic leis an bpróiseas comhairliúcháin atá faoi threoir an CNCM de réir mar a dhéantar dréachtsonraíochtaí nua a fhoilsiú.
Nótaí Eolais do Scoileanna
Eisíonn an Roinn Oideachais agus Óige nótaí Eolais rialta um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí chuig scoileanna. Sna nótaí seo, cuirtear tuairiscí chun dáta ar fáil do phobail scoileanna maidir le cur i bhfeidhm an chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí ar bhonn céimneach. Tá na nótaí Eolais ar fáil thíos agus tá fáilte roimh scoileanna naisc a chur ar fáil óna suíomhanna gréasáin agus ó láithreacha digiteacha eile chucu.
Comhpháirteanna Measúnaithe Breise
I ngach ceann de na hábhair nua agus leasaithe, cuirfear comhpháirteanna measúnaithe breise (CMBanna) san áireamh nach scrúdú traidisiúnta scríofa iad. Beidh 40% de na marcanna atá ar fáil ag gabháil leis na comhpháirteanna seo agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
Leis na CMBanna, tá sé mar aidhm an brú ar scoláirí a laghdú a tharlaíonn de bharr measúnuithe deiridh atá bunaithe go príomha ar scrúduithe scríofa a reáchtáiltear ag deireadh an tséú bliain. Tá na CMBanna seo deartha chun measúnú ar scileanna agus príomhinniúlachtaí na scoláirí, a forbraíodh trí staidéar a dhéanamh ar a n-ábhar roghnaithe, ar bhealach nach féidir a dhéanamh trí scrúdú deiridh scríofa.
Tá Treoirlínte ar Chomhpháirteanna Measúnaithe Breise (CMBanna) ar fáil ar examinations.ie anseo.. Eiseofar treoir shamplach don CMB d’ábhair thráinse a haon chuig scoileanna i mí Mheán Fómhair. Eiseofar Rialacha agus Nósanna Imeachta ar an Obair Chúrsa freisin. Eiseofar treoir bheo do CMBanna le haghaidh 8 n-ábhar i mí Eanáir 2026.
Páipér Scrúdaithe Shamplacha
Tá ceithre pháipéar scrúdaithe shamplacha – dhá pháipéar Ardleibhéil agus dhá pháipéar Gnáthleibhéil - do gach ábhar i dTráinse 1 ar fáil ar examinations.ie anseo.
Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de Chláir Foghlama – scoláirí ag clárú
Foirm Toilithe
Ba chóir toiliú i scríbhinn a lorg ó thuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí atá rannpháirteach i gClár Foghlama Leibhéal 1 de chuid na Sraithe Sinsearaí nó i gClár Foghlama Leibhéal 2 de chuid na Sraithe Sinsearaí, chun a rannpháirtíocht a thaifeadadh sa chlár foghlama trí an mBunachar Sonraí Iar-Bhunscoile Ar Líne. Ba chóir an fhoirm toilithe seo a chomhlánú agus a chur ar ais chuig scoil an scoláire.
Ba chóir don scoil an fhoirm seo a choimeád le linn don scoláire a bheith rollaithe agus ba chóir go mbeadh sí curtha ar fáil lena hiniúchadh ag oifigeach de chuid na Roinne nó d’Oifig an Choimisinéara um Chosaint Leanaí, más gá.
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Agus na sonraíohtaí nua á dtabhairt isteach, tá tacaíocht á fáil ó chlár foghlama gairmiúla múnteoirí (FGM) cuimsitheach a mhaireann ceithre bliana le haghaidh na n-ábhar atá á gcur ar fáil ag Oide.
Tá an clár FGM a mhaireann ceithre bliana deartha chun an fhoghlaim ghairmiúil riachtanach agus na tacaíochtaí a chur ar fáil do mhúinteoirí sula dtugtar isteach na hábhair agus ar bhonn leanúnach de réir mar a théann scoláirí agus múinteoirí i dtaithí go pearsanta ar na sonraíochtaí nua agus ar na socruithe measúnaithe sa seomra ranga.
Ar shuíomh gréasáin Oide, cuirtear eolas ar fáil maidir le Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí le haghaidh na n-ábhar nua agus leasaithe agus maidir le fógraí faoi dhátaí oiliúna, etc., atá ar fáil anseo.