English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Eolas d’oideachasóirí agus ceannairí luathbhlianta



Cigearachtaí Oideachas-dhírithe ar na Luathbhlianta

Déantar Cigireachtaí atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta i seirbhísí luathbhlianta atá rannpháirteach i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is clár é seo lena soláthraítear tréimhse chúram agus oideachas Luathóige saor in aisce do leanaí roimh dóibh tosú ar an scoil.

Le linn na gcigireachtaí seo déanaimid measúnú ar cháilíocht nádúr, raon agus oiriúnacht na n-eispéireas luathoideachais do leanaí a ghlacann páirt i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is í príomhghníomhaíocht nacigireachta atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta ná go bhféachann an cigire ar phróisis agus ar chleachtais a bhaineann le foghlaim na leanaí i seomra nó i limistéar foghlama amháin nó níos mó díobh, sa suíomh luathbhlianta.

I ndeireadh gach cigireachta tugaimid aiseolas do na cleachtóirí agus d’úinéirí/bainisteoirí (má tá siad ar fáil) luathbhlianta maidir le cáilíocht soláthar oideachais sa suíomh. Ina dhiaidh sin seolaimid tuarascáil i scríbhinn chuig an réamhscoil a ndearnadh cigireacht uirthi. Sa tuarascáil seo mínítear torthaí na cigireachta agus tugtar comhairle i dtaobh tuilleadh forbartha a dhéanamh, nó feabhas a chur, ar an soláthar oideachais sa suíomh. Foilsítear tuarascáil na cigireachta ar ár suíomh gréasáin agus ar shuíomh na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.


Cigireacht Leantach Luathbhlianta

Déanann cigireacht leantach luathbhliantat ar an dul chun cinn atá déanta ag seirbhís luathbhlianta ar fheidhmiú moltaí a rinneadh i gcigireacht níos luaithe nuair a foilsíodh nó nuair a eisíodh tuairisc scríofa chuig an seirbhís. Is iad na moltaí sa tuairisc a foilsíodh nó a eisíodh a chinneann formáid na cigireachta.

Ceadaíonn an próiseas solúbthacht imleor chun fianaise a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm roinnt de na príomh-mholtaí, nó iad uile, a rinneadh sa tuairisc chigireachta bhunaidh. Soláthraímid aiseolas ó bhéal ag deireadh na gcigireachtaí agus soláthraímid tuarascáil scríofa a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin.


Féach ar thuarascálacha cigireachta na luathbhlianta


Treoir don Chigireacht Oideachas Luathbhlianta: Breith go Sé

Treoir um Chigireacht Oideachais Luathbhlianta (COL) - Uasdátaithe i mí Eanáir 2025
Sa treoir seo, tugtar breac-chuntas ar conas a reáchtálann Cigireacht na Roinne cigireachtaí um oideachas sna luathbhlianta. Cuirtear é in ionad na leaganacha roimhe seo den treoir a foilsíodh in 2016, 2018 agus 2022
Amharc amharc

Léargais webinars


Comhairliúchán Cigireachta Oideachais Luathbhlianta


Foilseacháin Chigireachtaí Oideachais Luathbhlianta

Athbhreithniú Ar Chigireachtaí Dírithe Ar Oideachas Sna Luathbhlianta: Aibreán 2016 - Meitheamh 2017
Tugann Athbhreithniú Chéad Bhliain Feidhme na Cigireachta Oideachas-dhírithe Luathbhlianta an chéad mheastóireacht shonrach, ilchodach ar nádúr agus ar cháilíocht an tsoláthair agus an chleachtais don oideachas luathbhlianta faoin gclár COLÓ.
Amharc amharc

Nós Imeachta Athbhreithnithe do Chigireachtaí ar Scoileanna agus ar Mhúinteoirí de réir Alt 13 (9) den Acht Oideachais (1998)


Cód Cleachtais don Chigireacht

Cód Cleachtais do Chigireacht na Roinne Oideachais 2024
Leagtar amach sa doiciméad seo na prionsabail agus na caighdeáin ghinearálta atá faoi réir obair Chigireacht na Roinne Oideachais. Tagann sé in áit an leagan roimhe seo a foilsíodh in 2015.
Amharc amharc

Inspection of ELC and SAC by TUSLA

Early Learning and Care (ELC) and School Age Childcare (SAC) settings are also inspected by the TUSLA Early Years Inspectorate.

The Tusla Early Years Inspectorate is the independent statutory regulator of ELC and SAC services in Ireland. It is responsible for the registration and inspection of all ELC and SAC services including playgroups, day nurseries, crèches, day care, school-age childcare, and similar services catering for children aged 0–14 years.

The Tusla Early Years Inspectorate is committed to ensuring that children attending ELC and SAC services are safe, that they receive appropriate care and have a positive experience where they can develop and learn in a quality service. This is achieved through the registration, inspection and enforcement processes prescribed by law and implemented by the Tusla Early Years Inspectorate.

Tusla inspects all ELC services at least once every three years and, in some cases, more frequently. Inspections assess the service’s compliance with the Regulations and, in particular:

  • that the service is well governed,
  • the health, welfare and development of each child is supported,
  • children are safe in the service, and
  • the premises are safe and suitable for children’s early learning and care.

Following an inspection, the Inspectorate will provide the service with a draft inspection report. Where non-compliances are found, the service will have an opportunity to respond and to rectify any such non-compliance. The final published inspection reports are publicly available and can be found here. More information on the Tusla Early Years Inspectorate can be found here.