English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Eolas le haghaidh leanaí agus daoine óga maidir le cigireacht



Eolas le haghaidh leanaí agus daoine óga maidir le cigireacht

Tá an Chigireacht an-tiomanta éisteacht a thabhairt do ghuth leanaí agus daoine óga. Is mian léi cabhrú le leanaí agus le daoine óga a dtuairimí a chur in iúl le linn cigireachta agus aird chuí a thabhairt ar a dtuairimí mar chuid de phróiseas cumhachtaithe a rachaidh chun tairbhe dóibh, do scoileanna/suíomhanna agus don Chigireacht.

Táthar ag súil go gcabhróidh na tacaíochtaí ar an leathanach seo le leanaí agus daoine óga a bheith níos eolaí faoi chigireachtaí ionas gur féidir leo idirghníomhú níos muiníní leis na cigirí a thugann cuairt ar a scoil/suíomh. Is é an sprioc atá ag an gCigireacht ná deiseanna rannpháirtíochta daoine óga a fheabhsú ag gach ceann de na trí chéim chigireachta: roimh, le linn agus tar éis.


Eolas le haghaidh leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ)

Treoir linbh ar chigireacht sa réamhscoil
Leis an mbileog/bpóstaer seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Táthar ag súil go gcabhróidh duine fásta leis an bpáiste an treoir seo a léamh.
Amharc amharc
Ag Bualadh leis an gCigire Treoir linbh ar chigireacht sa réamhscoil
Leis an ríomhleabhar seo, tugtar eolas do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige faoi chigireacht agus faoi obair chigirí na Roinne Oideachais. Táthar ag súil go gcabhróidh duine fásta leis an leanbh an treoir seo a léamh.
Amharc amharc

Buail leis an gCigire: do leanaí luathbhlianta

Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht agus faoi obair chigirí na Roinne Oideachais do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige.


Eolas le haghaidh Leanaí i mBunscoileanna

Treoir do dhaltaí ar chigireacht i mbunscoileanna
Leis an mbileog/bpóstaer seo, cuirtear eolas ar fáil do pháistí i mbunscoileanna faoi chigireacht.
Amharc amharc

Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do pháistí i mbunscoileanna.

Treoir le haghaidh Daltaí Bunscoile maidir le Grúpaí Fócais le linn Cigireachta

Mínítear san fhíseán gearr seo do pháistí bunscoile an chaoi a n-idirghníomhaíonn cigirí leo agus a n-oibríonn siad leo le linn cigireachta. Breathnaítear go háirithe ann ar rannpháirtíocht leanaí i ngrúpaí fócais.


Eolas le haghaidh daoine óga in iar-bhunscoileanna

Treoir don Duine Óg maidir le Cigireachtaí in Iar-bhunscoileanna
Is doiciméad achomair é Treoir don Duine Óg maidir le Cigireachtaí in Iar-bhunscoileanna a mhíníonn cuspóir na cigireachta. Tugtar breac-chuntas ann ar a dtarlaíonn nuair a thugann cigirí cuairt ar scoil agus ar na cineálacha éagsúla cigireachtaí a tharlaíonn in iar-bhunscoileanna.
Amharc amharc

Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do dhaoine óga san iar-bhunscoil.

Treoir le haghaidh Scoláirí Iar-bhunscoile faoi Ghrúpaí Fócais le linn Cigireachta (Nollaig 2022)

Mínítear san fhíseán gearr seo do dhaoine óga an chaoi a n-idirghníomhaíonn cigirí agus a n-oibríonn siad le scoláirí le linn cigireachta. Breathnaítear go háirithe ann ar rannpháirtíocht daoine óga i bhfócasghrúpaí.


Ag éisteacht le tuairimí na scoláirí le linn cigireachta

San fhíseán gearr seo cuireann scoláirí ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh agallamh ar an bPríomhchigire faoi thábhacht Airteagal 12 CNACL 1989 agus éisteacht le tuairimí na scoláirí le linn cigireachta.

Féach freisin

Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Amharc amharc
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile
Amharc amharc
Uasdátú ón gCigireacht le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga - Nollaig 2023
Is uasdátú é an doiciméad seo ar obair na Cigireachta le haghaidh leanaí agus daoine óga mar a bhaineann leis an scoilbhliain 2023-2024.
Amharc amharc