English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Eolas Párolla Ginearálta


Eolas párolla do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc agus le pearsanra scortha.


Cad é m’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)

Is ionann d’uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) agus uimhir 7 ndigit dar críoch 1 litir nó 2 litir agus tá sí le feiceáil ar do dhuillín pá agus ar chomhfhreagras eile a d’fhéadfá a fháil ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Cad a dhéanfaidh mé má athraíonn m’uimhir PSP

Gheobhaidh tú fógra ó Sheirbhísí Aitheantais Chliant, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Ní mór an fógra a seo faoi bhráid an réimse párolla chuí chun a áirithiú go dtabharfar do thaifid suas chun dáta. Má tá tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, cuir in iúl dóibh faoi d’uimhir PSP nua.


Conas is féidir liom mo Shonraí Seolta / Sloinne / Cuntais Bhainc a athrú?

Chun críocha Cosaint Sonraí, ní mór gach athrú ar shonraí pearsanta a chur isteach i scríbhinn agus a bheith sínithe. Luaigh d’Uimhir Phárolla / UPSP agus cuir in iúl an t-athrú cruinn atá ag teastáil. I gcás athrú ainm, cuir isteach cóip den Deimhniú cuí. Ba chóir an fógra a sheoladh chuig an réimse párolla cuí, An Rannóg Párolla, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659


Uimhir Chláraithe Fostóra

Éilítear ar gach Fostóir clárú le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim chun críocha ÍMAT. Is éagsúil atá na huimhreacha Cláraithe Fostóra a bhaineann leat, ag brath ar an earnáil ina bhfuil tú fostaithe. Seo a leanas na huimhreacha atá in úsáid ag an Rannóg Párolla:

  • Párolla na Múinteoirí Iarbhunscoile – 0081300S
  • Párolla na Múinteoirí Bunscoile – 4000099H
  • Párolla na mBall Foirne ar Scor – 4001495U
  • Párolla na mBall Foirne Neamh-Theagaisc - 9599516K

Tá gá agat le hUimhir Chláraithe d’Fhostóra chun críocha cánach. Ba chóir duit a áirithiú go n-eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú cánach reatha chuig Uimhir Chláraithe d’Fhostóra, nó gearrfar cáin ort ag rátaí éigeandála.

Nóta Faisnéise Párolla do Muinteoirí Bunscoile
Sa doiciméad seo, déantar faisnéis i ndáil le tuarastal agus asbhaintí a leagan amach go hachomair
Amharc amharc
Nóta Faisnéise Párolla Do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile
This document briefly sets out information in relation to salary and deductions.
Amharc amharc
Nóta Faisnéise Párolla Do Chúntóirí Riachtanais Speisialta
Sa doiciméad seo, déantar faisnéis i ndáil le tuarastal agus asbhaintí a leagan amach go hachomair
Amharc amharc

Naisc Ghaolmhara:

Rannóg Párolla